Clár faisnéise Ghaeilge Ag Taisteal Siar ag craoladh ar TG4
Is clár faisnéise lánfhada do TG4 é Ag Taisteal Siar a dhéanann iniúchadh ar oidhreacht shaibhir cheoil phobal an Lucht Siúil in Éirinn—pobal atá ina fhórsa lárnach i gceol na tíre le céadta bliain agus go háirithe ó bhorradh na mbailéad sna 1960idí.
Bunaithe ar thraidisiún láidir béaloidis, amhránaíochta agus scéalaíochta, tá ról ríthábhachtach ag ceol an Lucht Siúil i bhféiniúlacht chultúrtha na hÉireann, ag caomhnú a stair agus ag dul i bhfeidhm ar ghlúine iomadúla ceoltóirí.
Craolfar an clár ar TG4 agus TG4.ie Dé Domhnaigh, 5ú Aibreán ar 21.30.
Coimisiúnaíodh Ag Taisteal Siar faoin gclár ilDÁNA le TG4 agus An Chomhairle Ealaíon, le tacaíocht ó Choimisiún na Meán agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.
Le hagallaimh phearsanta agus léirithe cumhachtacha, tugann Ag Taisteal Siar le chéile grúpa eisceachtúil ceoltóirí lena n-áirítear Kathleen Keenan, Sarah Dunne, Sharyn Ward, Niamh Dunne agus Steo Wall, chomh maith le filíocht bhunaidh scríofa ag Martin Warde.
Trí cheol agus machnamh, tugann an scannán léargas tumthach ar thraidisiún beo atá fós ag forbairt, agus tugtar ómós ann d’fhinscéalta ar nós Pecker Dunne, Maggie Barry agus Johnny Doran. Léirítear a dtionchar freisin trí cheoltóirí comhaimseartha ar nós Liam Ó Maonlaí agus Damien Dempsey, rud a léiríonn snáithe saibhir ach nach mbíonn aitheanta go minic i gceol na hÉireann. Mar a deir Sarah Dunne, “Music was the trade of the Dunne people… if you’re shy or ashamed, you’ll starve to death.”
Mar a deir Steo Wall, “People are slowly understanding the impact Travellers have had on Irish music and Irish culture.” Déanann an scannán iniúchadh freisin ar na hathruithe sóisialta a mhúnlaigh an traidisiún seo, nuair a d’athraigh an t-aistriú ó shaol fánaíochta go cóiríocht shocraithe an chaoi a dtugtaí ceol agus scéalta anuas ó ghlúin go glúin.
Ag taisteal ó Bhaile Átha Cliath go hIarthar na hÉireann agus go Londain, leanann an scannán na ceoltóirí atá ag iompar na hoidhreachta seo ar aghaidh, ag cinntiú go bhfanann glór an Lucht Siúil lárnach i bhféiniúlacht chultúrtha na hÉireann.
____
Irish language feature documentary Ag Taisteal Siar airs on TG4
Ag Taisteal Siar is an Irish-language feature documentary for TG4 that explores the rich musical heritage of Ireland’s Traveller community—a driving force in Irish music for centuries and since the 1960s ballad boom.
Rooted in a powerful oral tradition of storytelling and song, Traveller music has played a vital role in shaping Ireland’s cultural identity, preserving its history while influencing generations of musicians.
The series will air on TG4 and TG4.ie on Sunday 5 April 21:30.
Ag Taisteal Siar was commissioned under the ilDÁNA programme by TG4 and The Arts Council of Ireland, with support from Coimisiún na Meán and Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.
Featuring intimate interviews and spellbinding performances, Ag Taisteal Siar brings together an extraordinary cast of musicians including Kathleen Keenan, Sarah Dunne, Sharyn Ward, Niamh Dunne and Steo Wall, alongside original poetry by Martin Warde.
Through music and reflection, the film offers an immersive portrait of a living tradition that continues to evolve, while honouring the legacy of figures such as Pecker Dunne, Maggie Barry and Johnny Doran. Their influence is echoed by artists including Liam Ó Maonlaí and Damien Dempsey, highlighting a rich but often overlooked strand of Irish music. As Sarah Dunne recalls of her father, “Music was the trade of the Dunne people… if you’re shy or ashamed, you’ll starve to death.”
As Steo Wall observes, “People are slowly understanding the impact Travellers have had on Irish music and Irish culture.” The film also reflects on the social changes that have shaped this tradition, as the move from a nomadic way of life to settled housing transformed how music and stories were passed down.
Journeying from Dublin to the West of Ireland and London, the film follows the musicians carrying this legacy forward, ensuring the Traveller voice remains central to Ireland’s cultural identity.