BBC and TG4 have confirmed they have commissioned a second series of the crime drama Crá. The announcement was made at the Belfast Media Festival today [Wednesday 12 November, 2025.]

Filming will start on the six-part series in early 2026, on location in County Donegal. Returning and new cast members will be announced soon.

Crá is produced by Fíbín Media and Fíbín Films NI Ltd for BBC Gaeilge and TG4 with support from Screen Ireland, Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, Coimisiún na Meán and distributors About Premium Content (APC).

Karen Kirby, BBC Gaeilge Commissioning Executive says: “Crá was the first Irish Language crime drama series to air on BBC One Northern Ireland, BBC iPlayer and BBC Four and after such positive reactions from audiences, a second series is great news.

“I’m looking forward to seeing where the story takes audiences in series two.”

Máire Ní Chonláin, TG4 Commissioning Editor says: “We’re delighted to see Crá return for a second series. The first season captivated audiences with its unique voice, creativity and dark humour, and with Richie Conroy and Philip Doherty leading an exciting creative team, we’re confident series two will deliver another compelling and distinctly Irish-language drama for viewers.”

Crá series two will be produced by Ciarán Charles and Darach Ó Tuairisg for Fíbín Media and Méabh Nic Alastair for Fíbín Films NI.

Writers on the new series are Richie Conroy (Crá series one, Leonard and Hungry Paul), Sarah Gordon and Damian McCann (Aontas) and Noel McCann (Blue Lights) and Philip Doherty (Crá series one Director), with actress and filmmaker Aoife Nic Ardghail also joining the team.

Executive producer Darach Ó Tuairisg says: “Fíbín Media is delighted to be bringing Crá back for a second series, building on the incredible response to our first season. We’re thrilled to reunite with the exceptional cast and crew from series one, while also welcoming exciting new talent to the team.

“The dark, distinctive world we created resonated deeply with audiences, and we’re grateful for the continued support from all our partners to make this unique Irish-language drama possible. Series two promises to push boundaries even further.”

Kate McColgan, Head of Television, Screen Ireland says: “It is wonderful to see Crá return to our screens with a second series. This award-winning series represents the best of Irish language television with great scripts, fantastic talent in front and behind the camera and all shot in stunning Donegal.  We are delighted that it can now be seen in 68 countries around the world.

Screen Ireland is so proud to support the work of Fíbín Media and Fíbín Films NI.”

Áine Walsh, Head of Irish Language Broadcast Fund at Northern Ireland Screen says: “The Irish Language Broadcast Fund is delighted to support a second series of the award-winning Crá. Series one captivated audiences on TG4 and BBC, as well as viewers across more than 60 territories worldwide, with its gripping storylines and breathtaking Donegal landscapes.

“It’s inspiring to see the continued growth of the Irish language drama sector in the North, and we look forward to the creativity of the writers, cast, and production team shining through once again in series two.”

Rónán Ó Domhnaill, Media Development Commissioner at Coimisiún na Meán says: “We are delighted to offer continued support through the Sound & Vision Funding Scheme to this second series of ‘Crá’ enabling the production of powerful, culturally rich, homegrown Irish language drama that will be enjoyed by audiences”

The Executive Producers are Darach Ó Tuairisg for Fíbín Media, Karen Kirby for BBC Northern Ireland and Máire Ní Chonláin for TG4.

An dara sraith den dráma coireachta Crá coimisiúnaithe ag BBC Northern Ireland agus TG4

Ag ócáid níos luaithe inniu le linn Fhéile Meán Cumarsáide Bhéal Feirste, fógraíodh go bhfuil an dara sraith de Crá, dráma coireachta, coimisiúnaithe ag BBC Northern Ireland agus TG4.

Cuirfear tús leis an scannánaíocht don tsraith sé chlár i gContae Dhún na nGall i dtús na bliana 2026.

Fíbín Media agus Fíbín Films NI Ltd a léiríonn Crá do TG4 agus do BBC Gaeilge le cabhair airgid ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, ó Choimisiún na Meán agus ó na dáileoirí About Premium Content (APC).

Deir Karen Kirby, Feidhmeannach Coimisiúnaithe le BBC Gaeilge:

“Ba é Crá an chéad sraith dhrámaíochta coirscéalta i nGaeilge a craoladh ar BBC One Thuaisceart Éireann, BBC iPlayer agus BBC Four agus tar éis moladh chomh mór ón lucht féachana, is iontach an scéal go bhfuil an dara sraith ar na bacáin. Is fada liom go bhfeicfidh mé an casadh a bheidh sa scéal a chuirfear os comhair an lucht féachana sa dara sraith.”

Deir Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4:

“Is breá linn Crá a fheiceáil ar ais leis an dara sraith. Fuair an chéad séasúr greim ar an lucht féachana lena chur i láthair, sa chruthaitheacht agus i gcineál an ghrinn agus le Richie Conroy agus Philip Doherty i mbun mheitheal speisialta cruthaitheachta, tá muid cinnte go mbeidh cláir spéisiúla dhrámaíochta a bhaineann go háirithe le hÉirinn le feiceáil ag an lucht féachana arís leis an dara sraith.”

Is iad Ciarán Charles agus Darach Ó Tuairisg thar ceann Fíbín Media agus Méabh Nic Alastair thar ceann Fíbín Films NI a léireoidh an dara sraith de Crá.

I mbun scríbhneoireachta don tsraith nua, beidh Richie Conroy (Crá sraith a haon, Leonard & Hungry Paul), Sarah Gordon agus Damian McCann (Aontas) agus Noel McCann (Blue Lights) agus Philip Doherty (Stiúrthóir Crá sraith a haon), agus tá Aoife Nic Ardghail, aisteoir agus bean scannánaíochta, ag teacht ar an bhfoireann chomh maith.

Deir Darach Ó Tuairisg, Léiritheoir Feidhmiúcháin:

“Tá Fíbín Media thar a bheith sásta Crá a thabhairt ar ais don dara sraith ionas go gcuirtear leis an spéis a cruthaíodh sa chéad séasúr. Tá an-ríméad orainn a bheith ag obair arís le cliar iontach aisteoirí agus le criú na chéad sraithe, chomh maith le fáiltiú roimh dhaoine nua cumasacha ar an bhfoireann. “Chuaigh an saol dorcha faoi leith a cruthaíodh i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana agus tá muid buíoch dár gcuid páirtnéirí uilig as an gcúnamh leanúnach ionas gur féidir an dráma sainiúil Gaeilge seo a léiriú. Tá i ndán gur mó arís an t-ábhar iontais a bhainfidh leis an dara sraith.”

Deir Kate McColgan, Ceannasaí Teilifíse, Fís Éireann:

 “Is iontach an rud é Crá a fheiceáil ar ais ar an scáileán leis an dara sraith. Is sárshaothar teilifíse Gaeilge an tsraith seo a bhuaigh gradaim le scripteanna iontacha, daoine cumasacha os comhair an cheamara agus taobh thiar den cheamara agus láithreacha scannánaíochta sceirdiúla i nDún na nGall. Is cúis áthais dúinn gur féidir é a fheiceáil anois i 68 dtír ar fud an domhain. Is ábhar mórtais ag Fís Éireann cuidiú le saothar Fíbín Media agus Fíbín Films NI.”

Deir Áine Walsh, Ceannasaí Chiste Craoltóireachta na Gaeilge le Scáileán Thuaisceart Éireann: “Is cúis ríméid ag Ciste Craoltóireachta na Gaeilge seasamh leis an dara sraith den dráma gradamúil Crá. Tharraing an chéad sraith aird an lucht féachana ar TG4 agus ar an BBC, agus i líon níos mó ná 60 dlínse ar fud an domhain, leis na scéalta spéisiúla agus an taobh tíre sceirdiúil i nDún na nGall. Is breá an rud é forás leanúnach ar earnáil drámaíochta na Gaeilge sa Tuaisceart a fheiceáil agus táthar ag tnúth le toradh acmhainn cruthaitheachta na scríbhneoirí, na n-aisteoirí agus na léiritheoirí a fheiceáil arís leis an dara sraith.”

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán i gCoimisiún na Meán:

“Tá an-ríméad orainn an tacaíocht leanúnach seo a chur ar fáil don dara sraith seo de ‘Crá’ faoi Scéim Maoinithe Fuaim & Fís. Cuirfidh an maoiniú seo ar a gcumas drámaíocht Ghaeilge, atá cumhachtach, saibhir ó thaobh cultúir agus a bheidh léirithe anseo sa bhaile, a chur ar fáil a mbainfidh an lucht féachana an-sult aisti.” 

Is iad Darach Ó Tuairisg thar ceann Fíbín Media, Karen Kirby thar ceann BBC Northern Ireland agus Máire Ní Chonláin thar ceann TG4 na Léiritheoirí Feidhmiúcháin.

Read More

All News