New Irish language heist thriller, Aontas, will air on 16th March on BBC One NI at 10:40pm and TG4 at 9.30pm. 

Directed by Damian McCann (Doineann), the film stars Carrie Crowley (An Cailín Ciúin, Smother), Bríd Brennan (Shadow Dancer, Doineann) and Eva-Jane Gaffney (Kin, Harry Wild). 

Aontas was funded by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, TG4 and BBC Gaeilge, with support from Yellowmoon. 

Three unlikely thieves, led by a woman on the verge of a breakdown, rob a rural Irish Credit Union. Opening in the tragic aftermath of the heist-gone-wrong, Aontas unfolds backwards, chapter by chapter to unravel the events that led to this point. What starts as a poorly executed robbery becomes a portrait of a wilful woman trapped in her own past. 

Produced by Órfhlaith Ní Chearnaigh (Aonaracht) and Christopher Myers (Doineann), written by Sarah Gordon and Damian McCann, this is the first feature from new bilingual company Púca Pictures. 

Director Damian McCann shared this about the film: 

“Aontas was born out of a conversation with my Mum where she described in detail how she would rob a bank (she’s an unlikely candidate…) That conversation led to a film that has connected with audiences around the world. I’ve been blown away by the response to date and I’m excited for audiences at home to see it.” 

Áine Walsh, Chief Language & Cultural Officer & Head of ILBF at Northern Ireland Screen commented:

“For over 20 years, the Irish Language Broadcast Fund has championed original Irish language storytelling, supporting talented writers, directors and crews to bring their bold visions to life. Aontas is a perfect example of the impact of this sustained investment: an ambitious, award-winning film that demonstrates the creativity, skill and vibrancy of the local Irish language production sector, and we’re delighted it will reach even wider audiences next month.” 

It was filmed in March 2024 in Glenarm, County Antrim, and postproduction was completed at Yellowmoon Postproduction in Holywood, Co. Down. 

Its international premiere took place on 12 February 2025 in Santa Barbara California, and its European premiere followed at DIFF in the Light House Cinema in Dublin on 22nd February 2025. Since then Aontas has won acclaim and awards, among them Best Film, Best Director and Best Script, and has screened at over 40 festivals internationally and in Ireland. Recently, Aontas was nominated for 6 IFTAs. 

 _

Craolfar scéinséir gadaíochta Gaeilge nua, Aontas, ar BBC1 TÉ ar 16ú Márta ag a 10:40in agus TG4 g 9:30in. Stiúrtha ag Damian McCann (Doineann), tá príomhról ag Carrie Crowley (An Cailín Ciúin, Smother), Bríd Brennan (Shadow Dancer, Doineann) agus Eva-Jane Gaffney (Kin, Harry Wild) ann.

Léiríodh Aontas le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann, TG4 agus BBC Gaeilge, le tacaíocht ó Yellowmoon.

Déanann triúr gadaí neamhghnách comhar creidmheasa a robáil, agus bean ar tí cliseadh néarach ina mbun. Osclaíonn Aontas ar iarmhairt thragóideach na gadaíochta a chuaigh chun donais, agus insítear an scéal droim ar ais, caibidil ar chaibil, go nochtar na heachtraí a tharla roimh ré. Iompaíonn gadaíocht nár cuireadh i bhfeidhm go héifeachtach go léiriú de bhean ceanndána atá sáinnithe ag a stair féin. Is puzal scoilte é Aontas faoi thionchar ár roghanna agus faoi na cuimhní nach féidir linn éalú uathu.

Is iad Órfhlaith Ní Chearnaigh (Aonaracht) agus Christopher Myers (Doineann) a léirigh agus scríobh Sarah Gordon agus Damian McCann é. Seo an chéad fhadscannán le comhlacht nua dátheangach, Púca Pictures.

Deir an stiúrthóir Damian McCann:

“D’eascair Aontas as comhrá a bhí agam le mo mháthair inar chuir sí síos go mion ar an dóigh a ndéanfadhsise banc a robáil (robálaí bainc neamhghnách a bheadh inti). Ón chomhrá sin, rugadh scannán a chuaigh i bhfeidhm le lucht féachana timpeall an domhain. Tá sé doiligh a chreidiúint an fhreagairt a bhí leis go dtí seo, agus tá mé ar bís go mbeidh deis ag lucht féachana sa bhaile é a fheiceáil.”

Dúirt Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga & Cultúrtha & Ceannasaí an CCG:

“Le breis agus 20 bliain tá an Ciste Craoltóireachta Gaeilge ag tacú le scéalaíocht na Gaeilge, le scríbhneoirí, stiúrthóirí agus criúnna cumasacha chun ár bhfís a bhaint amach. Is sampla iontach é Aontas den infheistíocht leanúnach sin: scannán uaillmhianach, a bhain go leor duaiseanna agus a léiríonn cruthaíocht, scileanna agus beocht na hearnála léiriúcháin Ghaeilge áitiúil. Táimid ar bís go mbeidh an deis ag lucht féachana níos leithne an scannán a fhieceáil ar an mhí seo chugainn.”

Rinneadh scannánú ar Aontas i mí Mhárta 2024 i nGleann Arma, Contae Aontroma, agus rinneadh iarléiriúchán air in Yellowmoon Post Production, Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin.

Bhí a première idirnáisiúnta ann i Santa Barbara, California ar 12 Feabhra 2025, agus première Eorpach ag an Phictiúrlann Light House, Baile Átha Cliath ar 22ú Feabhra 2025. Ó shin i leith, taispeánadh Aontas ag níos mó ná 40 féile go hidirnáisiúnta agus in Éirinn, agus shaothraigh sé níos mó ná 13 duais, Scannán is Fearr, Stiúrthóir is Fearr, Script is Fearr san áireamh. Le déanaí, ainmníodh Aontas le haghaidh 6 IFTA .

Read More

All News