Cúrsaí an Chontae: Sraith Oideachais Úr le Foghlaim TG4

Sa tsraith ocht gclár seo, téimid ar thuras timpeall na hÉireann — contae ar chontae.

Sraith úrnua í seo faoi Éirinn, léirithe tríd na contaetha. Físeáin a thugann léargas ar chúrsaí agus ar fhíricí a bhaineann le gach contae — meascán de chultúr, stair agus tíreolaíocht.

Is acmhainn foghlama é Cúrsaí an Chontae do dhaltaí bunscoile agus do lucht foghlama na Gaeilge.

Sa tsraith seo, téimid timpeall na tíre ag foghlaim trí ghlórtha na bpáistí a bhfuil cónaí orthu sna contaetha éagsúla, agus trínár láithreoir, Kathryn Ní Mhaoláin.

Ó aillte fiáine Dhún na nGall go sráideanna gnóthacha Bhéal Feirste, tugann an tsraith oideachasúil seo léargas ar stair, ar chultúr agus ar cheol gach contae.

Tugaimid cuairt ar Ard Mhacha agus ar Phort Láirge, agus téimid go cósta Chill Mhantáin agus go “Contae Yeats” i Sligeach.

Insítear Cúrsaí an Chontae i bhfocail na bpáistí áitiúla féin. Le linn gach clár, foghlaimítear fíricí suimiúla agus eolas spraíúil faoi gach contae.

Faigh amach cad é atá speisialta faoi gach contae agus faigh léargas ar Éirinn trí shúile na scéalaithe is óige atá againn.

Is é Beloved Media a léirigh Cúrsaí an Chontae do Foghlaim TG4, le maoiniú ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann agus ó Foghlaim TG4.

Cúrsaí an Chontae: New Educational Irish-Language Series with Folami TG4

In this eight-part series, we take a journey around Ireland — county by county.

This is a brand new series about Ireland, presented through the counties. Videos that provide insight into matters and facts relating to each county — a mix of culture, history and geography.

Cúrsaí an Chontae is a learning resource for primary school students and Irish language learners.

In this series, we travel around the country learning through the voices of children living in the different counties, and through our presenter, Kathryn Ní Mhaoláin.

From the wild cliffs of Donegal to the bustling streets of Belfast, this educational series provides an insight into the history, culture and music of each county.

We visit Armagh and Waterford, and head to the Wicklow coast and “Yeats County” of Sligo.

Cúrsaí an Chontae is told in the words of local children themselves. Throughout each programme, you will learn interesting facts and fun information about each county.

Discover what is special about each county and get a glimpse of Ireland through the eyes of our youngest storytellers.

Cúrsaí an Chontae was produced for Foghlaim TG4 by Beloved Media, with funding from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcasting Fund and Foghlaim TG4.

Cúrsaí an Chontae – An dún_James Jamison Mac Lo

Read More

All News