Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF) is delighted to announce its latest funding decisions for 2026. Funding was awarded across a wide range of digital and audio content with a total of 13 projects receiving funding.

Paper Owl Films received funding to produce digital live action content based around the animated series Bóin agus Beach for RTÉ Jr., which will see Bóín and Beach turning their curiosity to the ‘classroom critters’ of Bunscoil Bheanna Boirche. Funding was awarded to three series for TG4 Foghlaim – Cúrsaí an Chontae will return for a second season, produced by Beloved Media, this series is aimed at KS2 children and travels around Ireland, choosing a child from each county to deliver fun facts about it such as the biggest town, the biggest river, the county colours and the meaning of the county’s name; New Street TV are producing An Mála Draíochta, an educational series aimed at children aged 0-4 and will feature preschool children choosing an item from the ‘magic bag’ and learning this new word which will then inspire a song or story; Corcra Media received funding to produce Gráinne sa Ghairdín, a series in which Gráinne Holland guides young viewers through the wonders of backyard nature while visiting school gardening clubs across Ireland to showcase children leading the way in biodiversity and sustainable living.

Triplevision Productions will produce Obair ar an Taobh for BBC Gaeilge, a contemporary Irish language digital short series about the side hustles taking over our feeds and the real lives behind them, following six contributors who are building second lives alongside jobs. Also for BBC Gaeilge, Clean Slate’s Cumhacht na bhFocal will return for a third series, where people share the Irish language proverb that resonates most deeply with them, reflecting on personal stories, memories and life experiences that give it meaning. Slack Panda Productions have received funding for Slam Filíochta for BBC Radio Ulster, a series celebrating the 10th Liú Lúnasa Poetry Slam. Also for BBC Radio Ulster, Dearcán Media will produce An Imirt ar Imirce, a radio series looking at the strength of GAA in Europe with presenter Kathryn Ní Mhaoláin looking at how as Irish people emigrated, they brought their pride for the GAA with them and its values of not just sport but identity and culture. Three series were supported for RTÉ Raidió na Gaeltachta – Cruidín Films Máthair: MIA, focuses on the trials and tribulations of motherhood, asking whether modern mothering is difficult in new ways; Clean Slate will produce Londain, which will explore the stories of the London Irish from the 50’s, 60’s and 70’s to the young Irish people shaping the city today; Ronin Films received funding for Osnádúrtha, a series which will hear from people across Ireland who believe something strange, unexplained or otherworldly has happened to them, their family or their community.

Aura Digital Studios will produce Amharc Cleamairí, for Gael Linn and CCEA. This is an interactive digital application that aims to revitalise and reimagine the traditional cultural practices of the Mummers, specifically through the lens of the Armagh Rhymers, one of Ireland’s most celebrated traditional performance groups. NVTV received support for a range of Irish language programming for broadcast on That’s TV, YouTube and nvtv.co.uk.

Nochtaíonn an Ciste Craoltóireachta Gaeilge á gcinntí maoinithe Digiteach agus Fuaime is déanaí.

Tá áthas ar Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG) Scáileán Thuaisceart Éireann na cinntí maoiniúcháin is deireanaí do 2026 a fhógairt. Bronnadh maoiniú ar raon leathan d’ábhar digiteach agus fuaime, agus fuair 13 thionscadal maoiniú san iomlán.

Fuair Paper Owl Films maoiniú le hábhar digiteach beo-aicsin a léiriú bunaithe ar an tsraith bheoite Bóín agus Beach do RTÉ Jr., ina ndíreoidh Bóín agus Beach a bhfiosracht ar ‘chréatúir an tseomra ranga’ i mBunscoil Bheanna Boirche. Bronnadh maoiniú ar thrí shraith do TG4 Foghlaim: Fillfidh Cúrsaí an Chontae don dara séasúr, léirithe ag Beloved Media. Tá an tsraith seo dírithe ar pháistí in Eochairchéim 2 agus taistealaíonn sí thart ar Éirinn, ag roghnú páiste as gach contae le fíricí spéisiúla faoin chontae sin a chur i láthair, amhail an baile is mó, an abhainn is mó, dathanna an chontae agus míniú ar ainm an chontae; tá New Street TV ag léiriú An Mála Draíochta, sraith oideachasúil atá dírithe ar pháistí idir 0 agus 4 bliana d’aois. Roghnóidh páistí réamhscoile rud as an mhála ‘draíochta’ agus foghlaimeoidh siad an focal nua sin, rud a spreagfaidh amhrán nó scéal; fuair Corcra Media maoiniú le Gráinne sa Ghairdín a léiriú, sraith ina dtugann Gráinne Holland léargas do lucht féachana óg ar iontais an dúlra sa ghairdín cúil, agus í ar cuairt ag clubanna garraíodóireachta scoile ar fud na hÉireann lena thaispeáint go bhfuil na páistí ar thús cadhnaíochta i dtaca leis an bhithéagsúlacht agus leis an mhaireachtáil inbhuanaithe.

Léireoidh Triplevision Productions Obair ar an Taobh do BBC Gaeilge, sraith chomhaimseartha de ghearrfhíseáin dhigiteacha faoin iliomad taobhghnóthaí atá le feiceáil go fras ar ár bhfídeanna agus faoi fhíorshaol na ndaoine taobh thiar díobh. Leanfaidh sí seisear rannpháirtithe atá ag tógáil saol eile dóibh féin taobh leis na poist atá acu. Do BBC Gaeilge chomh maith, fillfidh Cumhacht na bhFocal ag Clean Slate don tríú sraith, ina roinneann daoine an seanfhocal Gaeilge is mó a théann i bhfeidhm orthu, agus déanann siad machnamh ar na scéalta pearsanta, na cuimhní agus na heispéiris saoil a fhágann tábhacht ann dóibh. Fuair Slack Panda Productions maoiniú do Slam Filíochta do BBC Raidió Uladh, sraith a cheiliúrann an 10ú Slam Filíochta ag Liú Lúnasa. Do BBC Raidió Uladh chomh maith, léireoidh Dearcán Media An Imirt ar Imirce, sraith raidió a amharcann ar a láidre atá CLG san Eoraip. Amharcfaidh an láithreoir Kathryn Ní Mhaoláin ar an dóigh ar thug muintir na hÉireann, agus iad ag dul ar imirce, a mbród as CLG leo, chomh maith leis na luachanna sin atá aige nach mbaineann le spórt amháin ach le féiniúlacht agus cultúr. Tugadh tacaíocht do thrí shraith do RTÉ Raidió na Gaeltachta: Máthair: MIA ag Cruidín Films, sraith a dhíríonn ar chora crua an mháithreachais, a fhiafraíonn an deacracht bheith i do mháthair inniu ar bhealaí nua; léireoidh Clean Slate Londain, sraith a fhiosróidh scéalta mhuintir na hÉireann i Londain ó na 50idí, na 60idí agus na 70idí agus scéalta na nÉireannach óg atá ag fágáil lorg ar an chathair inniu; fuair Ronin Films maoiniú do Osnádúrtha, sraith ina gcluintear ó dhaoine ar fud na hÉireann a chreideann gur tharla rud aisteach, rud gan míniú nó rud a bhaineann leis an tsaol eile dóibh féin, dá dteaghlach nó dá bpobal.

Léireoidh Aura Digital Studios Amharc Cleamairí do Ghael Linn agus CCEA. Feidhmchlár idirghníomhach digiteach é seo a bhfuil sé d’aidhm aige cleachtais thraidisiúnta chultúrtha na gCleamairí a athbheochan agus a athshamhlú, go háirithe mar a bhaineann sin le Cleamairí Ard Mhacha, ceann de na grúpaí taibhithe traidisiúnta is iomráití in Éirinn. Fuair NVTV tacaíocht do réimse clár Gaeilge le craoladh ar That’s TV, YouTube agus nvtv.co.uk.

Read More

All News