Pictured: (L-R) Bríd Ní Fhachtna- Chair of the ILBF, Doireann Nic Dhomhnaill – ILBF Manager, Éamonn Ó Cuív – President of the Oireachtas, Sinéad Crowley-Director of Media Development with Coimisiún na Meán, Áine Walsh- Chief Language & Cultural Officer and Head of the ILBF, Dara Calleary – Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, Councillor Paul Doherty- Deputy Lord Mayor of Belfast, James Jamison Mac Lochlainn – ILBF Officer. 

The ceremony, held at Belfast City Hall on Wednesday, 29 October, recognised outstanding talent and creativity across Irish-language television, radio, and digital media. 

In this landmark year marking its 20th anniversary, the ILBF not only saw its supported productions triumph at the awards but was also presented with the 2025 Lifetime Achievement Award, celebrating two decades of outstanding contribution to Irish-language broadcasting.  

“It’s inspiring to see so many ILBF-supported projects recognised among this year’s winners,” said Áine Walsh, Chief Language & Cultural Officer and Head of the Irish Language Broadcast Fund.   

“These awards highlight the strength and ambition of Irish-language production today, and the incredible talent driving it forward. We’re honoured to see their creativity celebrated on a national stage, especially in this milestone year for the Fund.” 

2025 Oireachtas Media Award Winners supported by the ILBF: 

  • Sraith Teilifíse na Bliana do Dhaoine Óga: Scoil Choille – Corcra Media 
  • Clár Teilifíse / Scannán na Bliana: Aontas – Púca Pictures 
  • Clár Teilifíse na Bliana: Crá – Fíbín Films 

The Irish Language Broadcast Fund, established in 2005, supports the creation of more than 60 hours of Irish-language content annually, spanning television, film, and digital media. Its work has strengthened Irish-language storytelling across Northern Ireland and beyond, nurturing new talent and growing audiences for Irish-language content on BBC Northern Ireland, TG4, RTÉ, and online platforms. 

For more information on An tOireachtas visit www.antoireachtas.ie. 

Éiríonn go hiontach le léiriúcháin a fuair tacaíocht ón CCG ag Gradaim Cumarsáide Oireachtas na Samhna 2025

Tá an Ciste Craoltóireachta Gaeilge (CCG) Scáileán Thuaisceart Éireann ag céiliúradh agus trí chomhlacht a fuair tacaíocht ón CCG i ndiaidh gradam a bhaint ag na Gradaim Cumarsáide Oireachtas na Samhna i mbliana.

Tharla an ócáid ag Halla na Cathrach Bhéal Feirste Dé Céadaoin, 29 Deireadh Fómhair agus tugadh aitheantas do scoth tallainne na Gaeilge sna réimsí teilifíse, raidió agus na meáin dhigiteacha Gaeilge.

Ní hamháin gur éirigh go hiontach le trí léiriúchán a bhí maoinithe ag an CCG, ach cuireadh leis an chéiliúradh sa bhliain speisialta seo nuair a bronnadh Buaic-Ghradam an Oireachtais ar an CCG le haitheantas a thabhairt don obair ar leith atá déanta ag an Chiste agus é ag cur le hearnáil na craoltóireachta Gaeilge le fiche bliain anuas.

“Is rud spreagúil é an t-aitheantas atá faighte ag an oiread sin tograí de chuid an CCG agus gradaim bronnta orthu i mbliana,” arsa  Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga & Cultúrtha agus Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge.   

“Léiríonn na gradaim seo an misneach agus an fhís atá ag earnáil léiriúcháin na Gaeilge sa lá atá inniu ann, le solas caite ar an tallann ilchumasach a thiománann an earnáil ar aghaidh. Is mór an onóir dúinn céiliúradh a gcuid cruthaíochta a fheiceáil ar ardán náisiúnta, go háirithe sa bhliain speisialta seo don Chiste.” 

Is iad buaiteoirí de chuid an CCG ag Gradaim na Meán, Oireachtas na Samhna 2025:

·       Sraith Teilifíse na Bliana do Dhaoine Óga: Scoil Choille – Corcra Media 

·       Clár Teilifíse / Scannán na Bliana: Aontas – Púca Pictures 

·       Clár Teilifíse na Bliana: Crá – Fíbín Films 

Bunaíodh an Ciste Craoltóireachta Gaeilge sa bhliain 2005 agus tacaíonn sé le níos mó ná 60 uair in aghaidh na bliana d’ábhar Gaeilge a thrasnaíonn earnálacha na teilifíse, scannánaíochta agus na meáin dhigitigh.

Chuir obair an chiste go mór le scéalaíocht na Gaeilge ar fud Thuaisceart na hÉireann agus níos faide i gcéin, á láidriú agus á cothú trí thallann nua a fhorbairt agus lucht féachana na Gaeilge a fhás do na cláir ar BBC TÉ, TG4, RTÉ agus ar na hardáin ar líne. 

Le tuilleadh eolais a fháil ar An tOireachtas, téigh chuig www.antoireachtas.ie. 

Read More

All News