Skip to content

An Ciste Craoltóireachta Gaeilge

Tacaíonn an Ciste Craoltóireachta Gaeilge (CCG) le forbairt agus le léiriú ábhair Gaeilge ar ardchaighdeán do lucht féachana áitiúil agus idirnáisiúnta.

Bainistíonn Scáileán Thuaisceart Éireann an ciste. Tacaíonn sé le comhlachtaí neamhspleácha ábhar teilifíse, scannán, fuaime agus digiteach Gaeilge a chruthú agus cuireann sé le fás earnáil léiriúcháin neamhspleách na Gaeilge. Tacaíonn an CCG le hoiliúint agus le forbairt scileanna fosta, rud a chuidíonn le daoine an taithí agus an saineolas a fhorbairt atá riachtanach le bheith ag obair in earnáil léiriúcháin na Gaeilge.

Faoin Chiste Craoltóireachta Gaeilge

An animated blue-haired girl and small animal companion look startled underwater as a shadowy creature approaches.

Tacaíocht d’Ábhar Gaeilge

Bunaíodh an Ciste Craoltóireachta Gaeilge le tacú le léiriú ábhair teilifíse agus fuaime Gaeilge ar ardchaighdeán, agus leis an earnáil léiriúcháin neamhspleách i dTuaisceart Éireann a neartú.

Tá an ciste i ndiaidh a bheith forbartha le tacú le réimse leathan ábhair agus gníomhaíochta sna meáin scannán, teilifíse, raidió agus dhigiteacha. Cuireann sé le forbairt tallainne agus scileanna fosta, rud a chruthaíonn deiseanna do dhaoine atá ag obair, nó atá ag iarraidh a bheith ag obair, in earnáil scáileán agus chraoltóireacht na Gaeilge.

Tríd an CCG, oibríonn Scáileán Thuaisceart Éireann le léiritheoirí neamhspleácha agus le craoltóirí le réimse, caighdeán agus infhaighteacht ábhair Gaeilge a mhéadú do lucht féachana áitiúil agus idirnáisiúnta.

Two women take part in a hockey session on an outdoor artificial turf pitch, holding hockey sticks in the late afternoon sunlight.

Cad é atá i gceist leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge?

Is clár maoiniúcháin é an Ciste Craoltóireachta Gaeilge atá á bhainistiú ag Scáileán Thuaisceart Éireann agus a thacaíonn le forbairt agus le léiriú ábhair Ghaeilge.

Is féidir le maoiniú tacú le tionscadail incháilithe sna réimsí seo a leanas:

  • Teilifís – cláir fhaisnéise, siamsaíocht, drámaíocht agus ábhar teilifíse eile
  • Scannán – tionscadail scannán Gaeilge
  • Fuaim – ábhar raidió agus podchraoltaí Gaeilge
  • Digiteach – ábhar a chruthaítear d’ardáin dhigiteacha agus dá lucht féachana
  • Oiliúint agus scileanna – tionscnaimh a chuidíonn le scileanna agus tallann a fhorbairt in earnáil léiriúcháin na Gaeilge

Tá sé mar aidhm ag an chiste tacú le hearnáil léiriúcháin neamhspleách inbhuanaithe agus níos mó deiseanna a chruthú d’ábhar Gaeilge lucht féachana a bhaint amach ar fud Thuaisceart Éireann agus níos faide i gcéin.

Three people stand beside a display marking 20 years of the Northern Ireland Irish Language Broadcast Fund in a historic hall.

Cuspóirí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge

Tá sé mar aidhm ag an CCG tacú le cruthú ábhair Gaeilge agus le forbairt fhadtéarmach na hearnála a chruthaíonn é.

I measc a chuspóirí, tá:

Tacú le léiriú ábhair Gaeilge ar ardchaighdeán ar an scáileán, sa chraoltóireacht agus ar fud na n-ardán digiteach.

Earnáil léiriúcháin neamhspleách na Gaeilge i dTuaisceart Éireann a neartú.

  • Tacú le forbairt daoine nua agus daoine a bhfuil taithí acu sa léiriúchán Gaeilge.
  • Deiseanna oiliúna agus forbartha scileanna a chruthú.
  • Réimse agus caighdeán an ábhair Gaeilge atá ar fáil do lucht féachana a mhéadú.
  • Tacú le deiseanna inbhuanaithe do léiritheoirí neamhspleácha agus do chomhlachtaí léiriúcháin.

Dramatic portrait of three women standing together against a dark background.

Iarratas a chur isteach ar thacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

Tá an Ciste Craoltóireachta Gaeilge oscailte d’iarratasóirí incháilithe atá ag obair ar ábhar Gaeilge agus ar thionscadail forbartha earnála.

Ní hionann an próiseas iarratais agus na riachtanais incháilitheachta ag brath ar chineál an mhaoinithe atá á lorg. Ba cheart d’iarratasóirí na treoirlínte maoinithe ábhartha a léamh sula gcuireann siad iarratas isteach.

Déantar measúnú ar iarratais de réir na gcritéar foilsithe don chiste nó don tsruth maoinithe ábhartha, lena n-áirítear caighdeán agus neart an tionscadail atá molta, an méid a chuireann sé le hearnáil léiriúcháin na Gaeilge agus an cumas atá ann lucht féachana a bhaint amach.

 

Group photo of all the 2025 ILBF graduates holding certificates.

Oiliúint & Forbairt Scileanna

Tacaíonn an CCG le tallann nua, agus an tallann atá ag teacht chun cinn, fríd dheiseanna don oiliúint agus d’fhorbairt na scileanna in earnáil léirithe na Gaeilge.

I measc na ndeiseanna, tá Scéim an CCG d’Iontrálaithe Nua sna Scileanna Teilifíse, ina gcuirtear ar fáil socrúchán 12-mhí (le Fíorphá Maireachtála), atá dírithe orthu siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi shlí bheatha sa tionscal teilifíse.

Thig leat tuilleadh eolais a fháil ar dheiseanna oiliúna an CCG sa roinn Screen Careers s’againn, nó na deiseanna atá ann fá láthair a fhiosrú anseo.

Íoslódálacha Úsáideacha

Sparánacht Scileanna CCG: Tacaíocht Oiliúna do Ghairmithe Scáileáin

íoslódáil

Ceisteanna Coitianta

Tacaíonn CCG go príomha le comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha agus le léiritheoirí atá ag forbairt agus ag léiriú ábhar incháilithe Gaeilge. Tá riachtanais incháilitheachta ar leith i gceist leis na sruthanna maoinithe éagsúla.

Ba cheart d’iarratasóirí na treoirlínte ábhartha a sheiceáil lena dheimhniú an gcomhlíonann a n-eagraíocht, a dtionscadal agus an gníomhaíocht atá molta acu na riachtanais incháilitheachta sula gcuireann siad iarratas isteach.

Ag brath ar an tsruth maoinithe ábhartha, is féidir le tacaíocht an CCG cur le forbairt agus léiriú teilifíse, scannán, fuaime agus ábhair dhigitigh Gaeilge, chomh maith le hoiliúint agus forbairt scileanna.

Tá a chritéir incháilitheachta, a riachtanais iarratais agus a théarmaí tacaíochta féin ag gach sruth maoinithe.

Chun iarratas a chur isteach, ba cheart d’iarratasóirí an sruth maoinithe ábhartha ón CCG a shainaithint agus athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte reatha, ar na critéir incháilitheachta agus ar na riachtanais iarratais. Ba cheart don iarratas an t-eolas agus na hábhair thacaíochta a iarrtar don tsruth maoinithe ábhartha a chur ar fáil.

Amharc ar dheiseanna maoinithe reatha an Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus ar an treoir d’iarratais.

Tá an CCG ar cheann de chláir mhaoiniúchán Scáileán Thuaisceart Éireann, agus tacaíonn sé le forbairt thionscail an scáileáin agus na craoltóireachta i dTuaisceart Éireann.

Tacaíonn an ciste le hábhar Gaeilge agus leis na daoine agus leis na comhlachtaí a chruthaíonn é, trí mhaoiniú léiriúcháin a chur ar fáil chomh maith le deiseanna oiliúna agus forbartha scileanna.

 

Leis an eolas is deireanaí a fháil ar mhaoiniú atá ar fáil, incháilitheacht, spriocdhátaí iarratais agus treoirlínte, ba cheart d’iarratasóirí amharc ar leathanaigh na ndeiseanna maoinithe ar leith ón CCG.

Tacaíonn an ciste le hábhar incháilithe Gaeilge ar an teilifís, i scannáin, san fhuaim agus ar ardáin dhigiteacha, chomh maith le gníomhaíochtaí oiliúna agus forbartha scileanna.

Is féidir le CCG tacú le hoiliúint agus le forbairt scileanna in earnáil léiriúcháin na Gaeilge. Ní hionann na riachtanais incháilitheachta do gach clár. Mar sin, ba cheart d’iarratasóirí na treoirlínte maoinithe ábhartha a sheiceáil.

Ba cheart go mbeadh an treoir reatha maidir le hiarratais, na riachtanais incháilitheachta, agus an t-eolas ar mhaoiniú atá ar fáil, ar leathanach na deise nó an chláir ábhartha de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge.

About the Irish Language Broadcast Fund

An animated blue-haired girl and small animal companion look startled underwater as a shadowy creature approaches.

Supporting Irish Language Content

The Irish Language Broadcast Fund was established to support the production of high-quality Irish language television and radio content and to strengthen the independent production sector in Northern Ireland.

The fund has developed to support a broad range of content and activity across film, television, radio and digital platforms. It also contributes to the development of talent and skills, creating opportunities for people working, or seeking to work, in the Irish language screen and broadcast sector.

Through the ILBF, Northern Ireland Screen works with independent producers and broadcasters to increase the range, quality and availability of Irish language content for audiences locally and internationally.

Two women take part in a hockey session on an outdoor artificial turf pitch, holding hockey sticks in the late afternoon sunlight.

What is the Irish Language Broadcast Fund?

The Irish Language Broadcast Fund is a funding programme managed by Northern Ireland Screen that supports the development and production of Irish language content.

  • Funding can support eligible projects across:
  • Television – factual, entertainment, drama and other television content
  • Film – Irish language film projects
  • Radio – Irish language radio content
  • Digital – content created for digital platforms and audiences
  • Training and skills – initiatives that help develop skills and talent within the Irish language production sector

The fund is intended to support a sustainable independent production sector and increase opportunities for Irish language content to reach audiences across Northern Ireland and beyond.

 

Three people stand beside a display marking 20 years of the Northern Ireland Irish Language Broadcast Fund in a historic hall.

Objectives of the Irish Language Broadcast Fund

The ILBF aims to support both the creation of Irish language content and the long-term development of the sector that produces it.

Its objectives include:

  • Supporting the production of high-quality Irish language content across screen, broadcast and digital platforms.
  • Strengthening Northern Ireland’s independent Irish language production sector.
  • Developing new and established talent working in Irish language production.
  • Creating training and skills development opportunities.
  • Increasing the range and quality of Irish language content available to audiences.
  • Supporting sustainable opportunities for independent producers and production companies.

Dramatic portrait of three women standing together against a dark background.

Applying for Irish Language Broadcast Fund Support

The Irish Language Broadcast Fund is open to eligible applicants working on Irish language content and sector development projects.

The application process and eligibility requirements vary depending on the type of funding being sought. Applicants should review the relevant funding guidelines before submitting an application.

Applications are assessed against the published criteria for the relevant fund or strand, including the quality and strength of the proposed project, its contribution to the Irish language production sector and its potential to reach audiences.

Group photo of all the 2025 ILBF graduates holding certificates.

Training & Skills Development

The ILBF supports emerging and established talent through training and skills development opportunities in Irish language production.

Opportunities include the ILBF New Entrants Scheme in Television Skills, which offers a 12-month paid placement (at minimum wage) for people looking to begin a career in the television industry.

You can find out more about ILBF training opportunities in our Screen Careers section or explore current opportunities here.

Useful Downloads

Sparánacht Scileanna CCG: Tacaíocht Oiliúna do Ghairmithe Scáileáin

Download

Faoin Sparánacht Forbartha Scileanna CCG

Download

FAQS

The ILBF primarily supports independent production companies and producers developing and producing eligible Irish language content. Specific eligibility requirements apply to different funding strands.

Applicants should check the relevant guidelines to confirm whether their organisation, project and proposed activity meet the eligibility requirements before applying.

Depending on the relevant funding strand, ILBF support can contribute to the development and production of Irish language film, television, radio and digital content, as well as training and skills development.

Each funding strand has its own eligibility criteria, application requirements and terms of support.

To apply, applicants should identify the relevant ILBF funding strand and review the current guidelines, eligibility criteria and application requirements. Applications should provide the information and supporting materials requested for the relevant funding strand.

The fund supports eligible Irish language content across film, television, radio and digital platforms, alongside training and skills development activity.

The ILBF can support training and skills development within the Irish language production sector. Eligibility varies by programme, so applicants should check the relevant funding guidelines.

The ILBF can support training and skills development within the Irish language production sector. Eligibility varies by programme, so applicants should check the relevant funding guidelines.

Current application guidance, eligibility requirements and information on available funding should be provided on the relevant Irish Language Broadcast Fund opportunity or programme page.