An tOireachtas have announced that the 2025 Lifetime Achievement Award will be presented to Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF) which is celebrating its 20th anniversary this year.
This award is presented annually by An tOireachtas in recognition of contribution par excellence to the Irish-language media sector on a consistent basis over an extended period of years and delivering exceptionally positive outcomes.
The ILBF today funds over 60 hours of Irish language content per year in addition to providing development opportunities for a wide range of productions and broadcasters. Content created as a result of ILBF support is screened regularly on BBC Northern Ireland, TG4 and RTÉ and a range of other multimedia platforms. The ILBF also provides training and development opportunities to Irish speakers who work in the sector or who are interested in pursuing a career in media.
“The achievements of the Irish Language Broadcast Fund have been recognised at the Oireachtas Media Awards almost since its inception,” said Máirín Nic Dhonnchadha, CEO of An tOireachtas. “Over the years, numerous programmes, films, and individuals supported through the ILBF’s commissioning and training schemes have been honoured. Their outstanding work has helped to cultivate strong and lasting partnerships between Northern Ireland Screen, Fís Éireann, and a broad range of media — both traditional and digital — committed to producing Irish-language content of the highest quality. I extend my heartfelt congratulations to the ILBF on twenty years of exceptional service and dedication to Irish-language broadcasting.”
Áine Walsh, Chief Language and Cultural Officer & Head of ILBF said: “We are absolutely delighted and deeply honoured to receive the Oireachtas Lifetime Achievement Award, especially as we celebrate 20 years of the Irish Language Broadcast Fund. This recognition is a wonderful tribute to everyone who has been part of our journey — the talented creatives, production companies, broadcasters and trainers who have brought Irish language stories to life on screen. Over two decades, we’ve seen incredible growth, collaboration and creativity across the sector, and this award celebrates that shared success. We’re so proud of what has been achieved and excited for what’s still to come for Irish language broadcasting.”
The Lifetime Achievement Award is just one of the awards being presented at The Oireachtas Media Awards Ceremony in Belfast City Hall, on Wednesday, 29th October 2025, one of the main events of the Oireachtas na Samhna festival. Winners of all other categories will be announced on the night and the awards ceremony will be streamed live on www.tg4.ie and also www.antoireachtas.ie from 20:00. The shortlist for all other categories along with the latest information regarding all Oireachtas events is available on www.antoireachtas.ie.
Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2025 Fógartha
D’fhógair An tOireachtas inniu (22 Deireadh Fómhair 2025) go mbeidh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2025 á bhronnadh ar an gCiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód i mbliana.
Bronntar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar dhuine, eagraíocht nó tionscadal atá ag saothrú go héachtach ar bhonn leanúnach in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge agus ag baint torthaí eiseamláireach amach ina réimse oibre. Déanann an CCG maoiniú ar bhreis agus 60 uair an chloig d’ábhar físe Gaeilge in aghaidh na bliana chomh maith le deiseanna forbartha a chur ar fáil do réimse leathan léiriúcháin agus craoltóirí. Bíonn an t-ábhar a chruthaítear ar fáil ar BBC Thuaisceart Éireann, TG4 agus RTÉ chomh maith le réimse ardáin ilmheáin. Anuas ar sin, cuireann an CCG maoiniú ar fáil do chainteoirí Gaeilge atá ag obair san earnáil nó a bhfuil spéis tabhairt faoi ghairm sna meáin.
“Is beag bliain ó thús ré oibre an Chiste Chraoltóireachta Ghaeilge nach raibh lorg a shaothair le sonrú go láidir ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus is mó gradam a bronnadh ar chláir, ar scannáin agus ar phearsana a tháinig tríd na gcóras éagsúla coimisiúnaithe agus oiliúna a bhí faoina stiúir”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Eiseamláir den scoth is ea an chomhpháirtíocht luachmhar atá cothaithe idir Scáileán Thuaisceart Éireann, Fís Éireann agus na meáin éagsúla, traidisiúnta agus ar líne, atá tiomanta do chraoladh scoth an ábhair Ghaeilge le cuidiú fheidhmíocht dhúthrachtach an CCG. Tréaslaím leo as scoth an tsaothair ar son na craoltóireachta Gaeilge le fiche bliain anuas.”
Dúirt Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga agus Cultúir & Ceannasaí an CCG: “Ábhar áthais agus bróid dúinn Buaic-Ghradam Chumarsáide an Oireachtais a bheith á bhronnadh orainn i mbliana, go speisialta agus muid ag ceiliúradh 20 bliain den Chiste Craoltóireachta Gaeilge. Is ómós ar leith é an t-aitheantas seo do na daoine ar fad a thaisteal an ród seo inár gcuideachta — na foirne cruthaitheachta cumasacha, na cuideachtaí léiriúcháin, na craoltóirí agus na hoiliúnóirí a threoraigh scéalta Gaeilge go seoigh chuig an scáileán. Le dhá scór bliain anuas, tá fás, comhoibriú agus cruthaitheacht dochreidte feicthe againn ar fud na hearnála, agus is ceiliúradh ar ár rath agus ár rathúnas i bhfochair a chéile é an gradam seo. Táimid an-bhródúil as an méid atá bainte amach go dtí seo agus ar bís faoina bhfuil i ndán do chraoltóireacht na Gaeilge sa todhchaí.”
Bronnfar an gradam seo mar aon le Gradaim Chumarsáide 2025 uile ag an Searmanas Bronnta a bheidh ar siúl i Halla na Cathrach i mBéal Feirste, Dé Céadaoin, 29 Deireadh Fómhair 2025, ceann de mhórócáidí Oireachtas na Samhna 2025.
Déanfar an ócáid a shruthú beo ar www.antoireachtas.ie & www.tg4.ie ó 20:00 ar aghaidh.