Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF) is delighted to announce its latest funding decisions for 2025. Funding was awarded across a wide genre of content with a total of 15 projects receiving funding. The aims of the ILBF are to promote the production and broadcast of quality Irish language content for an audience in Northern Ireland and beyond and to help grow the local Irish language production sector. 

Below The Radar received funding to produce Sléibhte for TG4 and S4C, this documentary mini-series explores the connections between mountain communities across the globe, weaving together stories of resilience, identity and adaptation. Saol na Feirme will return for a 3rd season, produced by Strident Media for RTÉ, this factual entertainment series captures the highs and lows of Irish farming families, as they battle climate change and unpredictable weather while still trying to make a living. Imaine Media was awarded funding for Ón tSeanchill Go San Lorenzo for BBC Gaeilge, where viewers will see Dr Ian Malcolm embrace the role of DNA detective as he uncovers an untold story of a group of young Protestant radicals from the north of Ireland, who fought and died alongside their Catholic comrades in the Spanish Civil War. 

Clean Slate TV will develop Cime na gCimí for BBC NI, a documentary about the bizarre story of how an IRA prisoner in Magilligan assumed the identity of another man and walked through twelve sets of gates before disappearing into the night and how this event shaped the prisoner and his prisoner’s lives. Dearcán Media will produce Triskelion: A Celtic Identity for RTÉ, France 3, Radio Television of Galicia, RAI Sudtirol, RAS Sardinia and S4C. This documentary will be an up-to-date exploration of Celtic geography, language, culture, science and art in the company of engaging contributors. The company will also develop Deirdre agus Clann Uisnigh for BBC NI and TG4, an innovative animation based on the tale of the Children of Uisneach – one of the greatest and most potent tragedies of any of the early mythological cycles of Europe. 

Sonas Productions will develop Beating Time: The Undiscovered Story of the Bodhrán for TG4, a documentary that aims to shatter the myth of Ireland’s ‘ancient drum’, revealing how the bodhrán was reinvented in the last century and transformed into a symbol of modern Irish identity. 

Sixteen South was awarded funding for an Irish language version of the children’s series Odo for RTÉ.  M’Ainm Mo Scéal returns for a third instalment of this award-winning series in which kids explore the stories connected to their first names, produced by Ronin Films for Cúla4.  

Village Films received funding to produce Abhaile for TG4 and BBC NI, as part of the  low-budget feature drama scheme, Gealán.  Sharp-tongued Brighid fails her driving test and hires chaotic young cleaner, Naomi, to secretly drive her across Ireland. As they clash and bond on the road, secrets surface, forcing both women to confront grief, lies and the ties that bind them to home.  Also under the Gealán scheme development funding was awarded to Savage Baby Productions for An Solas, and to Figboot Productions for Gafa.   

Raidió Fáilte also received support for their training and broadcasting scheme.   

Fógraíonn an CCG Cinntí Maoinithe do 15 Tógra Úrnua

Tá lúcháir ar An Ciste Craoltóireachta Gaeilge (CCG), de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann, na cinntí maoinithe is deireanaí atá déanta aige don bhliain 2025 a fhógairt. Bronnadh maoiniú thar sheánra leathan d’ábhar agus fuair 15 thionscadal san iomlán maoiniú. Is iad na haidhmeanna atá ag an CCG, ná léiriú agus craoladh d’ábhar ardchaighdeánach sa Ghaeilge a chur chun cinn ar mhaithe le lucht féachana i dTuaisceart Éireann is níos faide i gcéin, agus cuidiú le hearnáil léiriúcháin áitiúil na Gaeilge a fhorbairt. 

Fuair Below the Radar maoiniú le Sléibhte a léiriú do TG4 agus S4C. Sa mhionsraith faisnéise seo, fiosraítear na naisc idir pobail na sléibhte ar fud na cruinne, fitear le chéile scéalta fán teacht aniar, féiniúlacht agus oiriúnú. Beidh Saol na Feirme, arna léiriú ag Strident Media do RTÉ, ar ais don tríú séasúr. Sa tsraith shiamsaíochta fhíorasach seo, ceaptar gnéithe de shaol na bhfeirmeoirí in Éirinn a bhíonn thuas seal agus thíos seal, agus iad ag streachailt leis an athrú aeráide agus aimsir nach féidir a thuar, agus iarracht á déanamh acu le slí bheatha a bhaint amach ag an am chéanna.    Bronnadh maoiniú ar Imagine Media do Ón tSeanchill Go San Lorenzo do BBC Gaeilge. Feicfidh an lucht féachana an Dr Ian Malcolm ag dul i mbun ról an bhleachtaire ADN, agus nochtfaidh sé scéal atá faoi cheilt fá ghrúpa de radacaithe óga Protastúnacha as tuaisceart na hÉireann, a throid i gCogadh Cathartha na Spáinne, agus a fuair bás, taobh lena gcomrádaithe Caitliceacha. 

Déanfaidh Clean Slate TV an clár faisnéise Cime na gCimí a fhorbairt do BBC NI – clár ina n-insítear an scéal saoithiúil fá bhall den IRA a bhí i ngéibheann in Aird Mhic Giollagáin. Chuir sé i gcéill gurbh fhear eile é agus d’éalaigh sé i ndorchadas na hoíche, i ndiaidh dó siúl amach fríd dhá gheata déag. Léirítear sa chlár an tionchar a bhí ag an eachtra sin ar shaol an chime sin agus saol a chime. Déanfaidh Dearcán Media Triskelion: A Celtic Identity a léiriú do RTÉ, France 3, Radio Television of Galicia, RAI Sudtirol, RAS Sardinia agus S4C. Sa chlár faisnéise seo, déanfar fiosrú suas chun dáta ar thíreolaíocht, teanga, eolaíocht agus ealaín na gCeilteach i gcuideachta rannpháirtithe tarraingteacha. Chomh maith leis sin, déanfaidh an comhlacht Deirdre agus Clann Uisnigh a fhorbairt do BBC NI agus TG4. Is beochan nuálach é seo ina n-insítear an scéal fá Chlann Uisnigh – atá ar na traigéidí is mó agus is láidre de luath-scéalta miotaseolaíochta na hEorpa. 

Déanfaidh Sonas Productions Beating Time: The Undiscovered Story of the Bodhrán a fhorbairt do TG4, clár faisnéise a bhfuil sé mar aidhm aige fáil réidh leis an mhiotas fá ‘dhruma ársa’ na hÉireann. Nochtfar an dóigh a ndearnadh an bodhrán a athchruthú san 20ú hAois mar shiombal d’fhéiniúlacht nua-aimseartha na hÉireann. 

Bronnadh maoiniú ar Sixteen South fá choinne leagan Gaeilge do Odo, sraith do pháistí, do RTÉ.  Tá M’Ainm Mo Scéal, sraith a bhfuil duaiseanna buaite aici, ar ais don tríú babhta, sraith ina ndéanann páistí na scéalta a bhaineann lena n-ainmneacha baiste a fhiosrú, arna léiriú ag Roinn Films do Cúla4.  

Fuair Village Films maoiniú le Abhaile a léiriú do TG4 agus BBC NI, mar chuid de scéim na ngnéchlár drámaíochta, Gealán.  Teipeann ar Bhrighid gearrtheangach ina scrúdú tiomána, agus fostaíonn sí Naomi, bean ghlantacháin anordúil, lena tabhairt ar thuras cairr ar fud na hÉireann. Bíonn siad ag easaontú agus ag éirí mór le chéile agus iad ar an turas, agus nochtar rúin, rud a thugann orthu beirt dul i ngleic leis an bhrón, bréaga agus srianta a cheanglaíonn iad leis an bhaile.  Faoin scéim céanna, bronnadh maoiniú forbartha ar Savage Baby Productions do An Solas, agus ar Figboot Productions do Gafa.   

Fuair Raidió Fáilte tacaíocht fosta do na scéimeanna oiliúna agus craolacháin s’acu.   

Read More

All News