A new six-part documentary series exploring ADHD through one Irish speaker’s search for answers, to broadcast from 28 July on RTÉ Raidió na Gaeltachta.
What happens when you spend your whole life feeling your mind works differently, but never have the words to explain why? That is the question at the heart of Aithníonn Ciaróg Ciaróg Eile, a new six-part documentary series presented by Conall Mac Corraidh. Through his own journey, Conall explores ADHD, revisiting his childhood, reflecting on his education, and undergoing an ADHD assessment.
Produced by Clean Slate TV with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcasting Fund, the six 25-minute episodes combine intimate audio diaries, family conversations and expert insight to tell a story that will resonate with listeners across Ireland.
Along the way, Conall meets clinical psychologist Cait Verling, ADHD researcher Dr Christina Kini-Seery, broadcaster Bláthnaid Treacy, writer and comedian Louisa Ní Éideáin, GP Dr Róisín Chambers, and others whose lived and professional experiences reveal what ADHD looks like beyond the stereotypes.
As awareness of ADHD grows, Aithníonn Ciaróg Ciaróg Eile arrives at a crucial time. Through lived experience and honest conversation, it explores diagnosis, the challenges of accessing support, and the importance of community and understanding.
Series Producer Rosie McNally said: “Working on this series has been incredibly insightful. Hearing the stories of people from across the island their challenges, triumphs and different ways of navigating life. It has been a privilege to help share these experiences and highlight the many realities of living with ADHD.”
Presenter and Co-Producer Conall Mac Corraidh said: “If one person hears this series and realises they’re not lazy, they’re not broken and they’re not on their own, then we’ve achieved what we set out to do.”
Aithníonn Ciaróg Ciaróg Eile: Sraith nua faisnéise Gaeilge ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Cad a tharlaíonn nuair a chaitheann tú do shaol ar fad ag mothú go bhfuil d’intinn ag obair ar bhealach éagsúil, ach nach bhfuil focail agat lena mhíniú?
Sin í an cheist atá i gcroílár Aithníonn Ciaróg Ciaróg Eile, sraith nua sé chlár ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ina leanann Conall Mac Corraidh turas pearsanta chun tuiscint níos fearr a fháil ar ADHD agus ar an tionchar atá aige ar a shaol ó bhí sé ina pháiste.
Le linn na sraithe, filleann Conall ar a óige agus ar a laethanta scoile, buaileann sé le baill teaghlaigh, cairde, múinteoirí agus saineolaithe, agus téann sé féin faoi mheasúnú ADHD, rud a thugann léargas macánta ar an phróiseas diagnóise agus ar na ceisteanna a eascraíonn as.
I measc na n-aíonna tá an síceolaí cliniciúil Cait Verling, an taighdeoir an Dr Christina Kini-Seery, láithreoir Bláthnaid Treacy , an scríbhneoir agus fear grinn Louisa Ní Éideáin, an Dr Róisín Chambers, chomh maith le daoine eile a roinneann a scéalta agus a saineolas.
Ag am a bhfuil líon na ndaoine atá ag lorg measúnaithe ADHD ag dul i méid, fiosraíonn an tsraith na dúshláin a bhaineann le diagnóis, cóireáil agus tacaíocht ar fud oileán na hÉireann. Ach níos mó ná sin, is sraith í faoi fhéiniúlacht, faoi phobal agus faoin fhaoiseamh a thagann nuair a thuigeann tú nach raibh tú riamh i d’aonar.
Dúirt Rosie McNally, léiritheoir na sraithe: “Bhí sé thar a bheith suimiúil a bheith ag obair ar an tsraith seo. Bhí sé iontach scéalta daoine ó gach cearn den tír a chloisteáil agus an éagsúlacht a bhaineann le taithí ADHD a léiriú ar bhealach macánta daonna.”
Dúirt Conall Mac Corraidh: “Má éisteann duine amháin leis an tsraith seo agus má thuigeann sé nach bhfuil sé leisciúil, nach bhfuil sé briste agus nach bhfuil sé ina aonar, beidh an méid a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh bainte amach againn.”