Ocht dTogra a bhFuair Tacaíocht Ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge ar an Ghearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025
D’fhógair An tOireachtas an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025, agus tá lúchair ar Scaileán Thuaisceart Éireann go bhfuil ocht dtogra a bhfuair tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge ainmnithe sa liosta seo.
Déanann Gradaim Cumarsáide an Oireachtais céiliúradh ar bharrfheabhas in earnáil na meáin chumarsáide Gaeilge, tríd éachtaí a aithint i measc rólanna eagsúla, san áireamh bíonn láithreoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus léiritheoirí cláir teilifíse agus raidió.
Léirigh Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga & Cultúrtha & Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, gur chúis áthais di na hainmniúcháin:
“Tá muid thar a bheith brodúil as na tograí atá maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, is an-mholadh iad na hainmniúcháin ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais na bliana seo do shárchumas agus díograis na ndaoine a bhí páirteach iontu. Is mór an onóir dúinn cur le fás agus forbairt na meáin chumarsáide Gaeilge, agus muid ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód, agus tá muid ag súil go mór an dul chun cinn seo a chéiliúradh ag an searmanas bronnta ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Tá dhá chatagóir déag (12) ar chlár na ngradam i mbliana. Beidh an ócáid bhronnta ar siúl Dé Céadaoin, 29ú Deireadh Fómhair 2025.
Tá gach eolas maidir le himeachtaí uile an Oireachtais le fáil ar an suíomh ag www.antoireachtas.ie.
Ainmniúcháin an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scaileán Thuaisceart Éireann:
Sraith Teilifíse Na Bliana Do Dhaoine Óga
- Scoil Choille– Corcra Media
- Lí Ban – Paper Owl Films
Clár Teilifíse/ Scannán Na Bliana
- Réiteoir! – Macha Media
- Aontas – Púca Pictures
Clár Teilifíse Na Bliana
- Gioraíonn Beirt Bóthar– Macha Media
- Saol na Feirme – Strident Media
- Crá – Fíbín Films
- Is Mise le Mess – Ronin Films
Eight Projects Supported by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund Nominated for 2025 Oireachtas Media Awards
The Oireachtas Media Awards celebrate excellence in the Irish language media sector, recognising outstanding achievements across various roles, including presenters, producers, journalists, columnists, actors, and makers of television and radio programmes. These individuals will be honoured for their exceptional work over the past year.
Áine Walsh, Chief Language & Cultural Officer & Head of the ILBF, expressed her delight in the nominees:
“We are incredibly proud of the projects supported by our Irish Language Broadcast Fund. This year’s Oireachtas Media Awards nominations are a testament to the exceptional talent and dedication of everyone involved. It is an honour to contribute to the growth and celebration of Irish language media, in this our 20th anniversary year, and we look forward to celebrating their achievements at the awards ceremony.”
This year’s ceremony features 12 award categories spanning traditional and online media. The ceremony event will take place on Wednesday, October 29th, 2025, at Belfast’s City Hall.
For the latest updates on Oireachtas events, visit www.antoireachtas.ie.
Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund Nominees:
Television Series of the year for young people
- Scoil Choille– Corcra Media
- Lí Ban – Paper Owl Films
Television programme/film of the year
- Réiteoir! – Macha Media
- Aontas – Púca Pictures
Television series of the year
- Gioraíonn Beirt Bóthar– Macha Media
- Saol na Feirme – Strident Media
- Crá – Fíbín Films
- Is Mise le Mess – Ronin Films