Pic: Seán Mac Ruairí & David McGoldrick on their wedding day

Wednesday, 19th November, 9,30PM ar TG4

Ten years on from Ireland’s vote for marriage equality – but how far have we really come? 

YouTube Clip Glacaim Leat 

Glacaim Leat is an intimate and reflective Irish-language documentary marking a decade since Ireland made history in 2015, when it became the first country in the world to legalise same-sex marriage by public referendum, with 62% of the population voting Yes. Blending love story, political reckoning, and cultural memory, the film follows the people who helped shape that journey and those now living its legacy. 

This one-hour observational documentary is a Below the Radar production for TG4, supported by the Irish Language Broadcast Fund (Northern Ireland Screen). Directed by Seán Ó Baoill and produced by Medb Ní Dhúláin, it will air later this year as part of the TG4 Autumn Schedule. 

At the heart of this film is the wedding of Seán and David, a quiet, deeply personal moment in the Donegal Gaeltacht , a world away from the crowds at Dublin Castle, yet only possible because of them. Around them, we meet some of the most influential voices in Ireland’s LGBTQ+ story: Senator David Norris, activist and archivist Tonie Walsh, journalist and activist Lisa Nic an Bhreithimh, and Ruadhán Ó Críodáin, an activist and director of ShoutOut – each reflecting on the past, reckoning with the present, and imagining the future. 

Shot over a year and culminating at Dublin Pride 2025, the film is a reminder that Pride is still a protest. In a climate of rising hate and political rollback, particularly around trans rights, queer families, and an increase in homophobic attacks, Glacaim Leat asks what kind of Ireland we want the next generation to inherit. As more and more young LGBTQ+ people say they no longer feel safe, the film challenges us to confront the gap between the promise of 2015 and the reality of today. 

Director’s Seán Ó Baoill said:

“Glacaim Leat is both a love letter and a warning. As a filmmaker, I wanted to capture the beauty of what’s been won while also showing the fragility of it. Pride can be joyful, but it’s also political. This film holds those truths side by side. It’s about recognising how far we’ve come, while refusing to ignore the growing fear many young LGBTQ+ people are living with today. It’s a thank you to those who paved the way and a call not to turn away from the fight that continues.” 

GLACAIM LEAT 

Dé Céadaoin 19 Samhain 9.30pm ar TG4 

YouTube Glacaim Leat 

Tá deich mbliana ann ó vótáil Éire ar son an chomhionannais pósta – ach cén dul chun cinn atá déanta againn i ndáiríre? 

Is clár faisnéise Gaeilge an-phearsanta lánmhachnaimh é Glacaim Leat a chraolfar deich mbliana i ndiaidh d’Éirinn beart a dhéanamh in 2015 nach ndearnadh riamh roimhe: ba í an chéad tír ar domhan a rinne an pósadh comhghnéis dleathach le reifreann poiblí; reifreann ar vótáil 62% den daonra ar a shon. Is scannán é seo a fhíonn scéal grá, cinniúint pholaitiúil agus cuimhne chultúir ina chéile; leantar na daoine a chuidigh leis an bhealach sin a réiteach agus cluintear ó na daoine atá thuas leis an bhua ó shin. 

Is léiriúchán de chuid Below the Radar é an clár faisnéise breathnaitheach uair an chloig seo a léiríodh do TG4 agus fuarthas tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge (Scáileán Thuaisceart Éireann). Seán Ó Baoill a bhí ina stiúrthóir agus Medb Ní Dhúláin a bhí ina léiritheoir; craolfar an clár níos faide anonn sa bhliain mar chuid de sceideal an Fhómhair ar TG4. 

Ag croílár an scannáin seo tá bainis Sheáin agus David, lá ciúin an-phearsanta i nGaeltacht Dhún na nGall; ba mhór idir é agus cruinniú na sluaite ag Caisleán Bhaile Átha Cliath, ach níorbh ann don bhainis féin murach na sluaite céanna. Thart timpeall orthu, buailimid le cuid de na daoine is mó a d’imir tionchar ar scéal LADTA+ na hÉireann: an Seanadóir David Norris, an gníomhaí agus cartlannaí Tonie Walsh, an t-iriseoir agus gníomhaí Lisa Nic an Bhreithimh, agus Ruadhán Ó Críodáin, gníomhaí agus stiúrthóir ShoutOut – cuimhníonn siad ar fad siar ar an dóigh a raibh cúrsaí san am a chuaigh thart, labhraíonn siad ar staid an lae inniu agus déanann siad a machnamh ar a mbeidh le teacht. 

Bród Átha Cliath 2025 ba bhuaic don scannán, a taifeadadh in imeacht bliana, agus cuirtear i gcuimhne dúinn gur agóid fós é Bród. De réir mar a théann an fuath i méid agus na bearta polaitíochta i laghad ar na saolta seo, i dtaca le cearta trasinscne agus cearta na dteaghlach aiteach go háirithe, agus de réir mar a thagann ardú ar líon na n-ionsaithe homafóbacha, is é an cheist a chuireann Glacaim Leat: cén cineál Éireann ba mhaith linn a fhágáil ag an chéad ghlúin eile? De réir mar a mhothaíonn níos mó agus níos mó daoine óga LADTA+ nach bhfuil siad sábháilte, tugann an scannán seo ár ndúshlán aghaidh a thabhairt ar an bhearna idir dóchas 2015 agus easpa gnímh an lae inniu. 

Dúirt an stiúrthóir Seán Ó Baoill:

Is litir ghrá é Glacaim Leat ach is rabhadh atá ann san am céanna. Mar scannánóir bhí mé ag iarraidh áilleacht an éachta a léiriú ach bhí mé ag iarraidh a thaispeáint a leochailí atá an áilleacht chéanna sin chomh maith. Tá aoibhneas ag baint le Bród, ach má tá féin, is rud polaitiúil é chomh maith. Tá an dá fhírinne sin taobh le chéile sa scannán seo. Aithníonn sé an dul chun cinn atá déanta againn ach ní cheileann sé an eagla atá ar chuid mhór daoine óga LADTA+ sa lá atá inniu ann. Gabhann sé buíochas leo siúd a réitigh an bealach agus iarrtar ar an phobal gan a gcúl a thabhairt leis an chomhrac atá fós ar siúl.” 

Read More

All News