Beidh Aonach Amárach returns to RTÉ One for its fifth series, shining a light on the skill, passion, and fierce competition at the heart of Ireland’s agricultural shows.

Throughout 2025, cameras and crews have been on the road, capturing the dedication of competitors giving everything to be crowned Best in Show.
Ireland hosts over 120 agricultural shows each year, drawing thousands of competitors and spectators alike.

Beidh Aonach Amárach is made by independent production company Strident Media with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, for RTÉ and TG4.

This series takes viewers to six of the country’s most colourful and competitive events: Bannow & Rathangan (Wexford), Castlewellan (Down), Clonmel (Tipperary), Balmoral (Antrim), Clonmany (Donegal), and Bridgetown (South East Clare).
From jam to cattle, jiving to sheep-shearing, we meet competitors, judges, and organisers whose commitment brings these vibrant traditions to life.

Each show offers a window into rural life and the community spirit that underpins it.

The series reveals the heart, heritage, and customs that have made Ireland’s country show an enduring and much-loved tradition.

Beidh Aonach Amárach was produced and directed by Fionnuala McCormack, edited by Darragh Byrne and executive produced by Kelda Crawford-McCann for Strident Media; Áine Walsh for Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcasting Fund; Brian Páircéir for RTÉ and Deirbhile Ní Churraighín for TG4.

Beidh Aonach Amárach series five returns on Thursday 8 October at 8.30pm on RTÉ One, and also on RTÉ.ie.

Fileann Beidh Aonach Amárach go RTÉ le sraith nua.

Tá Beidh Aonach Amárach ar ais le haghaidh an chúigiú sraith chun léargas a thabhairt ar na scileanna, ar an bpaisean agus ar an iomaíocht ghéar i gcroílár sheónna talmhaíochta na hÉireann.

Bhí na criúnna ar an mbóthar i rith 2025 chun na hiomaitheoirí a leanúint agus a ndícheall á dhéanamh acu duaiseanna a bhaint amach.

Is é an comhlacht neamhspleách léiriúcháin, Strident Media, a dhéanann Beidh Aonach Amárach le haghaidh RTÉ agus TG4 le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.

Bíonn breis agus 120 seó talmhaíochta ar siúl in Éirinn gach bliain, na mílte á mealladh, idir iomaitheoirí agus lucht féachana. Beidh sé cinn de na seónna is spleodraí agus is bríomhaire faoi chaibidil sa tsraith seo: Seó Bhanú agus Ráth Daingean (Loch Garman), Seó Chaisleán Uidhilín (An Dún), Seó Chluain Meala (Tiobraid Árann), Seó Bhaile Mhoireil (Aontroim), Seó Chluain Maine (Dún na nGall), agus Seó Bhaile an Droichid (Oirdheisceart an Chláir).

Idir shubh, eallach, jeighbheáil, chóiriú bláthanna agus lomadh caorach, buailfimid leis na hiomaitheoirí, leis na moltóirí agus leis an lucht eagraithe a choinníonn na traidisiúin bhríomhara seo beo. Léargas atá i ngach clár ar shaol na tuaithe agus ar an sprid phobail atá taobh thiar de.

Is í Fionnuala McCormack a léirigh agus a stiúir Beidh Aonach Amárach. Rinne Darragh Byrne an eagarthóireacht.

Is iad na léiritheoirí feidhmiúcháin ná: Kelda Crawford-McCann, Strident Media; Áine Walsh, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann; Brian Páircéir, RTÉ; agus Deirbhile Ní Churraighín, TG4.

Beidh Aonach Amárach ar ais Déardaoin 8 Deireadh Fómhair, ar RTÉ One ag 8.30pm agus ar RTÉ.ie

Read More

All News