Northern Ireland Screen’s ILBF and Foghlaim TG4 announce the return of Corcra Media’s ‘Scoil Choille’ – winners of ‘Young People’s TV Series of the Year’ at Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025.
The Irish Language Broadcast Fund (ILBF) and TG4 are delighted to announce the return of the acclaimed children’s series ‘Scoil Choille’ (Forest School) for a second season. Following the success of the first series, which was named ‘Young People’s TV Series of the Year’ at the 2025 Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, the family – Frainc Mac Cionnaith, Gráinne Holland, and their children Naoise and Síomha – return for 8 new episodes focused on revealing the wonders of the natural world.
In this new series, the family continues their exploration of the woods and the stunning landscapes of the North. Filming took place at Bluebell Lane in South Armagh, as well as the renowned Tollymore and Castlewellan Forest Parks.
Series 2 focuses on the fundamental elements that shape our environment:
- Native Irish Trees: Learning about Ash, Birch, Hawthorn, Scots Pine, Oak and Rowan.
- Rocks and Geology: The family investigates the rocks and stones within the woods and what lies beneath our feet.
- The Water Cycle: Tracing the journey of water from the mountain ranges to the forest floor.
- Habitats: Taking a close look at where woodland creatures live and the importance of the forest floor.
Produced by Corcra Media, Scoil Choille remains dedicated to outdoor learning, encouraging children to connect with the environment through storytelling, music, and hands-on discovery.
Broadcast Details: Scoil Choille Series 2 is available now on Foghlaim TG4; https://foghlaim.tg4.ie/bunscoil

Sraith Nua de Scoil Choille
Sraith Nua de ‘Scoil Choille’ – Ag Fiosrú Iontaisí an Dúlra’ seolta ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus Foghlaim TG4
Tá áthas ar an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) agus Foghlaim TG4 an dara sraith de ‘Scoil Choille’ a fhógairt. Ag éirí as an rath mór a bhí ar an chéad sraith, a bhuaigh an gradam do ‘Sraith Teilifíse na Bliana do Dhaoine Óga’ ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025, tá an teaghlach – Frainc Mac Cionnaith, Gráinne Holland, agus a gcuid páistí Naoise agus Síomha, ar ais le haghaidh 8 gclár nua atá dírithe ar iontaisí an domhain nádúrtha.
Sa tsraith nua seo, leanfaidh an teaghlach orthu ag iniúchadh na coille agus thírdhreacha rí-áille an Tuaiscirt. In Bluebell Lane i nDeisceart Ard Mhacha, mar aon le Páirceanna Foraoise Thulaigh Mhór agus Chaisleán Uidhilín i gContae an Dúin a rinneadh an scannánú.
Dírítear i Sraith 2 ar na heilimintí a chruthaíonn ár dtimpeallacht:
- Crainn Dhúchasacha na hÉireann: Ag foghlaim faoin fhuinseog, an bheith, an sceach gheal, an phéine Albanach, an crann darach agus an crann caorthainn.
- Clocha agus Geolaíocht: An teaghlach ag amharc ar charraigeacha sa choill agus ag fiosrú cad atá faoinár gcosa.
- Timthriall an Uisce: Ag leanúint thuras an uisce ón slabhra sléibhe go dtí urlár na foraoise.
- Gnáthóga: Ag amharc go mion ar na háiteanna ina gcónaíonn créatúir na coille agus ar thábhacht urlár na coille.
Is léiriú de chuid Corcra Media Teo é ‘Scoil Choille’ a chothaíonn grá don dúlra sna páistí agus a spreagann iad chun an domhan mórthimpeall orthu a fhiosrú. Leis an scéalaíocht, gníomhaíochtaí praiticiúla agus neart ceoil, spreagfaidh an tsraith seo lucht féachana óg ceangal a dhéanamh leis an timpeallacht nádúrtha thart orthu.
Dúirt Áine Walsh, Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge:
“Táimid iontach sásta tacú leis an dara sraith de Scoil Choille, sraith álainn fhísiúil a dhéanann ceiliúradh ar an timpeallacht nádúrtha. Táim cinnte go bhfuil lúcháir ar an lucht féachana a bheith ar ais arís i gcomhluadar Ghráinne, Fhrainc, Naoise agus Shíomha agus iad ag foghlaim faoin domhan thart orainn.”
Dúirt Conall Ó Máirtín, Eagarthóir Oideachais TG4,
“Tá lúcháir ar Foghlaim TG4, Scoil Choille 2 a fhoilsiú agus muid ar bís tacaíocht a chur ar fáil do scoileanna. Is sraith ghalánta í Scoil Choille a thugann tacaíocht do mhúinteoirí agus spreagadh don seomra ranga.”
Dúirt Gráinne Holland, stiúrthóir Corcra Media agus léiritheoir, eagarthóir agus láithreoir na sraithe:
“Is iontach an rud é agus is onóir mhór é a bheith ábalta an grá atá againn don nádúr a roinnt le páistí fud fad na tíre agus iad a spreagadh chun aire a thabhairt do choillte na tíre seo, go háirithe nuair nach bhfuil mórán acu fágtha. Tá muid an-bhuíoch do Foghlaim TG4 agus don Chiste Craoltóireachta Gaeilge as an deis seo a thabhairt dúinn.”
Tá Scoil Choille 2 ar fáil anois ar Foghlaim TG4; https://foghlaim.tg4.ie/bunscoil