Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF) is delighted to announce its latest funding decisions for 2025. Funding was awarded across a wide genre of content with a total of 17 projects receiving funding in the May funding round and 10 projects in the most recent audio and digital round. The aims of the ILBF are to promote the production and broadcast of quality Irish language content for an audience in Northern Ireland and beyond and to help grow the local Irish language production sector.
Scéalta na gCorn, produced by Imagine Media for TG4, will return for its fourth season and Gráinne McElwain will continue her journey around Ireland, visiting six new counties in her search to find the fascinating stories behind our nation’s GAA silverware. Big Mountain Productions will make Oileáin Cheolmhara for TG4. This feature-length documentary will uncover for the first time, the deep cultural relationship between Ireland and Japan through the prism of a shared passion and reverence for Irish traditional music and arts.
Ronin films was awarded funding to produce Slán go Feoil for RTÉ, a compelling and transformative four-part documentary series that follows a group of devoted meat-eaters from across Ireland as they embark on a bold challenge—giving up meat for an entire month. Ronin Films also received support to produce Is Mise Le Mess 2 for TG4. This is a fun cleaning format in which a craic team of Donegal cleaners travel the country banishing mess.
Below the Radar received funding for Breith, Beatha agus Bás for RTÉ. This insightful, heartwarming, new series follows an extraordinary community of celebrants as they help ordinary people all over Ireland mark the most emotionally-charged moments in their lives. Below the Radar also received supporting funds for Meon Eile, the long-established and trusted digital news platform that connects Irish speakers both at home and abroad. Below the Radar will also produce Gearóid Ó Cairealláin: Ná hAbair é, déan é for TG4 and BBC NI, a feature documentary for the AMHARC scheme, that looks at the life and legacy of the late Irish language activist, Gearóid Ó Cairealláin.
Funding was awarded to Fine Point Films to produce Camp Aida for TG4, a gripping documentary about Belfast Gaeilgeoir, Ainle, as he sets about opening a gym in Palestine, which becomes a life-changing 7-year odyssey of friendship, as the gym’s users resist occupation in the face of an encroaching genocide. Crá, produced by Fíbín Films for TG4 and BBC NI, will return for a binge-worthy second series filled with dark humour and unexpected twists. Season 2 is about consequences with a deep-rooted sense of place and the people who inhabit Donegal’s borderland, navigating the razors edge between good and evil.
Dearcán Media will produce Fuath Ban for TG4, a documentary project (and associated podcast for RTÉ Raidió na Gaeltachta) that examines the ongoing crisis of misogyny against women and girls in Irish society. Funding was awarded to Clean Slate TV to make Tubaiste sa Phortach for BBC NI, which sees Kevin Magee investigating what happened to Flight HX737 that crash landed in Donegal in 1943. Targeting audiences under 35, Clean Slate TV also received funding to produce Gen an Sos Cogaidh for TG4, a personal look into the diverse lives of 6 ceasefire babies living in the North of Ireland today.
An Ré Is Fearr from New Street Television is also aimed at under 35’s and will air on TG4. From Gen Z to Gen X, Baby Boomers to Millennials, Caoimhe Ní Chathail explores how different generations tackle the same challenges and how she can use her findings to gain perspective on her own personal journey. Strident Media received support to produce Croí na Féile for TG4. TikTok star and comedian, Hugh Carr, will dive headfirst into some of Ireland’s more unusual and odd festivals.
Zoonicorn, a re-versioned animation that will be produced by Zoogon for TG4 was also awarded production funding. The Zoonicorns inhabit the dreams of young animals, taking them on amazing adventures to help learn important social-emotional skills with a focus on optimism, determination and resilience. ALT Animation will produce the second season of Breacaí for RTÉ Jr. Breacaí (aka Doodle Girl) is a hand-drawn animated series aimed at an audience of 4-7 year olds, exploring an imaginative world inside of a sketchbook. The second instalment of Naíonra will be produced by Tyrone Productions for TG4. Over a jam-packed exhilarating year, cameras will follow all the action in 2 different Naíscoils – one in the thriving Gaelphobal of West Belfast, and one in the unique Gaeltacht of Ráth Chairn in Co.Meath – where we’ll get to witness a small world where big things happen.
Clean Slate was awarded funding for Aithníonn Ciaróg Ciaróg Eile, a six-part radio series for RTÉ Raidió na Gaeltachta, fronted by Conall Mac Corraidh, the listener follows neurodivergent people and learn about their lives. Dearcán Media was awarded development funding for Uchtaithe in Éirinn, a documentary featuring children who were adopted from abroad into Irish speaking families and communities.
JetPack Learning was awarded funding for the 3rd phase of their Baile na Mata series, a pioneering digital resource designed to enable pupils in Irish Medium Education to explore Decimals and Percentages. Educational Voice received funding for Fiosraíonn Aoife, an educational animated series in Irish that helps children develop language skills through playful, mystery-based storytelling. Corcra Media will produce Scoil Chósta for TG4 Foghlaim. Through a combination of reflection, learning, seaside exploration, creative crafts and lively music, children’s curiosities about creatures of the sea will be stimulated and an appreciation for this important ecosystem will be fostered.
Also for TG4 Foglaim, Macha Media will produce Rud le Rá, a ten-part drama series for GCSE and Junior Cert Irish Students following the exploits and scrapes of 16-year-old Aisling as she navigates the ups and downs of teenage life.
Fógraíonn an Ciste Craoltóireachta Gaeilge Maoiniú do 27 dTograí Nua i 2025
Cúis áthais do Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann (CCG) na cinntí maoinithe is déanaí do 2025 a fhógairt. Bronnadh maoiniú ar fud seánra leathan ábhair agus d’éirigh le 17 dtionscadal maoiniú a fháil sa bhabhta léiriúcháin i mí Bealtaine agus tugadh maoiniú do 10 dtogra sa bhabhta d’ábhar Digiteach agus Fuaime is déanaí. Is iad na haidhmeanna atá ag an CCG ná táirgeadh agus craoladh ábhar ardchaighdeáin Gaeilge a chur chun cinn do lucht féachana i dTuaisceart Éireann agus níos faide i gcéin agus cuidiú le hearnáil léiriúcháin na Gaeilge áitiúil a fhás.
Beidh Scéalta na gCorn, arna léiriú ag Imagine Media do TG4, ar ais don cheathrú séasúr agus leanfaidh Gráinne McElwain ar aghaidh lena turas timpeall na hÉireann, ag tabhairt cuairte ar shé chontae nua agus í ag cuardach na scéalta suimiúla atá taobh thiar de choirn CLG. Is é Big Mountain Productions a dhéanfaidh Oileáin Cheolmhara do TG4. Nochtfaidh an clár fada faisnéise seo den chéad uair an caidreamh domhain cultúrtha idir Éirinn agus an tSeapáin trí phriosma paisean agus urraim chomhroinnte do cheol agus d’ealaíona traidisiúnta na hÉireann.
Bronnadh maoiniú ar Ronin Films chun Slán go Feoil a léiriú do RTÉ, sraith faisnéise tarraingteach agus claochlaitheach ceithre chlár a leanann grúpa daoine ó achan chearn d’Éirinn agus a bhfuil dúil mhór san fheoil acu agus iad ag tabhairt faoi dhúshlán mór – séanadh ón fheoil ar feadh míosa. Fuair Ronin Films tacaíocht fosta le Is Mise Le Mess 2 a léiriú do TG4. Is formáid ghlantacháin spraíúil é seo ina dtaistealaíonn foireann chumasach de ghlantóirí Dhún na nGall an tír ag cur ruaige ar phraiseach.
Fuair Below the Radar maoiniú do Breith, Beatha agus Bás do RTÉ. Leanann an tsraith nua léargasach, croíúil, seo pobal urghnách ceiliúraí agus iad ag cuidiú le gnáthdhaoine ar fud na hÉireann na cuimhneacháin is mothúchánaí ina saol a mharcáil. Fuair Below the Radar maoiniú tacaíochta freisin do Meon Eile, an t-ardán nuachta digiteach seanbhunaithe a nascann cainteoirí Gaeilge sa bhaile agus thar lear. Chomh maith leis sin, léireoidh an chomhlacht Gearóid Ó Cairealláin: Ná hAbair é, Déan é do TG4 agus BBC NI, gnéchlár faisnéise faoin scéim AMHARC, agus fiosfrófar saol agus oidhreacht Ghearóid Uí Chearalláin ann, gníomhaí (nach maireann) ar son na Gaeilge.
Bronnadh maoiniú ar Fine Point Films le Camp Aida a léiriú do TG4, clár faisnéise corraitheach faoi Ghaeilgeoir as Béal Feirste, Ainle, agus é ag tabhairt faoi ghiomnáisiam a oscailt sa Phalaistín, rud a éiríonn ina eachtra 7 mbliana cairdeas a athróidh a shaol, agus úsáideoirí an ghiomnáisiam ag cur i gcoinne forghabhála i bhfianaise cinedhíothú atá ag dul i méid. Beidh Crá, arna léiriú ag Fíbín Films do TG4 agus BBC NI, ar ais don dara sraith lán le greann dorcha agus casadh gan choinne. Baineann Séasúr 2 le hiarmhairtí le tuiscint dhomhain agus tábhacht na háite dúchais ann, chomh maith leis na daoine a mhaireann ar cheantar na teorann i nDún na nGall, agus iad beo ar an líne chaol idir an mhaith agus an t-olc.
Léireoidh Dearcán Media Fuath Ban, tionscadal faisnéise do TG4 agus podchraoladh gaolmhar do RTÉ Raidió na Gaeltachta a scrúdaíonn an ghéarchéim leanúnach a bhaineann le fuath in aghaidh na mban agus na gcailíní i sochaí na hÉireann. Bronnadh maoiniú ar Clean Slate TV chun Tubaiste sa Phortach a dhéanamh do BBC NI, mar a mbeidh Kevin Magee ag fiosrú cad é a tharla d’Eitilt HX737 a thuirling de thuairt i nDún na nGall in 1943. Fuair an comhlacht maoiniú fosta le Gen an Sos Cogaidh a léiriú do TG4, léargas pearsanta ar shaol ilghnéitheach 6 leanbh sos cogaidh atá ina gcónaí i dTuaisceart na hÉireann inniu.
Craolfar An Ré is Fearr ó New Street Television ar TG4. Ó Gen Z go Gen X, Baby Boomers go Millennials, déanann Caoimhe Ní Chathail iniúchadh ar an dóigh a dtéann glúnta éagsúla i ngleic leis na dúshláin chéanna agus an dóigh a dtig léi a cuid torthaí a úsáid le peirspictíocht a fháil ar a turas pearsanta féin. Fuair Strident Media tacaíocht le Croí na Féile a léiriú do TG4. Beidh réalta agus fuirseoir TikTok, Hugh Carr, ag tumadh isteach i gcuid de na féilte is neamhghnácha in Éirinn.
Bronnadh maoiniú léiriúcháin ar Zoonicorn, beochan athleagan a léireoidh Zoogon do TG4 chomh maith. Tá na Zoonicorns beo i mbrionglóidí ainmhithe óga, ag tabhairt ar eachtraí iontacha le cuidiú le scileanna sóisialta-mothúchánacha tábhachtacha a fhoghlaim agus fócas ar dhóchas, diongbháilteacht agus athléimneacht. Léireoidh ALT Animation an dara séasúr de Breacaí do RTÉ Jr. Sraith bheoite lámhtharraingthe is ea Breacaí (aka Doodle Girl) atá dírithe ar lucht féachana 4-7 mbliana d’aois, ag iniúchadh domhan samhlaíoch taobh istigh de leabhar sceitse. Is é Tyrone Productions a léireoidh an dara tráthchuid de Naíonra do TG4. Le linn bliana spleodraí, leanfaidh ceamaraí an t-aicsean ar fad in dhá naíscoil éagsúla – ceann i nGaelphobal rathúil Iarthar Bhéal Feirste, agus ceann i nGaeltacht uathúil Ráth Chairn i gCo. na Mí – áit a bhfeicfidh muid domhan beag ina dtarlaíonn rudaí móra.
Bronnadh maoiniú ar Clean Slate le Aithníonn Ciaróg Ciaróg Eile a léiriú, sraith raidió sé chuid do Raidió na Gaeltachta, láithrithe ag Conall Mac Corraidh, leanann an lucht éisteachta daoine néara-éagsúla agus foghlaimíonn siad faoi shaol s’acu. Tugadh maoiniú forbartha do Dearcán Media d’Uchtaithe in Éirinn, clár faisnéise faoi pháistí a uchtaíodh ó thíortha eile go teaghlaigh Ghaelacha in Éirinn.
Bronnadh maoiniú ar Jetpack Learning don tríú eagrán den tsraith Baile na Mata, ais dhigiteach cheannródaíoch a dhearadh chun tuiscint a thabhairt do dhaltaí Ghaeloideachais ar na céatadáin agus an córas deachúlach. Fuair Educational Voice maoiniú chun Fiosraíonn Aoife a léiriú, sraith beochana oideachasúil a chuidíonn le páistí scileanna teanga a fhorbairt tríd scéalaíocht mhistéirbhunaithe spraíúil. Léireoidh Corcra Media Scoil Chósta do TG4 Foghlaim. Beidh fiosracht na bpáistí faoi ainmhithe mara spreagtha tríd meascán de fhoghlaim, macnamh, taiscéalaíocht cois farraige, ceardaíocht cruthaíoch agus ceol bríomhar chun meas ar an éiceachóras thábhachtach seo a chothú.
Ar bharr sin, tugadh maoiniú do Macha Media le Rud le Rá a léiriú do TG4, sraith deich gcuid do dhaltaí i mbun TGM agus an Teastas Sóisearach, a leannan Aisling, bean óg sé bliana déag d’aois agus í ag déileáil leis an tsó agus anó bainte le saol sna déaga.