Sunday, December 21, 9.30 pm on TG4 and TG4 Player
A musical collaboration celebrating the cultural connection between Ireland and Japan with the 2025 TG4 Music Award winners and traditional musicians and dancers from Japan.
TG4 was delighted to accept an invitation from the Department of Foreign Affairs and Trade to act as broadcast partner for a special programme recorded at Expo 2025 Osaka, showcasing Ireland’s creativity, language and heritage to a global audience while strengthening the growing cultural connection between the two nations.
TG4 is proud to be able to document the Irish presence at Expo 2025 Osaka through this partnership, and to further benefit from it by showcasing the stories, events and artistic aspects of the event back home.
Supported by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF) and produced by Big Mountain Productions, Gradam Ceoil TG4 @ Expo 25: Two Musical Islands will be a feature-length documentary presented by Áine Hensey. The film will bring audiences together for a thrilling night of music and dance, showcasing outstanding musicians, dancers and singers from two island nations far apart, in a wonderful fusion of Irish and Japanese culture.
Jane Kelly, Executive Producer of Big Mountain, said: ‘We are delighted to have produced this high-quality documentary in collaboration with the Department of Foreign Affairs and Trade and TG4, and with the assistance of the Irish Language Broadcasting Fund. This project has been in the making for almost two years. We are extremely grateful to our small and very special live music production team and to our wonderful colleagues in Japan for bringing the concert with the best of Irish and Japanese artists performing on the other side of the world to 2,000 people who were all spellbound. We hope that the audience will enjoy this great show that we have had so much fun putting together.
Proinsias Ní Ghráinne, Commissioning Editor at TG4, says that Gradam Ceoil TG4 “is delighted to bring the premier event for live traditional music to Osaka as part of Ireland’s presence at Expo 2025 and we are delighted to present the event as it took place to audiences around the world with this film. This series of newly composed compositions and arrangements of both traditions fits in very well with the Expo 2025 theme of ‘Creativity the Connection between People’. We hope that this will provide a new impetus for artistic collaboration between the people of Ireland and the people of Japan.”
Áine Walsh, Chief Language & Culture Officer and Head of the Irish Language Broadcasting Fund at Northern Ireland Screen , says , “We were delighted to assist with this project which celebrates the cultural ties between the two island nations of Ireland and Japan. The work involved in producing it is a huge undertaking and the way in which Big Mountain, a company based in Newry, has delivered it is fantastic, thanks to the incredible creative talent of the people at that company. I am looking forward to enjoying the fruits of their labour and the excellent Irish traditional musicians on stage with their Japanese colleagues. ”
Recipients of this year’s TG4 Music Awards, among Ireland’s finest traditional musicians, travelled to Japan to perform in a major concert at Expo Osaka 2025. The concert, curated and conducted by Ulster musician and composer Neil Martin, took place in the 2,000-seat theatre at the Irish Pavilion. The performers included Siobhán Peoples, Cathy Jordan, Flook, Johnny Óg Connolly, Colm Broderick, Matt Cranitch, Áine Hensey, Rod McVey and sean-nós dancer Becky Ní Éallaithe. They were joined on stage by leading Japanese artists including Misako Koja, Kazuya Sahara, Taka Hayashi, Kozo Toyota, Hiro and Luke Hayashida, Atsushi Yamane and Kyoko Yamane.
TG4 has presented awards to Ireland’s leading traditional musicians for 27 years, and this documentary, supported by the Department of Foreign Affairs and Trade and the Irish Language Broadcasting Fund, brings award winners to an international audience in Japan, a country with a long-standing and growing interest in Irish traditional music.
Ireland’s participation in Expo 2025 Osaka, which welcomed over 28 million visitors and featured more than 1,650 events at the Irish Pavilion showcasing Irish artists and hosting high-level political and trade delegations, formed part of the wider Ireland and Japan 2025 campaign. These initiatives provided a unique opportunity to strengthen cultural, economic and people-to-people ties between Ireland and Japan.
Gradam Ceoil TG4 @Expo 25 – Two Musical Islands will be on TG4 on Sunday, December 21st at 9.30pm and will be available worldwide on the TG4 Player.
_
Gradam Ceoil TG4 @ Expo 25: Dhá Oileán Cheolmhara
Dé Domhnaigh, an 21 Nollaig, 9.30 i.n. ar TG4 agus Seinnteoir TG4
Comhar ceolmhar mar cheiliúradh ar an gceangal cultúir idir Éire agus an tSeapáin leo siúd ar bronnadh Gradam Ceoil TG4 2025 orthu agus ceoltóirí agus damhsóirí traidisiúnta as an tSeapáin.
B’ábhar ríméid do TG4 cuireadh a fháil ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála feidhmiú mar pháirtnéir craoltóireachta agus taifeadadh a dhéanamh ar an gclár speisialta seo ag Expo 2025 in Osaka na Seapáine, tráth a raibh saibhreas cultúir na hÉireann agus na Seapáine á chur ar an ardán os comhair an domhain ar fad.
Is údar mórtais ag TG4, tríd an gcomhar seo, taifeadadh a dhéanamh ar theacht i láthair na nÉireannach ag Expo 2025 Osaka, agus tairbhe breise a dhéanamh ina leith sin, trí scéalta, eachtraí agus gnéithe ealaíne na hócáide a thaispeáint ar ais sa bhaile.
Tacaithe ag Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann (CCG) agus léirithe ag Big Mountain Productions, tarraingeoidh an clár, arna chur i láthair ag Áine Hensey, an lucht féachana le chéile d’oíche spleodrach ceoil agus damhsa le scoth na gceoltóirí, na ndamhsóirí agus na n-amhránaithe ón dá náisiún seo ar oileáin i bhfad ó chéile, cumasc iontach idir cultúr mhuintir na hÉireann agus cultúr mhuintir na Seapáine.
Deir Jane Kelly, Léiritheoir Feidhmiúcháin le Big Mountain, ‘Cuireann sé ríméad orainn gur sinn a léirigh an fadscannán faisnéise sárchaighdeáin seo i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus le TG4, agus le cúnamh ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge. Tá beagnach dhá bhliain caite leis an togra seo. Tá muid fíorbhuíoch den mheitheal bheag iontach speisialta léiriúcháin atá againn maidir le ceol beo agus dár gcomhghleacaithe iontacha sa tSeapáin as an gceolchoirm le scoth na n-ealaíontóirí as Éirinn agus as an tSeapáin ag seinm a chur ar siúl ar an taobh eile den domhan os comhair 2,000 duine a cuireadh faoi dhraíocht uilig. Tá súil againn go mbainfidh an lucht féachana taitneamh as an seó mór seo a raibh oiread sásaimh againne á chur le chéile.
Deir Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe le TG4, gur mhór le Gradam Ceoil TG4 “an ócáid is mó le rá maidir le ceol traidisiúnta beo a thabhairt go Osaka mar ghné de theacht i láthair na hÉireann ag Expo 2025 agus gur breá linn an ócáid mar a bhí ar siúl ansin a chur i láthair lucht féachana ar fud an domhain leis an scannán seo. Tagann sraith seo na gceapachán nuachumtha agus na saothar cóiriúcháin maidir leis an dá thraidisiún go rímhaith le téama Expo 2025 ‘Cruthaitheacht an Ceangal idir Daoine’. Tá súil againn go gcuireann seo borradh nua faoin gcomhoibriú ealaíne idir muintir na hÉireann agus muintir na Seapáine.”
Deir Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga & Cultúir agus Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag Scáileán Thuaisceart Éireann, “Bhí an-áthas orainn cuidiú leis an togra seo trína ndéantar ceiliúradh aoibhinn ar an gcomhchaidreamh cultúir idir dhá náisiún oileánda in Éirinn agus sa tSeapáin. Is mór an beart oibre a bhain lena léiriú agus is iontach mar a chuir Big Mountain, comhlacht atá lonnaithe in Iúir Chinn Trá, an beart i gcrích, a bhuíochas don chumas iontach cruthaitheachta atá i muintir an chomhlachta sin. Táim ag tnúth go mór le taitneamh a bhaint as toradh an tsaothair agus scoth na gceoltóirí traidisiúnta as Éirinn ar an stáitse lena gcomhghleacaithe as an tSeapáin.
Thaistil siadsan ar bronnadh Gradam Ceoil TG4 orthu ag príomhócáid Gaeilge cheol traidisiúnta na hÉireann i mbliana, scoth cheoltóirí traidisiúnta na tíre, go dtí an tSeapáin le páirt a ghlacadh i gceolchoirm mhór arna leagan amach agus á stiúradh ag Neil Martin, an ceoltóir agus an cumadóir ceoil as Cúige Uladh, in amharclann 2,000 suíochán i bPailliún na hÉireann ag Expo Osaka 2025. San áireamh, bhí na ceoltóirí agus amhránaithe gradamúla; Siobhán Peoples, Cathy Jordan, Flook, Johnny Óg Connoll, Colm Broderick, Matt Cranitch, Áine Hensey, Rod McVey, agus Becky Ní Éallaithe, damhsóir ar an sean-nós. Bhí sároirfidigh na Seapáine ar an stáitse in éineacht leis an gcompántas gradamúil sin de cheoltóirí na hÉireann; Misako Koja, amhránaí, Kazuya Sahara, tionlacaí, Taka Hayashi, damhsóir, Kozo Toyota, fliútadóir, Hiro & Luke Hayashida, drumadóirí Taiko, Atsushi Yamane, píobaire agus Kyoko Yamane, sreangdhrumadóir.
Tá TG4, le 27 mbliana anuas, ag bronnadh gradaim ar cheoltóirí traidisiúnta sárchumasacha na hÉireann agus cuireann an scannán faisnéise seo, le cúnamh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, chomh maith leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge, roinnt de lucht na ngradam sin os comhair lucht féachana idirnáisiúnta sa tSeapáin, ceoltóirí traidisiúnta na hÉireann á dtabhairt chuig tír ina bhfuil spéis le fada ann, agus borradh faoin spéis sin i gcónaí, ionas go gcuidítear le seasamh cheol na hÉireann i measc chineálacha ceoil dúchais an domhain.
Bhí Éire i measc beagnach 160 tír a d’fháiltigh roimh os cionn 28 milliún cuairteoir chuig Expo 2025 Osaka. Eagraíodh níos mó ná 1,650 ócáid faoi leith le ceol na hÉireann i bPailliún na hÉireann, arna leagan amach ag Oifig na nOibreacha Poiblí, chomh maith le saothar ealaíontóirí de chuid na hÉireann a chur ar taispeáint agus freastal ar thoscaireachtaí ardleibhéil polaitíochta agus trádála. Thug páirt na hÉireann in Expo 2025 Osaka deis faoi leith Éire a chur chun tosaigh do lucht airdill ar fud an domhain agus sin a dhéanamh i réigiún a bhfuil tábhacht mhór leis don tír seo maidir le cúrsaí infheistíochta agus trádála.
Beidh Gradam Ceoil TG4 @Expo 25 – Dhá Oileán Cheolmhara ar TG4 Dé Domhnaigh, an 21ú Nollaig ag 9.30 i.n. agus ar fáil ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4.