Aontas – Sheila (Eva-Jane Gaffney), Mairéad (Carrie Crowley) and Cáit (Bríd Brennan) (Image: Nathan Magee)
The film is part of BBC Gaeilge’s Seachtain na Gaeilge season featuring a range of new content across television, radio and online.
The award-winning feature film Aontas is coming to BBC iPlayer as part of BBC Gaeilge’s Seachtain na Gaeilge season of programming.
The Irish language crime thriller has gained international recognition on the film festival circuit throughout 2025 and will make its television premier next month on BBC iPlayer, BBC One Northern Ireland and TG4.
The film follows three unlikely thieves, led by Mairéad (Carrie Crowley), a woman on the verge of a breakdown, as they attempt to rob a rural Irish Credit Union.
When their plans begin to unravel, Mairéad and two accomplices, her sister Cáit (Bríd Brennan) and Sheila (Eva-Jane Gaffney), soon discover they cannot escape the past.
The award-winning feature film Aontas is coming to BBC iPlayer as part of BBC Gaeilge’s Seachtain na Gaeilge season of programming.
The Irish language crime thriller has gained international recognition on the film festival circuit throughout 2025 and will make its television premier next month on BBC iPlayer, BBC One Northern Ireland and TG4.
The film follows three unlikely thieves, led by Mairéad (Carrie Crowley), a woman on the verge of a breakdown, as they attempt to rob a rural Irish Credit Union.
When their plans begin to unravel, Mairéad and two accomplices, her sister Cáit (Bríd Brennan) and Sheila (Eva-Jane Gaffney), soon discover they cannot escape the past.

Seán T. Ó Meallaigh (Colly), Marcus Lamb (Dara), Art Parkinson (Éamonn), Naseen Morgan (Elma) Niall Mac Eachmharcaigh (Brian), Bríd Ní Chumhaill (Nóirín), Mary Ryan (Mary), Christopher Grant (Caoimhín), Frankie McCafferty (Len) and Eoghan Mac Giolla Bhrighde (Con) complete the cast.
The film is written by Belfast-based Damian McCann and Sarah Gordon and is produced by Órfhlaith Ní Chearnaigh and Christopher Myers for Púca Pictures.
Aontas is funded by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, BBC Gaeilge and TG4 with support from Yellowmoon.
The film will be on BBC iPlayer, BBC One Northern Ireland and TG4 on Monday 16 March.
Aontas won Clár Teilifíse/Scannán na Bliana at the Oireachtas Media Awards hosted in Belfast in November 2025. It also secured Best Film Feature at the San Diego International Film Festival 2025, San Luis Obispo International Film Festival, Maryland International Film Festival, Three Rivers Film Festival, Ojai International Film Festival, Manchester International Film Festival and Irish Film Festival London.
Seachtain na Gaeilge
BBC Gaeilge will also mark Seachtain na Gaeilge, the annual international celebration of Irish language and culture, with a host of content across its platforms including the documentary Tubaiste sa Phortach, which revisits the site of a World War Two plane crash on BBC Two Northern Ireland and BBC iPlayer.
Blas celebrates Seachtain na Gaeilge on BBC Sounds and BBC Radio Ulster with special features throughout March, with two digital series, Cumhacht na bhFocal and Arbh fhearr leat…, available on the BBC Gaeilge website.
Viewers can also dip into the BBC Gaeilge archives with some previously broadcast programmes available on BBC iPlayer including Crá, Ceolta, Bog Amach, Iarsmaí and The Irish Houses: Scéal Phobal Bhóthar Seoighe. Ceann Dubhrann is also available on BBC Sounds.
BBC iPlayer and BBC Two Northern Ireland
Tubaiste sa Phortach

Leonard Ashby Court was 23 years old when the RAF Wellington bomber he was flying, crashed and burst into flames at the foot of Mount Errigal on February 28th, 1943. All six crew members perished in the crash.
The plane had taken off from the RAF Limavady base in Northern Ireland and bits of debris from the crash are still visible in the bog where it landed in County Donegal.
In a new film, journalist Kevin Magee tracks down the pilot’s surviving son, Ian Court in Leicestershire and accompanies the 84-year-old as he fulfils a lifelong ambition by finally paying his respects at the site where his father perished.
As well as Pilot Leonard Ashby Court, the other victims included Belfast men John Steen Campbell and James Gilmore, and Geoffrey Scott-Farthing, John D’Arcy Wal and Ronald William Gutteridge from England.
Tubaiste sa Phortach, made by Clean Slate Television for BBC Gaeilge, with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, investigates the possible causes of the crash as Kevin and members of the Court family travel to County Donegal to meet the local Irish speaking community who have erected a memorial to the fallen RAF crewmen.
Tubaiste sa Phortach will broadcast on BBC Two Northern Ireland and BBC iPlayer on Sunday 29 March at 10pm.
BBC Sounds & BBC Radio Ulster/Foyle
Blas
Blas celebrates Seachtain na Gaeilge with a series of special features throughout March.
Artificial intelligence is changing the way we live, work and learn and Monday 2 to Saturday 8 March is AI Unpacked Week, which will see seven days of special content dedicated to exploring AI across BBC platforms. As part of this, Blas will take a fresh look at how cutting‑edge AI technologies are being woven into Irish, one of Europe’s oldest vernacular languages.
The programme will then turn to traditional learning techniques on Thursday 19 March, Daire Ní Chanáin teaches fellow BBC Radio Ulster presenter, Stephen McCauley, how to count in Irish, amongst other language learner tips, as they dust off the bikes and head off to explore some of the ancient history of Inch Island.
Six months after stepping into a classroom to learn the language, will Stephen be good enough to present a radio show as Gaeilge?
Blas airs Monday to Thursdays at 7.30pm on BBC Sounds and BBC Radio Ulster.
BBC Gaeilge online
Cumhacht na bhFocal

Cumhacht na bhFocal returns with 10 new people revealing their favourite proverbs and why they are important to them.
Proverbs are an important part of anyone’s Irish language learning journey.
This series of short films links contemporary stories to ancient wisdom and gives an insight into people’s lives. Each episode will be accompanied by learners’ notes – for beginners, improvers and those with a high level of fluency.
Contributors to the series include sean-nós singer Naoise Mac Cathmhaoil and Belfast rapper Conor Torbóid who has previously presented Sláinte na bhFear and Scríbhneoirí an tSléibhe le Conor Torbóid on BBC Radio Ulster.
It was made by Clean Slate Television for BBC Gaeilge with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.
The series will also feature on Blas during March and will be available on bbc.co.uk/gaeilge.
*Transmission times are subject to change*
____
Beidh an scéinséir coireachta buaite gradam Aontas le feiceáil ar BBC iPlayer i mí an Mhárta
Tá an scannán mar chuid de shéasúr Sheachtain na Gaeilge ag BBC Gaeilge, tráth a mbeidh réimse d’ábhar nua ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne.
Tá an scannán fada buaite gradam, Aontas, ag teacht chuig BBC iPlayer mar chuid de chláir shéasúr Sheachtain na Gaeilge ag BBC Gaeilge.
Tá an scéinséir coireachta Gaeilge i ndiaidh aitheantas idirnáisiúnta a bhaint amach ar chamchuairt na bhféilte scannán i rith 2025, agus beidh an chéad chraoladh teilifíse ar an mhí seo chugainn ar BBC iPlayer, BBC One Northern Ireland agus TG4.
Leanann an scannán triúr gadaithe nach mbeadh súil leo, faoi cheannas Mhairéid (Carrie Crowley), bean i mbéal cliseadh néarógach, agus iad ag iarraidh Comhar Creidmheasa faoin tuath in Éirinn a robáil.
Nuair a thosaíonn a bpleananna ag titim as a chéile, faigheann Mairéad agus a beirt chomhchoirithe, a deirfiúr Cáit (Bríd Brennan) agus Sheila (Eva-Jane Gaffney), amach roimh i bhfad nach bhfuil éalú ón am a chuaigh thart.
Is iad Seán T. Ó Meallaigh (Colly), Marcus Lamb (Dara), Art Parkinson (Éamonn), Naseen Morgan (Elma) Niall Mac Eachmharcaigh (Brian), Bríd Ní Chumhaill (Nóirín), Mary Ryan (Mary), Christopher Grant (Caoimhín), Frankie McCafferty (Len) agus Eoghan Mac Giolla Bhrighde (Con) an fhoireann aisteoirí.
Is iad Damian McCann agus Sarah Gordon, atá lonnaithe i mBéal Feirste, a scríobh an scannán, agus Órfhlaith Ní Chearnaigh agus Christopher Myers a léirigh do Púca Pictures.
Tá Aontas maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileáin Thuaisceart Éireann, ag BBC Gaeilge agus ag TG4 le tacaíocht ó Yellowmoon.
Beidh an scannán ar BBC iPlayer, BBC One Northern Ireland agus TG4 Luan an 16 Márta.
Bhain Aontas Clár Teilifíse/Scannán na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a bhí ar siúl i mBéal Feirste i mí na Samhna 2025. Bhain sé an Scannán Fada is Fearr chomh maith ag Féile Scannán Idirnáisiúnta San Diego 2025, Féile Scannán Idirnáisiúnta San Luis Obispo, Féile Scannán Idirnáisiúnta Maryland, Féile Scannán Three Rivers, Féile Scannán Idirnáisiúnta Ojai, Féile Scannán Idirnáisiúnta Mhanchain agus Féile Scannáin na hÉireann Londan.
Seachtain na Gaeilge
Déanfaidh BBC Gaeilge ceiliúradh fosta ar Sheachtain na Gaeilge, ceiliúradh idirnáisiúnta bliantúil ar theanga agus ar chultúr na Gaeilge, le neart ábhar ar fud na n-ardán lena n-áirítear an clár faisnéise Tubaiste sa Phortach, a thugann cuairt arís ar shuíomh timpiste eitleáin ón Dara Cogadh Domhanda ar BBC Two Northern Ireland agus ar BBC iPlayer.
Déanann Blas ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge ar BBC Sounds agus ar BBC Raidió Uladh le gné-chláir ar leith le linn mhí an Mhárta, le dhá shraith dhigiteacha, Cumhacht na bhFocal agus Arbh Fhearr Leat…, ar fáil ar shuíomh idirlín BBC Gaeilge.
Chomh maith leis sin, is féidir le lucht féachana tumadh isteach i gcartlann BBC Gaeilge agus dornán clár a craoladh roimhe ar fáil ar BBC iPlayer, lena n-áirítear Crá, Ceolta, Bog Amach, Iarsmaí agus The Irish Houses: Scéal Phobal Bhóthar Seoighe. Tá Ceann Dubhrann ar fáil fosta ar BBC Sounds.
BBC iPlayer agus BBC Two Northern Ireland
Tubaiste sa Phortach
Bhí Leonard Ashby Court 23 bliain d’aois nuair a thit an buamadóir RAF Wellington a bhí sé a eitilt agus phléasc ina lasracha ag bun an Earagail ar an 28ú Feabhra, 1943. Fuair seisear an chriú bás go duine sa timpiste.
Bhí an t-eitleán i ndiaidh imeacht as bunáit an RAF i Léim an Mhadaidh i dTuaisceart Éireann, agus tá píosaí de smionagar na timpiste le feiceáil ar fad sa phortach inar tháinig sé anuas i gContae Dhún na nGall.
I scannán nua, aimsíonn an t-iriseoir Kevin Magee mac de chuid an phíolóta a mhaireann, Ian Court in Leicestershire, agus téann ina chuideachta in aois a 84 bliain agus é ag fíorú uaillmhian saoil urraim a thabhairt faoi dheireadh ag láthair bhás a athar.
Chomh maith le Píolóta Leonard Ashby Court, bhí fir de bhunadh Bhéal Feirste John Steen Campbell agus James Gilmore i measc na n-íospartach, chomh maith le Geoffrey Scott-Farthing, John D’Arcy Wal agus Ronald William Gutteridge as Sasana.
Fiosraíonn Tubaiste sa Phortach, déanta ag Clean Slate Television do BBC Gaeilge le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileáin Thuaisceart Éireann, cúiseanna féideartha leis an timpiste, agus Kevin agus baill de mhuintir Court ag taisteal go Contae Dhún na nGall le bualadh leis an phobal áitiúil Gaeilge ansin a bhfuil cuimhneachán tógtha acu don chriú RAF a maraíodh.
Craolfar Tubaiste sa Phortach ar BBC Two Northern Ireland agus ar BBC iPlayer Domhnach an 29 Márta ar 10in.
BBC Sounds & BBC Raidió Uladh
Blas
Déanann Blas ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge ar BBC Sounds agus ar BBC Raidió Uladh le gné-chláir ar leith le linn mhí an Mhárta.
Tá an intleacht shaorga ag athrú an dóigh a maireann, a n-oibríonn agus a bhfoghlaimíonn muid, agus beidh Seachtain AI Unpacked ann Luan an 2 go Satharn an 8 Márta, tráth a mbeidh seacht lá d’ábhar ar leith dírithe ar AI a fhiosrú ar fud ardáin an BBC. Mar chuid de seo, beidh Blas ag amharc as an úr ar an dóigh a bhfuil teicneolaíochtaí ceannródaíocha AI á bhfí isteach sa Ghaeilge, atá ar na teangacha pobail is sine san Eoraip.
Ar Ón Taobhlíne le Fearghal Mag Uiginn, Luan an 2 Márta, beidh agallamh le peileadóir de chuid Aontroma, Paddy McBride, a mhíníonn na fáthanna ar sheas sé siar ón pheil idirchontae an séasúr seo.
Cuimhníonn Paddy ar a dheirfiúr ionúin, Marie, ar thug féinmharú a bás trí bliana ó shin. Agus é ina athair nua le gairid, cuireann sé síos fosta ar an áthas a bhain le fáilte a chur roimh a chéad leanbh ar an tsaol.
Díreoidh an clár ina dhiaidh sin ar theicnící traidisiúnta foghlama ar Blas Déardaoin an 19 Márta nuair a theagascann Daire Ní Chanáin dá comhláithreoir ar BBC Raidió Uladh, Stephen McCauley, le comhaireamh suas go dtí a deich i nGaeilge, chomh maith le leideanna eile d’fhoghlaimeoirí teanga, agus iad ag glanadh an dusta de na rothair le himeacht leo ag fiosrú cuid de sheanstair na hInise.
Sé mhí i ndiaidh cos a leagan i seomra ranga leis an teanga a fhoghlaim, an mbeidh Stephen maith go leor le clár raidió a chur i láthair i nGaeilge?
Craoltar Blas Luan go Déardaoin ar 7.30i.n. ar BBC Sounds agus ar BBC Raidió Uladh.
BBC Gaeilge ar líne
Cumhacht na bhFocal
Filleann Cumhacht na bhFocal le deichniúr nua ag nochtadh na seanfhocal is ansa leo agus an fáth a bhfuil siad tábhachtach dóibh.
Is cuid thábhachtach de thuras foghlama Gaeilge aon duine iad na seanfhocail.
Nascann an tsraith gearrscannán seo scéalta comhaimseartha le gaois ársa agus tugann léargas ar shaol daoine. Beidh nótaí foghlaimeoirí ag dul le gach clár – do thosaitheoirí, d’fheabhsaitheoirí agus dóibh siúd a bhfuil ardleibhéal líofachta acu.
I measc na rannpháirtithe sa tsraith, tá an t-amhránaí sean-nóis Naoise Mac Cathmhaoil agus an rapálaí Feirsteach, Conor Torbóid, a bhí ina láithreoir roimhe seo ar Sláinte na bhFear agus ar Scríbhneoirí an tSléibhe le Conor Torbóid ar BBC Raidió Uladh.
Is iad Clean Slate Television a rinne an tsraith do BBC Gaeilge le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileáin Thuaisceart Éireann.
Beidh an tsraith le cluinstin ar Blas le linn mhí an Mhárta chomh maith agus beidh sí ar fáil ar bbc.co.uk/gaeilge.
Arbh Fhearr Leat…
Arbh fhearr leat a bheith i do spásaire nó i thumadóir scúba?
Cuireann an tsraith ghairid seo na ceisteanna tábhachtacha sin go léir, nuair a chuireann grúpa de dhaoine óga a n-eolas in iomaíocht i gcath ‘Arbh Fhearr Leat…?’
I measc cuid de na hábhair eile a léiríonn tuairimí corraitheacha contrártha, tá sárluas nó sárneart, nimh nó leictreachas, smacht ar mhaighnéadas nó ar dhomhantarraingt, gan bia nó gan codladh.
Fóirsteanach do lucht féachana Eochairchéim 2, cluinfear Arbh Fhearr Leat…, a rinne Educational Voice do BBC Gaeilge, ar Blas le linn mhí an Mhárta chom maith, agus beidh sé ar fáil le tras-scríbhinní ar bbc.co.uk/gaeilge.
*D’fhéadfadh amanna craolta athrú*