Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF) is delighted to announce the funding decisions from its first funding round of 2026.

Funding was awarded across a wide genre of content with a total of 16 projects receiving funding. The aims of the ILBF are to promote the production and broadcast of quality Irish language content for an audience in Northern Ireland and beyond and to help grow the local Irish language production sector.

Below The Radar received funding to produce Samhain Dhoire: Scéal na Cathrach for RTÉ, this documentary explores the origins of Derry city’s Hallowe’en festival, the biggest in Europe, as it celebrates its 40th year. Clean Slate TV will produce Cime na gCimí for BBC NI, a documentary about the bizarre story of how an IRA prisoner in Magilligan assumed the identity of another man and walked through twelve sets of gates before disappearing into the night and how this event shaped the prisoner and his prisoner’s lives. Dearcán Media was awarded funding to produce Bás in Éirinn for TG4, a landmark documentary that examines the prohibition of assisted dying on the island of Ireland.

Tyrone Productions received funding to make Altan – Ceol an Atlantaigh Fhiáin for RTÉ and BBC NI, this documentary captures the iconic band at key moments of reflection, recording, travel, and performance as they celebrate their 40th anniversary. Big Mountain will produce an exciting new folk music series for RTÉ, Meitheal Ard Mhacha, where viewers will see live performances by the best established and up-and-coming folk artists from across the country. Sonas productions also received funding to make Club Rúnda, a youth culture show from Belfast, where underground artists and radical voices showcase the city’s urban Irish-speaking community.

Mo Scéal Féin returns for a second instalment, a documentary series in which Irish speaking children aged 12-15 explore their own stories, produced by Ronin Films for Cúla4. Ronin Films were also awarded funding to make Cúigear Craiceáilte for TG4, a madcap series following 5 best friends living in Belfast’s Holylands, as they live student life as urban Gaeilgeoirs and compete in a range of extreme sports.

Figboot Productions received funding to produce GAFA for TG4 and BBC NI, as part of the low-budget feature drama scheme, Gealán. Fresh out of prison and determined to break the cycle that destroyed his own father, a young man is pulled back into Derry’s criminal underworld by his best friend and an old debt.

Below the Radar also received support for their long-running online magazine, Meon Eile.

Bhronnadh Maoiniú de chuid an CCG ar 16 Tograí Gaeilge

Tá lúcháir ar an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG), de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann, na cinntí cistithe ón chéad bhabhta de 2026 a fhógairt. Bronnadh maoiniú thar sheánra leathan d’ábhar agus fuair 16 thionscadal tacaíocht san iomlán. Is iad na haidhmeanna atá ag an CCG, ná léiriú agus craoladh d’ábhar ardchaighdeánach sa Ghaeilge a chur chun cinn ar mhaithe le lucht féachana i dTuaisceart Éireann is níos faide i gcéin, agus cuidiú le hearnáil léiriúcháin áitiúil na Gaeilge a fhorbairt.

Fuair Below the Radar maoiniú le Samhain Dhoire: Scéal na Cathrach a léiriú ar son RTÉ. Sa chlár faisnéise seo, déanfar fiosrúchán ar cá as a dtáinig féile na Samhna a bhíonn ar siúl i nDoire Cholm Cille, atá ar an fhéile is mó den tsórt sin san Eoraip, agus atá ag ceiliúradh 40 bliana ar an fhód. Déanfaidh Clean Slate TV an clár faisnéise Cime na gCimí a léiriú do BBC NI, clár ina n-inseofar an scéal saoithiúil fá bhall den IRA a bhí i ngéibheann in Aird Mhic Giollagáin. Chuir sé i gcéill gurbh fhear eile é agus d’éalaigh sé i ndorchadas na hoíche, i ndiaidh dó siúl amach fríd dhá gheata dhéag. Léireofar sa chlár an tionchar a bhí ag an eachtra sin ar shaol an chime sin agus ar shaol na gcimí eile. Bronnadh cistiúchán ar Dearcán Media le Bás in Éirinn a léiriú ar son TG4, clár faisnéise sainchomharthach a scrúdóidh an cosc ar an bhás chuidithe ar oileán na hÉireann.

Fuair Tyrone Productions tacaíocht le Altan – Ceol an Atlantaigh Fhiáin a dhéanamh ar son RTÉ agus BBC NI, clár faisnéise ina gceapfar an banna ceoil mór seo i mbomaití tábhachtacha den mhachnamh, taifeadadh, taisteal agus taibhiú, agus iad ag ceiliúradh 40 bliana mar bhanna. Déanfaidh Big Mountain sraith nua iontach fán cheol tíre a léiriú ar son RTÉ, Meitheal Ard Mhacha. Sa tsraith, feicfidh an lucht féachana taibhithe beo ó na healaíontóirí is mó sa cheol tíre, chomh maith leo siúd atá ag teacht chun cinn as gach cearn den tír. Chomh maith, fuair Sonas Productions maoiniú le Club Rúnda a dhéanamh, seó chultúir don aos óg atá lonnaithe i mBéal Feiste, ina léireofar na healaíontóirí rúnda agus na guthanna radacacha as pobal Gaelach na cathrach.

Beidh Mo Scéal Féin ar ais don dara mhír, sraith faisnéise ina bhfiosraíonn páistí óga Gaelacha, atá idir 12-15 bliana d’aois, na scéalta s’acu féin. Tá sé arna léiriú ag Ronin Films ar son Cúla4. Chomh maith, bronnadh maoiniú ar an chomhlacht céanna le Cúigear Craiceáilte a léiriú ar son TG4, sraith ina leanfar cúigear dlúthchairde atá ina gcónaí sa Tír Bheannaithe i mBéal Feirste, ag maireachtáil an tsaoil mar mhic léinn agus mar Ghaeilgeoirí uirbeacha a ghlacann páirt i réimse de spóirt ghuaisbheartaíochta.

Fuair Village Films tacaíocht le GAFA a léiriú do TG4 agus BBC NI, mar chuid de scéim na ngnéchlár drámaíochta, Gealán. Saoirse nua anois faighte ag fear óg i ndiaidh dó an príosún a fhágáil, tá sé diongbháilte an fháinne fí a scrios a athair féin a bhriseadh. Tarraingítear isteach arís é i ndomhan na coireachta i nDoire Cholm Cille mar gheall ar a dhlúthchara agus de dheasca sheanfhéich.

Fuair Below the Radar tacaíocht fosta dá n-iris fhadbhunaithe ar líne, Meon Eile.

Read More

All News