An dara sraith de lí ban, sraith anime do pháistí le paper owl films atá spreagtha ag an chultúr cheilteach, le craoladh ar cúla4/tg4 éire agus s4c.
Tá an dara sraith den tsraith anime bhríomhar Lí Ban, atá spreagtha ag an chultúr Cheilteach, le craoladh ar an ar TG4 Samhain 24, 4.25 i.n.
Tá 13 x 11 bhomaite d’eipeasóid úra atá dírithe ar pháistí 7–9 mbliana d’aois, agus meallfaidh siad an teaghlach go léir, le scéalaíocht mhealltach trí thóraíocht Lí Ban ar fhreagraí i ndomhan ársa déithe agus ollphéisteanna. Is í Charlotte McKenna stiúrthóir na sraithe, agus déanann Sadbh Bhreathnach guth Lí Ban agus Jude Petticrew guth Choin.
Is é Paper Owl Films a léirigh an tsraith seo a choimisiúnaigh Cúla4/TG4 in Éirinn agus S4C sa Bhreatnais. Fuarthas tacaíocht mhaoinithe ó Chiste Sound & Vision Choimisiún na Meán, chomh maith le Screen Fund agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann. Is é Aardman atá ag dáileadh na sraithe go hidirnáisiúnta.
Cuid a Dó de bhoscra cúig shraith, tá Lí Ban agus Con socraithe síos i ríocht Mhanannáin sa tsraith úrnua seo, agus iad ag cur aithne níos fearr ar Morveren, Dylan, Manannán agus Bíreog, ach ní fada uaithi in am ar bith mian Lí Ban an taobh daonna di féin a fháil ar ais.
Is gearr go dtugann Lí Ban agus Con faoi thóraíocht úr ar thóir an aon naisc amháin atá fágtha acu lena seansaol: Mídenn, atá sáinnithe in áit éigin atá faoi chosaint ag draíocht chumhachtach.
Nuair a chluineann siad go bhfuil Mídenn beo go fóill agus i ngéibheann ag Balor an oilc in oileán in Annwn sa tsaol eile, socraíonn siad é a tharrtháil ó ghreim Bhaloir, agus tugann siad faoi thóraíocht leis an draoi a shaoradh. Ach ní furasta do bhealach a dhéanamh a fhad le hAnnwn. Iarrann siad cuidiú ar an bhandraoi mhór Ceridwen agus castar a mac óg Tali orthu, a dhéanann cairdeas leo agus a théann leo ar a misean.
Tá laochra iontacha, drochdhaoine finscéalacha agus réaltacht a lúbann thart ar dhraíocht Cheilteach i gcroílár na sraithe úire go fóill. Tá na scéalta ar chuid de na scéalta is fiáine a tugadh anuas ó ghlúin go glúin i measc na gCeilteach riamh, agus a mbunús chomh sean leis na tailte agus na cladaí a mhúnlaigh iad.
Is é a dúirt Sioned Geraint, Coimisinéir Ábhair do Pháistí agus d’Fhoghlaimeoirí ag an chraoltóir Breatnaise S4C: “Tá ríméad orm gur éirigh le S4C páirt a ghlacadh i Lí Ban. Is sraith álainn í a chuireann ár scéalta Ceilteacha i láthair páistí tríd an Anime, meán a bhfuil an-tóir air i measc ár lucht féachana óig. Tá sé tábhachtach dúinn a bheith ag obair le comhpháirtithe Ceilteacha agus beidh sé go hiontach Lí Ban a bheith ar ár sceideal sa Bhreatnais.”
Is é a dúirt Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga agus Cultúir agus Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag Scáileán Thuaisceart Éireann: “Tá ríméad orainn go mbeidh Lí Ban ar ais ar ár scáileáin gan mhoill le tuilleadh eachtraí spreagúla agus a cara dílis Con lena taobh. Tá sé ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Chiste tacú le beochan bhunaidh Ghaeilge a chuireann canúint Uladh chun tosaigh, agus tá muid ar bís leis na scéalta úra seo, atá fréamhaithe i mbéaloideas na gCeilteach, a roinnt lenár lucht féachana óg in Éirinn, sa Bhreatain Bheag agus ar fud an domhain.”
Deirbhile Ní Churraighín, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4: “Is mór an solas agus sonas í Lí Ban. Tá go leor sárlaochra ársa againn in Éirinn agus tá Paper Owl chun cinn ar an gcaoi leis na finscéalta seo a thabhairt do lucht féachana óg an lae inniu ar bhealach comhaimseartha agus beoga gan croílár na scéil a chailleadh. Tá achan duine atá bainteach leis an léiriúchán seo, idir lucht na beochana, na scríbhneoireachta agus na guthaithe, ag iarraidh ábhar den chaighdeán is airde a chur ar fáil. Tá ár sár-chailín Lí Ban i lámha sábháilte.“
Is é a dúirt Miguel Mestre, Bainisteoir Sinsearach Díolacháin ag Aardman: “Tá ríméad ar Aardman a bheith mar chuid d’aistear Lí Ban agus ár dtacaíocht a thabhairt do Paper Owl leis an tsraith álainn seo atá curtha le chéile go fíorshnasta. Tá muid cinnte go rachaidh na scéalta “anime Cheiltigh” seo i bhfeidhm ar pháistí ar fud an domhain, agus tá muid ar bís lena fheiceáil cad é na heachtraí a bheas ag Lí Ban, Con agus a gcairde i sraitheanna amach anseo.”
Is é a dúirt Gráinne McGuinness, Stiúrthóir Cruthaitheach ag Paper Owl Films: “Tá muid fíorbhuíoch as tacaíocht leanúnach ár gcomhpháirtithe, atá á chur ar ár gcumas sraith úr de Lí Ban a dhéanamh, agus scéalta ársa Ceilteacha a insint a théann i bhfeidhm ar pháistí ar fud an domhain. Mar gheall ar an éileamh idirnáisiúnta atá ar anime agus ar scéalaíocht fantaisíochta, is féidir linn scéal Lí Ban agus í ag teacht in inmhe a insint do lucht féachana an lae inniu, agus tá a streachailt lena fháil amach cé hí féin sa tsaol chomh fíor do pháistí an lae inniu agus a bhí di féin na céadta bliain ó shin.”
SEASON TWO OF PAPER OWL FILMS’ CELTIC-INSPIRED KIDS ANIME SERIES LÍ BAN TO AIR ON CULA4/TG4 Ireland and S4C Wales.
Series 2 of fast paced celtic inspired anime series Lí Ban, set to air on TG4 November 24th, 4.25pm.
The new 13 x 11-minute episodes are for children aged 7-9, and will appeal to the whole family, with hooky storytelling through Lí Ban’s quest for answers in an ancient world of gods and monsters. The series is Directed by Charlotte McKenna and features Sadbh Breathnach as the voice of Lí Ban and Jude Petticrew as the voice of Con.
Produced by Paper Owl films, the series is commissioned by Cúla4/TG4 in Ireland and S4C in the Welsh language, made with funding support from Coimisiún na Meán, Sound & Vision Fund as well as Northern Ireland Screen’s Screen Fund and Irish Language Broadcast Fund. The series is being distributed internationally by Aardman.
Part Two of a five series box set, this brand-new series finds Lí Ban and Con settled in Manannán’s kingdom, getting to know Morveren, Dylan, Manannán and Bíreog better but Lí Ban’s wish to regain the human side of herself is never far from the surface.
Lí Ban and Con are soon on a new quest for the one link to their old way of life that still exists: Mídenn, trapped somewhere in a place protected by the forces of strong magic.
Overhearing that Mídenn is still alive, imprisoned by the evil Balor on an island in otherworldly Annwn, they determine to save him from Balor’s clutches, embarking upon a quest to free the druid. But the way into Annwn is not a straightforward one. They seek help from the great Sorceress Ceridwen, and meet young Tali, her son, who befriends them and joins them in their mission.
Fantastical heroes, legendary villains and a reality that bends around Celtic magic remain at the heart of the new season. The tales are some of the wildest ever passed down the Celtic generations, with origins as old as the lands and shores that shaped it.
Sioned Geraint, Content Commissioner for Children and Learners at Welsh Language broadcaster S4C says: “I’m delighted that S4C were able to be a part of LÍ Ban. It’s a beautiful series that introduces our Celtic tales to children through Anime which is so popular amongst our young audience. Working with Celtic partners is important to us and having Lí Ban in our schedule in Welsh will be fantastic.”
Áine Walsh, Chief Language & Cultural Officer and Head of the Irish Language Broadcast Fund at Northern Ireland Screen says: “We are so delighted that Lí Ban will shortly return to our screens for more exciting adventures with her loyal friend Con at her side. Supporting original Irish language animation with the Ulster dialect to the fore is a key priority for the Fund and we’re excited to share these new stories steeped in Celtic folklore with our young viewers in Ireland, Wales and across the world.“
Deirbhile Ní Churraighín, Commissioning Editor, TG4: “Lí Ban is a joy. We have a wealth of ancient superheroes in Ireland and Paper Owl leads the way in how to bring these legendary stories to today’s young audience in a contemporary lively way without losing the core of the story. The quality of the animation, the writing, the voice over artists, everyone involved in this production aspires to delivering content of the highest quality. Our super girl Lí Ban is in safe hands.“
Miguel Mestre, Senior Sales Manager at Aardman, says: “Aardman is delighted to be part of the Lí Ban journey and to offer our support to Paper Owl on this beautifully crafted show. We are sure these “Celtic anime” stories will resonate with kids around the world and cannot wait to see what adventures Lí Ban, Con and their friends will embark on in future seasons.”
Gráinne McGuinness, Creative Director at Paper Owl Films says: “We are so thankful for the continued support from our partners which is enabling us to make a new series of Lí Ban, telling ancient Celtic stories that resonate with children worldwide. The international popularity of anime and fantasy storytelling allows us to tell Lí Ban’s coming of age story for a modern audience and her struggle to find out who she is in the world is as real for today’s kids as it was for her centuries ago.”
Image Gallery
Image curtesy of Paper Owl Films.