(Sanjeev Kohli and Catriona Logan)

Karen Pirie, Irvine Welsh: Reality Is Not Enough and The Traitors Ireland among Celtic Media Festival 2026 nominees as new Presenter – Screen category debuts

Full list of nominees here

Hit drama Karen Pirie, feature documentary Irvine Welsh: Reality Is Not Enough, and reality format The Traitors Ireland are among the nominees for the 2026 Celtic Media Festival Torc Awards for Excellence, announced today, with the festival also introducing a new Presenter of the Year – Screen category recognising outstanding on-screen talent.

Writer and Actor Sanjeev Kohli, and Festival Director Catriona Logan revealed the full shortlist for the awards, which celebrate the best work in television, film, radio and audio from across the Celtic nations and regions.

Taking place from 2–4 June in Belfast, the annual three-day event will bring together broadcasters, producers and creatives for screenings, industry sessions and daily awards ceremonies. BBC, RTÉ, S4C, TG4, France 3 Bretagne, Virgin Media and Televisión de Galicia are among the broadcasters competing for this year’s Torc Awards, while Presenter of the Year – Screen, recognising outstanding on-screen broadcasting talent, is a new category for 2026.

Returning for its 47th year, the festival showcases standout programming from across Scotland, Northern Ireland, the Republic of Ireland, Wales, the Isle of Man, Cornwall, Brittany and Galicia.

The Irish Language Broadcast Fund has supported several nominated projects, including Éire agus na Chéad Náisiúin in the History category, Aontas in Single Drama, and Babaí Brain in Short Drama, while Raidió Fáilte is nominated in the Radio Station of the Year category.

Projects supported by Northern Ireland Screen are also recognised across this year’s nominations. Teen Predator/Online Killer, produced by local DoubleBand Films for BBC Northern Ireland and BBC Three, has been nominated in the Factual Series category, while Odo, produced by Belfast-based Sixteen South for Channel 5’s Milkshake!, has been nominated in the Animation category.

Festival Director Catriona Logan said:

“The Torc Awards recognise the exceptional breadth of work being produced across the Celtic media sector. This year’s nominees highlight the strength of storytelling and production talent working with broadcasters across television, radio and digital platforms — from major drama and entertainment formats to investigative journalism and innovative audio. With a record number of entries, we’re proud to be a small part of what is an incredibly talented industry”

Áine Walsh, Chief Language & Cultural Officer and Head of the Irish Language Broadcast Fund/ CMF Chair said:

“It’s wonderful to see such a strong and diverse range of work recognised in this year’s nominations. The Celtic Media Festival celebrates the voices, languages and cultures that define the Celtic nations, and it’s particularly exciting to see local projects and talent from Northern Ireland represented on this year’s shortlist. The quality and diversity of work reflect the strength of our production sector, and we look forward to celebrating with nominees and delegates in Belfast in June.”

Find out more about the Celtic Media Festival here.

__

Féile na Meán Ceilteach 2026  

Fógra déanta faoi Ainmniúcháin Ghradam Torc  

Karen Pirie, Irvine Welsh: Reality Is Not Enough agus The Traitors Ireland i measc ainmnithe Fhéile na Meán Ceilteach 2026 agus catagóir nua i mbliana: Láithreoir – Scáileán 

Liosta iomlán na n-ainmniúchán anseo 

Fógraíodh go bhfuil an dráma mór-ráchairte Karen Pirie, an gné-chlár faisnéise Irvine Welsh: Reality Is Not Enough, agus an clár réaltachta The Traitors Ireland i ina measc siúd a ainmníodh do Ghradaim Torc Fhéile na Meán Ceilteach 2026, agus táthar i ndiaidh catagóir nua, Láithreoir na Bliana – Scáileán a thabhairt isteach fosta, lena n-aithnítear tallann scáileáin den scoth. 

Nocht an Scríbhneoir agus tAisteoir, Sanjeev Kohli, agus Stiúrthóir na Féile, Catriona Logan an gearrliosta iomlán do na gradaim, rud a dhéanann ceiliúradh ar an tsaothar is fearr ó thaobh teilifíse, scannán, raidió agus cúrsaí fuaime de ar fud na náisiún agus na réigiún Ceilteach. 

Agus é ag titim amach ón 2–4 Meitheamh i mBéal Feirste, tabharfar le chéile leis an ócáid bhliantúil trí lá seo, craoltóirí, léiritheoirí agus lucht cruthaitheachta le haghaidh taispeáintí, seisiúin tionscail agus searmanais laethúla gradam. Beidh lucht BBC, RTÉ, S4C, TG4, France 3 Bretagne, Virgin Media agus Televisión de Galicia ar na craoltóirí a bheas ag dul san iomaíocht faoi choinne Ghradaim Torc na bliana seo agus is catagóir úr in 2026 é Láithreoir na Bliana – Scáileán lena n-aithnítear scoth na tallainne craoltóireachta ar scáileán. 

Agus í ag pilleadh dá 47ú bliain, is ionann an fhéile agus seóthaispeántas do scoth na gclár as Albain, Éirinn, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, Corn na Breataine, an Bhriotáin agus an Ghailís. 

Beidh aitheantas ann do thionscadail a fuair tacaíocht ó Scáileán Thuaisceart Éireann in ainmniúcháin na bliana seo chomh maith. Tá ainmniúchán faighte ag Teen Predator/Online Killer, arna léiriú ag an ghrúpa áitiúil, DoubleBand Films, do BBC Thuaisceart Éireann agus BBC Three, sa chatagóir Sraith Faisnéise, agus tá ainmniúchán faighte ag Odo, arna léiriú ag Sixteen South, atá lonnaithe i mBéal Feirste, do Milkshake!, de chuid Channel 5, sa chatagóir Beochan. 

Is amhlaidh, fosta, gur thacaigh an Ciste Craoltóireachta Gaeilge le roinnt tograí a bhfuil ainmniúchán faighte acu, lena n-áirítear, Éire agus na Chéad Náisiúin sa chatagóir Stair, Aontas sa chatagóir Drámaíocht Aonair, agus Babaí Brain i gcatagóir na  Gearrdhrámaíochta agus tá ainmniúchán ag Raidió Fáilte sa chatagóir Stáisiún Raidió na bliana. 

Arsa Stiúrthóir na Féile, Caitríona Logan: 

“Aithnítear, le Gradaim Torc, an fhairsinge iontach de shaothair atá á soláthar ar fud earnáil na meán Ceilteach. Aibhsíonn ainmnithe na bliana seo láidreacht na tallainne scéalaíochta agus léirithe a bhíonn ag obair le craoltóirí ar ardáin teilifíse, raidió agus digiteacha – ó mhórfhormáidí drámaíochta agus siamsaíochta go dtí an iriseoireacht iniúchta agus fuaim nuálach. Agus níos mó iontrálacha ann ná mar a bhí riamh, is ábhar mórtais dúinn go bhfuil ról againn, dá laghad é, i dtionscal a bhfuil an oiread sin tallainne ann.” 

Is é a dúirt Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga agus Cultúir agus ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge/Cathaoirleach Fhéile na Meán Ceilteach: 

“Is iontach an rud é gur tugadh aitheantas do réimse chomh láidir ilchineálach seo de shaothair le hainmniúcháin na bliana seo. Déanann Féile na Meán Ceilteach ceiliúradh ar na guthanna, na teangacha agus na cultúir a shainíonn na náisiúin Cheilteacha, agus tá sé thar a bheith spreagúil tograí áitiúla agus tallann ó Thuaisceart Éireann a fheiceáil ar ghearrliosta na bliana seo. Léiríonn caighdeán agus éagsúlacht na hoibre láidreacht na hearnála léiriúcháin s’againn, agus tá muid ag súil le ceiliúradh a dhéanamh in éineacht le hainmnithe agus le toscairí i mBéal Feirste i mí an Mheithimh.” 

Faigh níos mó eolais ar Fhéile na Meán Ceilteach anseo. 

Read More

All News