Fleadh Folk airing on TG4, Tuesday 4th August at 9.30pm and on BBC One Northern Ireland & BBC iPlayer, Sunday 2 August at 10.30pm.

With Fleadh Cheoil na hÉireann coming to the city of Belfast for the very first time this year, there’s a definite buzz in the city as it approaches. Fleadh Folk is an hour-long music show which captures the importance of music in the province. Presented by Jane Rea & John Toal, we’re taken on a musical odyssey of Northern Ireland from traditional music lessons in Portrush; to a session in Belfast, to a taste of the Ulster Fleadh in Warrenpoint culminating in a live concert in the Mandela Hall.

Co-produced by Clean Slate TV and Beloved Media with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, Ulster-Scots Broadcast Fund, TG4 and BBC.

Fleadh Folk presents a celebration of Ulster’s shared musical roots, where traditional Irish, Ulster-Scots and contemporary folk artists come together to celebrate music across traditions, generations and languages. From Lambeg and bodhrán rhythms to fiddle tunes, pipes, song and dance, this is a celebration of music in Ulster, a place where traditions flow in, flow out, and flow together.

The show will feature some of the best of Northern Irish talent with music from Foy Vance, The Reuben Agnew Trio, The Blackwater Céilí Band, Piarais Ó Lorcáin, Dermot Byrne, Stevie Dunne, Gino Lupari, The McKenna Family, Kathryn Stewart, Caitríona Ní Ghribín, Miadhachlughain O’Donnell, Zoran Donohoe & Lisa Dawson.

Déanann Fleadh Folk ceiliúradh ar thraidisiúin cheoil comhroinnte Uladh

Dé Máirt 4 Lúnasa ag 9.30pm ar TG4 agus ar BBC One Northern Ireland & BBC iPlayer, ar an Domhnach 2ú Lúnasa ar 10.30in.

Agus Fleadh Cheoil na hÉireann ag teacht go cathair Bhéal Feirste den chéad uair riamh i mbliana, tá bús ar fud na cathrach agus an Fhleadh ag teannadh linn. Is clár ceoil uair an chloig é Fleadh Folk a thugann léargas ar an tábhacht atá leis an gceol i gCúige Uladh. Á chur i láthair ag Jane Rea agus John Toal, tugann an clár muid ar aistear ceoil ar fud Thuaisceart Éireann – ó ranganna ceoil thraidisiúnta i bPort Rois, go seisiún ceoil i mBéal Feirste, go blaiseadh d’Fhleadh Uladh i bPointe an Chaisleáin Rua, agus ag críochnú le ceolchoirm bheo i Halla Mandela.

Comhléirithe ag Clean Slate TV agus Beloved Media le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge & An Ciste Craoltóireachta Ultaise de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann, TG4 agus BBC.

Déanann Fleadh Folk ceiliúradh ar fhréamhacha comhroinnte cheol Uladh, áit a dtagann ceoltóirí traidisiúnta Gaeilge, Ultacha Albanacha agus ceoltóirí ceoil na ndaoine comhaimseartha le chéile chun an ceol a cheiliúradh thar thraidisiúin, thar ghlúnta agus thar theangacha. Ó rithimí an druma Lambeg agus an bhodhráin go foinn fidle, píobaireacht, amhránaíocht agus damhsa, is ceiliúradh é seo ar cheol Uladh – áit a sreabhann traidisiúin isteach, amach agus le chéile.

Beidh cuid de na ceoltóirí is fearr i dTuaisceart Éireann le feiceáil ar an gclár, ina measc Foy Vance, The Reuben Agnew Trio, The Blackwater Céilí Band, Piarais Ó Lorcáin, Dermot Byrne, Stevie Dunne, Gino Lupari, The McKenna Family, Kathryn Stewart, Caitríona Ní Ghribín, Miadhachlughain O’Donnell, Zoran Donohoe, agus Lisa Dawson.

Bígí linn don cheiliúradh ceoil seo –  tús foirfe, meidhreach le cheiliúradh Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026 i mBéal Feirste.

Read More

All News