A two-part documentary about young up-and-coming Irish amateur sportspeople on TG4 Thursday 21st & 28th May 2026 9.35pm.

BRÚ tells the story of four young Gaeilge-speaking amateur sportspeople, all dealing with the pressure of elite-level sport over the course of a season alongside their busy everyday lives. There’s a footballer, an athlete, a boxer and a golfer, and they all share the same will to win and dedicate themselves to their sport.

Across the two-part series, produced by Brassneck Productions Ltd with funding from TG4 and Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, viewers follow the athletes through a demanding season as they balance elite-level sport with work, study and recovery from injury. As competitions and tournaments approach, the pressure grows and each athlete must deal with the sacrifices, setbacks and challenges that come with chasing success at the highest level.

Róisín Nic Ruairí is the Donegal Ladies football captain. Born in Glasgow, she moved to Donegal when she was five and first played Gaelic football to make friends. Called up to the county senior team at a young age, she became captain last year. A fitness trainer in Rannafast, she also plays club football for Naomh Muire CLG and dreams of winning an All-Ireland with Donegal.

Fódhla Nic Pháidín is from Derrybeg in Donegal and discovered a talent for long jump and triple jump after trying athletics as a child. A schoolteacher in Dublin, she trains several nights a week and returns home at weekends to train with Rosses AC. After time away from the sport, she is now working to compete at the top level again.

Kaci Rock is a young boxer who was born in Belfast and moved to Wicklow at the age of three. Inspired by her father, champion boxer Jim Rock, she has won multiple national titles and now trains full-time with Holy Trinity ABC. She hopes to go on to win an amateur world title and an Olympic medal in her weight class, before turning professional.

Pádraig Ó Dochartaigh is an elite amateur golfer from Gweedore, Donegal, who won several top youth tournaments before suffering a serious wrist injury at 19. A player with Gweedore Golf Club, he has competed across Europe and the Middle East. In Brú, he follows the long road back from injury through surgery, rehabilitation and training, hoping to return to international competition and eventually turn professional.

Watch on TG4 Thursday 21st & 28th May 2026 9.35pm.

–

Brú: Clár faisnéise nua faoi phearsaí spóirt ar TG4.

Clár faisnéise ina dhá chuid faoi phearsaí spóirt neamhghairmiúla Éireannacha atá ag teacht in inmhe on TG4 Déardaoin an 21 & 28 Bealtaine 2026 ag 9.35 in.

Insíonn BRÚ scéal ceathrar Gaeilgeoirí óga atá ag gabháil den spórt neamhghairmiúil agus iad ar fad ag déileáil leis an mbrú a bhaineann le scothaicme an spóirt ar feadh séasúir chomh maith lena saol gnóthach ó lá go lá. Beidh peileadóir, lúthchleasaí, dornálaí agus galfaire faoi chaibidil a bhfuil an díocas agus dúthracht céanna iontu dá spórt agus a bheith ag buachan.

Insítear an scéal ina dhá chlár, léirithe ag Brassneck Productions Ltd le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann agus TG4, cuirfear aithne ar na lúthchleasaithe go léir agus cloisfidh muid a gcuid scéalta agus a gcuid spriocanna don séasúr amach rompu. Comh maith, feicfidh muid iad ag glacadh páirt i gcomórtais éagsúla agus an tionchar a bhíonn ag an dul chun cinn a dhéanann siad i rith an tséasúir orthu.

Is í Róisín Nic Ruairí captaen fhoireann peile ban Dhún na nGall.  Rugadh i nGlaschú í ach bhog sí go Dún na nGall nuair a bhí sí 5 bliana d’aois agus d’imir sí peil Ghaelach ar dtús ar mhaithe le cairde a dhéanamh.  Is traenálaí aclaíochta í agus reáchtálann sí ranganna aclaíochta i Rann na Feirste, Dún na nGall agus imríonn sí peil leis an gcumann áitiúil, Naomh Muire CLG agus an bhrionglóid atá aici ná craobh na hÉireann a bhuachan lena contae.

Is as na Doirí Beaga i nDún na nGall í Fódhla Nic Pháidín agus d’imir sí gach cineál spóirt nuair a bhí sí ina leanbh. Shocraigh sí trathnóna amháin tabhairt faoin léim fhada agus ba léir go raibh sí cumasach sa spórt sin. Is múinteoir scoile í i mBaile Átha Cliath anois, chomh maith le bheith ag múineadh, bíonn sí ag traenáil roinnt oícheanta in aghaidh na seachtaine agus filleann sí ar Dhún na nGall gach deireadh seachtaine chun bheith ag traenáil leis an gcumann a mbíonn sí fós ag rith leo, Cumann Lúthchleasaíochta na Rosann. B’éigean di roinnt ama a chaitheamh gan a bheith páirteach sa spórt, ach tá sí anois ag iarraidh filleadh ar an iomaíocht ag an leibhéal is airde.

Is dornálaí óg sna fichidí í Kaci Rock. Rugadh i mBéal Feirste í agus bhog sí go gCill Mhantáin nuair a bhí sí 3 bliana d’aois. Ba curadh dornálaíochta a hathair, Jim Rock agus ó bhí sí ina páiste, tá Kaci í féin tugtha don dornálaíocht.   Tá iliomad craobh Náisiúnta buaite aici agus bíonn sí ag traenáil lena cumann, Holy Trinity ABC. Tá súil aici dul ar aghaidh agus craobh amaitéarach dhomhanda a bhuachan chomh maith le bonn Oilimpeach dá meáchan, sula dtéann sí ag plé leis an spórt go gairmiúil.

Is galfaire óg neamhghairmiúil den scoth as Gaoth Dobhair i nDún na nGall é Pádraig Ó Dochartaigh. Tá iliomad comórtas óige den scoth buaite aige ach bhain drochghortú dá rosta nuair a bhí sé 19 mbliana d’aois agus é ag glacadh páirt i gcomórtas Pro-Am san Eoraip.  Sa chlár seo, cuireann sé tús lena aistear arís agus é ag teacht chuige féin óna rosta gortaithe. Tar éis a obráide, téann sé ag fisiteiripe agus athshlánú féachaint lena rosta a neartú, mar aon leis an gcuid eile dá cholainn uachtair, agus súil aige go mbeidh sé ar ais ina neart mar a bhí sular gortaíodh é , agus ag buachan comórtais idirnáisiúnta agus ag oibriú i dtreo a bheith ina imreoir gairmiúil.

Caith súil air ar TG4, Déardaoin 21ú agus 28ú Bealtaine 2026, 9.35in.

Read More

All News