Píosa cairpéid an stáitse agus cláir adhmaid leagtha ar bhairillí beorach na suíocháin: filleann An Folk Club ar na seomraí a d’athraigh ceol na hÉireann.

Sraith nua faisnéise ceoil, ceithre chlár. Ag tosú ag 9pm an 29 Samhain ar TG4 agus TG4+.

Comhlacht léiriúcháin: Sonas Productions, Béal Feirste. Comhlacht léiriúcháin neamhspleách a bhfuil cáil orthu as cláir faisnéise ealaíon i nGaeilge a léiriú. Léirithe le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, Comisiúin na Meáin agus TG4.  

Sna 1960idí agus sna 1970idí, seomra deataigh os cionn beáir a bhíodh sa chlub ceoil den chuid is mó. Píosa cairpéid a bhíodh mar stáitse, seanstólta adhmaid nó cláir scafaill caite anuas ar bhairillí folmha mar shuíocháin, agus gan mórán de chóras fuaime ann. Ach bhí an t-atmaisféar leictreach. Fuair na ceoltóirí éisteacht gan smid, fuair an lucht éisteachta deis a bheith ag éisteacht leis an cheol ab fhearr dá raibh le fáil, agus bhí a chlub féin ag achan chathair, achan bhaile mór agus achan sráidbhaile ar an oileán, geall leis. 
 
Ba thearmainn iad na seomraí sin, iad ag coinneáil traidisiúin amhránaíochta beo agus á gcur ar ais i mbéal an phobail. Ba ann fosta a rinneadh cáil daoine, agus ba ann a thosaigh comhoibrithe ar ghnáthoíche sheachtaine a rachadh ar aghaidh le bheith ina gclasaicí. Ba in ionaid mar seo a chuir Paul Brady, Andy Irvine, Johnny Moynihan, Christy Moore, Ewan MacColl agus Peggy Seeger uilig tús lena gceird. 
 
Tá an club ceoil ar ais anois. Tá dream úr ag tarraingt ceoltóirí agus lucht éisteachta le chéile arís, agus spiorad na seascaidí agus na seachtóidí á iompar acu sa cheol agus ar an stáitse araon. 
 
Sraith nua ceithre chlár do TG4 ó Sonas Productions i mBéal Feirste é An Folk Club a bheidh á chur i láthair ag an cheoltóir Róisín Chambers. Tabharfaidh sí cuairt ar cheithre chlub a bhfuil an scéal sin á insint iontu go fóill: an Four Provinces i mBaile Átha Cliath, an Sunflower i mBéal Feirste, an Rostrevor Folk Club i gContae an Dúin agus an Crusheen Folk Club i gContae an Chláir. Cuirfear ceoltóirí cumasacha na háite i dteannta aíonna a bhfuil snas curtha acu ar a gceird sna seomraí céanna seo i ngach clár. Beidh agallaimh agus ábhar cartlainne fite fuaite iontu freisin. 
 

Clár a hAon: The Clé Folk Club, Baile Átha Cliath 
Rannpháirtithe: Des Geraghty, Noel O’Grady, Fintan Vallely, Paddy Glackin, Andy Irvine, Sharyn Ward, Landless, Antaine Ó Faracháin agus Liam Boyle. 

Clár a Dó: The Sunflower Folk Club, Béal Feirste 
Rannpháirtithe: Ralph McTell, Jane Cassidy, John McSherry, Gráinne Holland, Neil Martin agus Fergus O’Hare. 

Clár a Trí: The Rostrevor Folk Club, Contae an Dúin 
Rannpháirtithe: The Sands Family, Clare Sands, Ciara McCrickard agus Piaras Ó Lorcáin. 

Clár a Ceathair: The Crusheen Folk Club, Contae an Chláir 
Rannpháirtithe: Mike Hanrahan, Martin Breen, Mick Hanly, Paul Roche, Tóla Custy agus Stockton’s Wing. 
  

A square of carpet for a stage, planks across beer kegs for seats: An Folk Club returns to the rooms that changed Irish music.

New four-part music documentary series An Folk Club begins Sunday 29th November 9pm on TG4 and TG4+.

Produced by Sonas Productions, Belfast, an independent production company known for producing arts documentaries in Irish and supported by the Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, the Broadcasting Commission, and TG4.

In the 1960s and 70s, a folk club was rarely more than a smoky room above a bar. A piece of carpet for a stage, old wooden stools or scaffolding planks thrown across empty beer kegs for seating, and amplification that barely deserved the name. Yet the atmosphere was electric. Performers got the best of order, audiences got the finest music of the day, and almost every city, town and village on the island had a club of its own. 
 
Those rooms were sanctuaries, keeping song traditions alive and putting them back into circulation. They were also where reputations were made, and where collaborations struck up on an ordinary weeknight went on to become classics. Paul Brady, Andy Irvine, The Fureys, Johnny Moynihan, Christy Moore, Ewan MacColl and Peggy Seeger all cut their teeth in venues like these. 
 
Now the folk club is back. A new wave is drawing musicians and listeners together again, carrying the spirit of the sixties and seventies in both their music and their stage presence. 

An Folk Club, a new four-part series for TG4 is presented by musician Róisín Chambers and travels to four clubs where that story is still being told: the Clé Club in Dublin, the Sunflower in Belfast, the Rostrevor Folk Club in County Down and the Crusheen Folk Club in County Clare. Each episode blends local talent with guest performers who honed their craft in these very rooms, intercut with interview and archive. 

Programme One: The Clé Club, Dublin 
Contributors: Des Geraghty, Fintan Vallely, Noel O Grady, Paddy Glackin, Andy Irvine, Sharyn Ward, Landless, Antaine Ó Faracháin and Liam Boyle. 

Programme Two: The Sunflower Folk Club, Belfast 
Contributors: Ralph McTell, Jane Cassidy, John McSherry, Gráinne Holland, Neil Martin and Fergus O’Hare. 

Programme Three: The Rostrevor Folk Club, County Down 
Contributors: The Sands Family, Clare Sands, Ciara McCrickard and Piaras Ó Lorcáin. 

Programme Four: The Crusheen Folk Club, County Clare 
Contributors: Mike Hanrahan, Martin Breen, Mick Hanly, Paul Roche, Tóla Custy and Stockton’s Wing.

Image curtesy of Sonas Productions & TG4.

Read More

All News