Codladh Sámh-Sraith úr deich bpáirt a fhiosraíonn gach a mbaineann leis an chodladh.

Tá rud éigin i gcoitinne againn go léir. Gníomh a chaithfidh muid uilig a dhéanamh, agus rud atá mar pháirt thábhachtach dár sláinte, ach a mbíonn na milliún duine ag streachailt leis gach oíche: an codladh.

Is léiriú de chuid Macha Media é Codladh Sámh, le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann.

Sa tsraith úr deich bpáirt seo Codladh Sámh, léirithe ag Macha Media, téann Aodhán Ó Baoill ar thuras le codladh níos fearr a bhaint amach.

Tá fadhbanna codlata ag Aodhán leis na blianta. Is minic a bhíonn sé ag streachailt le codladh maith a bhaint amach, agus is iomaí oíche a chaitheann sé ina luí ach múscailte ag stánadh ar an tsíleáil.

Arsa Aodhán faoina chuid streachailte, “Tá mé tinn tuirseach den drochchodladh a bhí agam le blianta anuas. Ní amháin go gcuireann an tuirse leanúnach agus an easpa fuinnimh isteach ormsa, ach ar mo chuid cairde agus mo theaghlach chomh maith. Shíl mé gur deis mhaith a bhí sa phodchraoladh seo na fadhbanna seo a réiteach mar is ceart.”

Le linn na sraithe fiosraíonn sé na himpleachtaí éagsúla dár gcuid codlata a bhíonn ag rudaí éagsúla ar nós strus, aiste bia, modh maireachtála, dearcthaí cultúrtha agus tuilleadh eile nach iad. Roinneann sé a chuid scéalta pearsanta féin, agus cluineann sé scéalta daoine eile ar féidir leo cuidiú lena chuid codlata. Le saineolas agus sainléargas óna chuid aíonna, nochtann sé an fhírinne taobh thiar de mhiotais faoin chodladh, agus tugann sé comhairle phraiticiúil don lucht éisteachta. Faigheann sé tuilleadh amach faoi sheanchas an chodlata in Éirinn, agus tugann sé deis mhachnaimh ag deireadh gach eagrán le machnamh suaimhneach don éisteoir.

Arsa Aodhán, “Le linn na sraithe, fuair mé amach gurb é an codladh an eochair dhraíochta le sláinte níos fearr a bheith againn, ach ní minic a thugann muid go leor airde dó. Tá súil agam go gcuideoidh an tsraith seo le daoine titim i ngrá leis an chodladh arís.”

Labhraíonn Aodhán le cuid mhór saineolaithe agus aíonna speisialta le linn na sraithe, ina measc siúd an saineolaí cothúcháin agus tionchaire Kate McDaid, an saineolaí ióga Naoise Ní Bhroin, agus an dearthóir tí Emer Mhic an Fháilí. Foghlaimíonn sé faoi shuantraí a bhuí leis an cheoltóir aitheanta Pádraigín Ní Uallacháin, agus éisteann sé le seanchas faoin chodladh i gcuideachta Dhubháin Uí Longáin.

Éist le gach eagrán anois ar Spotify.

Codladh Sámh- New ten-part podcast exploring everything to do with sleep.

We all have one thing in common. Something we must all do, a vital part of our health and wellbeing, but something with which millions of people struggle every night: sleep.

In Codladh Sámh, a new ten-part Irish-language podcast from Macha Media, Aodhán Ó Baoill takes listeners on a quest for better sleep.

Codladh Sámh is a Macha Media production, supported by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.

A lifelong poor sleeper, Aodhán often struggles to have a good night’s sleep, and often spends the night lying down staring at the ceiling, frustrated at not being able to sleep.

Speaking about his struggles, Aodhán said: “For years now, I have been sick and tired of my bad sleep pattern. The constant exhaustion and low energy levels are affecting not just my life, but the lives of my friends and family. I thought that this podcast was a great opportunity to try and solve this problem for good.”

Across the series, Aodhán explores how factors like diet, stress, lifestyle, and even cultural attitudes to rest impact the quality of our sleep. He opens up about his own personal struggles and speaks to others who can help him discover more about sleep. With expert insights from guests, Aodhán busts common myths and shares practical advice about sleep. He discovers more about traditions and folklore around sleep in Ireland, and offers moments of reflection for listeners at the end of every episode, in the form of a calming, guided meditation.

Aodhán says “During the series, I discovered that sleep is the magic elixir we all depend on, but so often, we treat it like an afterthought. I hope that this series makes listeners fall in love with sleep again.”

Aodhán speaks with many special guests throughout the series, including the wellness influencer and nutritionist Kate McDaid, the yoga master Naoise Ní Bhroin, and the interior designer Emer Mhic an Fháilí. He learns about lullabies in the company of renowned singer and songwriter Pádraigín Ní Uallacháin, and hears about the ancient folklore tales of sleep in Ireland from folklorist Dubhán Ó Longáin. All this and much more from guests and experts with one thing in common: sleep.

Listen now on Spotify.

Read More

All News