Beidh Aonach Amárach returns for its fifth series, shining a light on the skill, passion, and fierce competition at the heart of Ireland’s agricultural shows. Throughout 2025, cameras and crews have been on the road, capturing the dedication of competitors giving everything to be crowned Best in Show.
Ireland hosts over 120 agricultural shows each year, drawing thousands of competitors and spectators alike. This series takes viewers to six of the country’s most colourful and competitive events: Bannow & Rathangan (Wexford), Castlewellan (Down), Clonmel (Tipperary), Balmoral (Antrim), Clonmany (Donegal), and Bridgetown (South East Clare).
From jam to cattle, jiving to sheep-shearing, we meet competitors, judges, and organisers whose commitment brings these vibrant traditions to life. Each show offers a window into rural life and the community spirit that underpins it. The series reveals the heart, heritage, and customs that have made Ireland’s country show an enduring and much-loved tradition.
Beidh Aonach Amárach series five, returns on 4th March 2026 at 8:30pm on TG4 and TG4.ie.
Ep 1 :The series kicks off in sunny Wexford at the Bannow & Rathangan Show where 23-year-old Lily Celine returns to the canvas after a year away. Teens Jess (14) and Lauren (15) continue a tradition picking wildflowers with their grandad. Photographer Louise Skelly, from Clondalkin, captures the drama of the sheepdog trials, and in Ballybro 15-year-old Faye Gallagher puts her Valais Blacknose sheep, and cheeky ram Kevin, in the spotlight!
Ep 2: This week at the Castlewellan Show in Down, 11-year-old Frankie from Tyrone deals with a lively ram in the young handlers’ ring. Anne Quinn steps into the baking tent with the help of her friend and expert rider Julie Donaghy Simpson. Based in Craigavon, Julie is aiming to impress potential new clients with her performance in the equestrian ring. And based in Cullyhanna, Nóra proudly displays her intricate hand-knitted blankets for the first time.
Ep 3: The racecourse is busy at the historic Clonmel Show in Tipperary. Niamh Melody hopes her Connemara pony Emerald can live up to her mother’s championship title, while Kilkenny based dairy farmer Brian Roche guides three of his kids through the cattle ring. In Carlow, Ciara O’Connell passes on her passion for the centuries-old skill of side-saddle to daughter Charlotte. And in Waterford, the Sheehy family juggle sheep, horses, and a lively foal named Rocko — all chasing those prized rosettes.
Ep 4: This week, over 100,000 people flock to Antrim for the Balmoral Show, one of Ireland’s biggest agricultural events. 12-year-old Laoise from Derry takes to the ring for her debut with pony Tessa, while the Rodgers family from Ballynahinch pin their hopes on bull Victor to impress buyers. Students from Coláiste Feirste in West Belfast get their first taste of farm life, and Robert from Kinedale Donkeys balances behind-the-scenes work with showing off his much-loved animals.
Ep 5 : High winds hit the coast at Clonmany Show in Donegal as the All-Ireland Sheep Shearing Championship is underway. Tom Halloran searches for Ireland’s best shearer while 16-year-old Caitlín Nic Giolla Bhuí takes to the ring for the first time with Cob Sooty. Danny and Odhran from Kerrykeel show off their Simmental cattle — and Charlotte from Monaghan hits the dance floor to defend her jiving crown!
Ep 6: The series wraps in South East Clare where the Bridgetown Show makes a triumphant comeback after a year away. London-based Lisa O’Malley returns home to parade her miniature schnauzer Hugo, while Gertrude Clancy rallies her friends for their annual jam-making. In Tuamgraney, 15-year-old Fiachra Dobson shows off his homegrown vegetables from the family polytunnel, while sister Róisín (17) competes with her Connemara pony. And Crusheen based siblings Carina and Gerry brave the rain to show off their prized cattle!
Beidh Aonach Amárach is made by independent production company, Strident Media with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, for TG4 and RTÉ.
Beidh Aonach Amárach was produced and directed by Fionnuala McCormack, edited by Darragh Byrne and was Executive Produced Kelda Crawford-McCann for Strident Media, Áine Walsh for Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcasting Fund, Deirbhile Ní Churraighín for TG4 and Brian Páircéir for RTÉ.
–
Tá Beidh Aonach Amárach ar ais don chúigiú sraith chun léargas a thabhairt ar na scileanna, ar an bpaisean agus ar an iomaíocht ghéar a bhíonn i gcroílár sheónna talmhaíochta na hÉireann. Bhí na criúnna ar an mbóthar i rith 2025 chun na hiomaitheoirí a leanúint agus a ndícheall á dhéanamh acu duaiseanna a bhaint amach.
Bíonn breis agus 120 seó talmhaíochta ar siúl in Éirinn gach bliain, na mílte á mealladh, idir iomaitheoirí agus lucht spéise. Beidh sé cinn de na seónna is spleodraí agus is bríomhaire faoi chaibidil sa tsraith seo: Seó Bhanú agus Ráth Daingean (Loch Garman), Seó Chaisleán Uidhilín (An Dún), Seó Chluain Meala (Tiobraid Árann), Seó Bhaile Mhoireil (Aontroim), Seó Chluain Maine (Dún na nGall), agus Seó Bhaile an Droichid (Oirdheisceart an Chláir).
Idir shubh, eallach, jeighbheáil, chóiriú bláthanna agus lomadh caorach, buailfimid leis na hiomaitheoirí, leis na moltóirí agus leis an lucht eagraithe a choinníonn na traidisiúin bhríomhara seo beo. Léargas atá i ngach clár ar shaol na tuaithe agus ar an sprid phobail atá taobh thiar de.
Cuirfear tús le Beidh Aonach Amárach, Sraith 5 an 4 Márta 2026 ag 8:30pm ar TG4 agus TG4.ie.
Clár 1: Cuirfear tús leis an tsraith i Loch Garman na gréine ag Seó Bhanú agus Ráth Daingean. Filleann Lily Celine (23) ar an ealaín tar éis di bliain a chaitheamh thar lear. Leanann Jess (14) agus Lauren (15) de thraidisiún lena seanathair, is é sin bláthanna fiáine a phiocadh. Glacann Louise Skelly, grianghrafadóir as Cluain Dolcáin, grianghraif ag na trialacha madraí caorach, agus i mBaile Bró cuireann Faye Gallagher (15) a caoirigh shróndubha Valais ar taispeáint agus is é Kevin, an reithe dána, atá i lár an aonaigh!
Clár 2: An tseachtain seo ag Seó Chaisleán Uidhilín i gCo. an Dúin, tá Frankie (11) as Tír Eoghain san fháinne le reithe bríomhar. Baineann Anne Quinn triail as na comórtais den chéad uair le cabhair óna cara Julie Donaghy Simpson, ar marcach den scoth í. Lonnaithe in Craigavon, tá Julie ag súil le dul i bhfeidhm ar chliaint nua lena léiriú i bhfáinne na gcapall. Agus tagann Nóra ón gCoilleach Eanach chun a cuid blaincéad cniotáilte a chur san iomaíocht den chéad uair.
Clár 3: Tá an ráschúrsa gnóthach ag Seó Chluain Meala i dTiobraid Árann. Tá súil ag Niamh Melody go mbeidh a capaillín Chonamara Emerald in ann an beart a dhéanamh mar a rinne a máthair cheana, agus tá triúr páistí le Brian Roche, feirmeoir déiríochta as Cill Chainnigh, le bheith san fháinne. I gCeatharlach, tá a paisean don mharcaíocht ar dhiallait mná á roinnt ag Ciara O’Connell lena hiníon, Charlotte. Agus tá muintir Sheehy ag iarraidh an dá thrá a fhreastal i bPort Láirge, idir chaoirigh agus chapaill, searrach bríomhar darb ainm Rocko san áireamh. Agus ar ndóigh, tá gach duine sa tóir ar ribíní dearga.
Clár 4: An tseachtain seo, beidh breis agus 100,000 duine ag Seó Bhaile Mhoireil i gCo. Aontroma, ceann de na seónna talmhaíochta is mó in Éirinn. Beidh Laoise (12) as Doire san fháinne den chéad uair lena capaillín, Tessa agus tá muintir Rodgers as Baile na hInse ag brath go mór ar a dtarbh Victor chun ceannaitheoirí a mhealladh. Faigheann daltaí as Coláiste Feirste in Iarthar Bhéal Feirste blaiseadh de shaol na feirme den chéad uair agus tá Robert as Kinedale Donkeys gnóthach sa chúlra agus leis na hasail a bheidh le taispeáint.
Clár 5: Lá na gaoithe móire atá ann i gCluain Maine i nDún na nGall áit a bhfuil Craobhchomórtas Lomtha Caorach na hÉireann ar siúl. Tá Tom Halloran sa tóir ar an lomaire is fearr sa tír, agus beidh Caitlín Nic Giolla Bhuí (16) san fháinne den chéad uair leis an ngearrán, Sooty. Tá Danny agus Odhran as an gCeathrú Chaol chun eallach Simmental a thaispeáint, agus tá Charlotte as Muineachán chun aghaidh a thabhairt ar an urlár damhsa lena jeighbheáil.
Clár 6: Seó Bhaile an Droichid in oirdheisceart an Chláir a chuirfidh clabhsúr leis an tsraith. Tar éis sosa anuraidh, tá an seó ar ais arís! Beidh Lisa O’Malley ar ais as Londain chun a sneabhsar Hugo a chur ar taispeáint, agus tá cairde Gertrude chun cabhrú léi subh a dhéanamh don seó. I dTuaim Gréine, beidh Fiachra Dobson (15) san iomaíocht lena ghlasraí, agus beidh a dheirfiúr Róisín (17) san iomaíocht lena capaillín Chonamara. Agus is cuma le Carina agus a deartháir Gerry as Croisín faoin mbáisteach – tá comórtais ar siúl!
Is é an comhlacht neamhspleách léiriúcháin, Strident Media, a dhéanann Beidh Aonach Amárach le haghaidh TG4 agus RTÉ le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.
Is í Fionnuala McCormack a léirigh agus a stiúir Beidh Aonach Amárach. Rinne Darragh Byrne an eagarthóireacht. Is iad na léiritheoirí feidhmiúcháin ná: Kelda Crawford-McCann, Strident Media; Áine Walsh, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, Deirbhile Ní Churraighín, TG4 agus Brian Páircéir, RTÉ