Filming commenced this week on series two of the Irish language crime drama Crá.
The hugely successful first series, produced by Fíbín Media and Zoogon Ltd for BBC Gaeilge and TG4, was the first Irish Language crime drama to air on BBC One Northern Ireland, BBC iPlayer and BBC Four.
Sold to 68 countries and streaming under the international title Boglands, Crá has proven popular with audiences around the world.
Series two, which is currently filming in Gaoth Dobhair, County Donegal, is produced by Fíbín Media and Fíbín Films NI for BBC Gaeilge and TG4 with support from Screen Ireland, Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, Coimisiún na Meán and distributors About Premium Content (APC).
Series one concluded with Garda Conall Ó Súilleabháin (Dónall Ó Héalaí) discovering the truth about what happened to his mother Sabine whose body was found mysteriously buried in a bog.
In series two, the personal and professional lives of law enforcers who are operating in a lawless borderland are explored as Conall, now a trainee detective, must confront his past to secure his future.
Returning for this six-part series are Dónall Ó Héalaí (Hidden Assets, Foscadh), Alex Murphy (The Young Offenders) as Barry, Hannah Brady (Soulm8te) as Ciara-Kate, and Colm Mac Giolla Easbuic (Ros na Rún) as Iarla.


New names joining the cast include Siobhán O’Kelly (Mix Tape), Lochlann Ó Mearáin (Mr Loverman, The Head), Art Parkinson (Aontas, Say Nothing), Aoife Nic Ardghail (Casual) and Tony Devlin (Say Nothing). Further cast details for series two will be released in due course.
The producers are Ciarán Charles and Darach Ó Tuairisg for Fíbín Media and Méabh Nic Alastair for Fíbín Films NI.
Writers on the new series are Richie Conroy (Crá series one, Leonard and Hungry Paul), Sarah Gordon and Damian McCann (Aontas) and Noel McCann (Blue Lights) and Philip Doherty (Crá series one Director), with new cast member Aoife Nic Ardghail also joining the writing team.
Read more: BBC Northern Ireland and TG4 commission second series of Irish language crime drama Crá
Crá series one is available to watch on BBC iPlayer
Tús curtha leis an scannánaíocht ar an dara sraith den choirdhráma Crá. Beidh aisteoirí nua i dteannta an chliar seanbhunaithe freisin.
Cuireadh tús an tseachtain seo leis an scannánú ar an dara sraith den choirdhráma Gaeilge.
Fíbín Media agus Fíbín Films NI atá i mbun léirithe ar an dara sraith atá á scannánú i nGaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall do BBC Gaeilge agus do TG4 le cabhair airgid ó Fís Éireann, ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann, ó Choimisiún na Meán agus ó na dáileoirí About Premium Content (APC).
Ba é an coirdhráma Gaeilge seo, ar éirigh go geal lena chéad shraith agus a léirigh Fíbín Media agus Zoogon Ltd do BBC Gaeilge agus TG4, an chéad choirdhráma Gaeilge a craoladh ar BBC One Northern Ireland, BBC iPlayer agus BBC Four.
Tá an-tóir ag an lucht féachana ar fud an domhain ar Crá, atá díolta le 68 tír agus atá á shruthú faoin teideal idirnáisiúnta Boglands.
Fuair an Garda Conall Ó Súilleabháin (Dónall Ó Héalaí) amach ag deireadh na chéad sraithe cad é a tharla dá mháthair Sabine a bhfuarthas a corp curtha go mistéireach sa phortach.
Sa dara sraith, fiosrófar saol pearsanta agus gairmiúil an lucht dlí atá ag obair i gceantar gar don teorainn nach bhfuil mórán airde ann ar an dlí agus beidh ar Chonall, atá ag traenáil le bheith ina bhleachtaire, aghaidh a thabhairt ar an am atá caite chun dul ar aghaidh sa saol.
Ag filleadh don tsraith sé chuid seo beidh Dónall Ó Héalaí (Hidden Assets, Foscadh), Alex Murphy (The Young Offenders) i bpáirt Barry, Hannah Brady (Soulm8te) i bpáirt Ciara-Kate, agus Colm Mac Giolla Easbuic (Ros na Rún) i bpáirt Iarla.
I measc na n-aisteoirí nua a bheidh le feiceáil sa tsraith seo beidh Siobhán O’Kelly (Mix Tape), Lochlann Ó Mearáin (Mr Loverman, The Head), Art Parkinson (Aontas, Say Nothing), Aoife Nic Ardghail (Casual) agus Tony Devlin (Say Nothing). Déanfar aisteoirí eile sa dara sraith a chur in iúl de réir a chéile.
Is iad Ciarán Charles agus Darach Ó Tuairisg thar ceann Fíbín Media agus Méabh Nic Alastair thar ceann Fíbín Films NI na léiritheoirí.
I mbun scríbhneoireachta ar an tsraith nua tá Richie Conroy (Crá sraith a haon, Leonard and Hungry Paul), Sarah Gordon agus Damian McCann (Aontas) agus Noel McCann (Blue Lights) agus Philip Doherty (Stiúrthóir Crá sraith a haon), agus tá Aoife Nic Ardghail, aisteoir agus scríbhneoir ar an fhoireann chomh maith.