New musical documentary series Ceol 1798, exploring the Song Traditions of the 1798 Rebellion, comes to TG4 on the 18th October 9pm.
Imagine Media, in association with TG4 and with the generous support of Coimisiún na Meán and NI Screen’s Irish Language Broadcast Fund, is proud to announce the release of Ceol 1798 – a bold and compelling new hybrid musical documentary series – bringing one of the most turbulent chapters in Irish history vividly to life through the power of song and spoken word.
Ceol 1798 is a new four-part musical documentary series that explores the rich and complex song traditions associated with the 1798 Rebellion. Combining live performance, evocative landscape, curated archive, expert commentary and historical reflection, the series re-examines a defining chapter in Irish history through the music it inspired and the stories it continues to carry. Rather than treating song simply as an accompaniment to historical narrative, the series places music at the centre of its storytelling, revealing how memory, politics and identity were shaped, preserved and contested in verse and melody. Contemporary songs also allow the audience to see how the ideals and vision of the United Irishmen, inspired by the American and French Revolutions, continue to influence artists some two centuries on.
As the great song collector Frank Harte once observed, “the winners write the history, and the losers write the songs.” Nowhere is this truer than in the story of 1798. This series dives deep into the rich and complex musical heritage that grew from one of the most significant periods of upheaval in Irish history — the Irish Rebellion of 1798 — uncovering songs of victory and defeat, of courage and fear, and of an Ireland striking out for Liberté, Égalité, Fraternité.
Organised by the Society of United Irishmen under the leadership of Theobald Wolfe Tone, the 1798 Rebellion drew together radical Presbyterians, Catholics, and those in pursuit of political reform, equality and an Ireland free of British rule. Pitted against them were the British Army, the Yeomen and Militias. What emerged from this extraordinary conflict was not just a turning point in Irish political history, but a rich and enduring musical tradition — one that has echoed across more than two centuries and continues to resonate and inspire today.
What makes Ceol 1798 truly distinctive is its willingness to explore both sides of that tradition. While the songs of the ‘losing’ side have largely survived in the oral tradition, there exists a fascinating and all-but-forgotten collection of Unionist and Yeomanry songs which tell a very different story. These songs — rarely examined on screen — speak of men who saw themselves as proud Irishmen defending their homeland from foreign influences. In exploring this overlooked tradition alongside the more familiar songs, the series opens a remarkable window onto our shared and complex heritage.
Featured Performers:
The series brings together an exceptional gathering of talent, each bringing their own unique voice and artistry to this remarkable body of work. Some of the performers are:
- Stephen Rea & Neil Martin
- Ríoghnach Connolly & Steve Cooney
- The Rapparees
- John Spillane
- Onóir
- Reevah
- Manukahunney
- Willie Drennan
- Barry Kerr
- Seán Keane
- Shankill Road Defenders Flute Band
Episode Guide:
The four programmes each take a distinct geographical and thematic focus:
- Programme One: Ulster and the North East, the radical Presbyterian influence
- Programme Two: Dublin, Wexford, and the broader Leinster story
- Programme Three: The lost songs of the Unionist tradition
- Programme Four: Munster, Connacht, and the arrival of the French forces
Delivered through Irish as well as English, Ceol 1798 promises to be both historically rich and thoroughly accessible, with music firmly at its heart. Popular songs such as Boolavogue, The Boys of Wexford and Rody McCorley which have stood the test of time will be performed alongside newly written compositions such as The Boul Lint Pullers and The Ballad of Willie Nelson. Even after almost 230 years, the events of 1798 continue to intrigue and inspire musicians and artists. This is a series that will speak to audiences in Ireland and far beyond, offering a new lens through which to better understand a defining moment in our shared past.
Sraith Fasnéise Cheoil Gaeilge Ceol 1798 ag teacht go TG4
Ceol 1798: Traidisiúin Amhránaíochta Éirí Amach 1798 á bhFiosrú
Sraith Faisnéise Nua Cheoil
Le craoladh ar TG4 roimh i bhfad
Ag tosú Dé Domhnaigh 18 Deireadh Fómhair ag 9in ar TG4
Tá bród ar Imagine Media, i gcomhar le TG4 agus le tacaíocht fhlaithiúil ó Choimisiún na Meán agus ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, a fhógairt go mbeidh Ceol 1798 á chraoladh go luath — sraith nua hibrideach cheoil agus faisnéise atá teanntásach láidir, sraith a chuireann beocht úr i gceann de na caibidlí is corraithí i stair na hÉireann trí chumhacht an amhráin agus an fhocail labhartha.
Sraith faisnéise nua cheoil ceithre chlár is ea Ceol 1798, ina ndéantar traidisiúin shaibhre chasta na n-amhrán a bhaineann le hÉirí Amach 1798 a fhiosrú. Ach léiriú beo, tírdhreacha dúisitheacha, ábhar sainroghnaithe cartlainne, tráchtaireacht shaineolach agus machnamh stairiúil a thabhairt le chéile, déantar scrúdú as an nua sa tsraith ar chaibidil chinniúnach i stair na hÉireann tríd an cheol a spreag sí agus na scéalta trína dtugtar an ceol ar aghaidh fóill. In áit amharc ar amhrán go díreach mar thionlacan leis an insint stairiúil, cuireann an tsraith seo an ceol i gcroílár na scéalaíochta lena mbaineann, ag léiriú an dóigh ar mhúnlaigh, ar chaomhnaigh agus ar cheistigh véarsaí agus foinn an chuimhne, an pholaitíocht agus an fhéiniúlacht. Is léir don lucht féachana fosta ó na hamhráin chomhaimseartha go bhfuil idéil agus fís na nÉireannach Aontaithe, a bhí faoi anáil Réabhlóid Mheiriceá agus Réabhlóid na Fraince, ag dul i bhfeidhm ar ealaíontóirí go fóill, thart ar dhá chéad bliain caite ó shin i leith.
Mar a dúirt an sárbhailitheoir amhrán Frank Harte tráth, “Is iad na buaiteoirí a scríobhann an stair, agus an lucht caillte a scríobhann na hamhráin.” Is fíor an méid sin i scéal 1798 cinnte. Téitear go croílár na hoidhreachta saibhre casta ceoil sa tsraith seo, oidhreacht a d’fhás as ceann de na tréimhsí claochlaitheacha ba shuntasaí i stair na hÉireann — Éirí Amach na hÉireann 1798 — agus aimsítear amhráin faoin bhua agus faoin chloí, faoin mhisneach agus faoin eagla, agus faoi Éirinn ag iarraidh Liberté, Égalité, Fraternité a bhaint amach.
D’eagraigh Cumann na nÉireannach Aontaithe Éirí Amach 1798 faoi cheannaireacht Theobald Wolfe Tone, agus thug sé Protastúnaigh Phreispitéireacha radacacha, Caitlicigh agus daoine a bhí ar thóir leasú polaitiúil, comhionannais agus Éire saor ó riail na Breataine le chéile. Bhí Arm na Breataine, na Gíománaigh agus na Mílístí ina gcoinne. Ní hamháin gur eascair cor cinniúnach i stair pholaitiúil na hÉireann as an choimhlint neamhghnách seo, ach traidisiún saibhir buan ceoil — traidisiún a bhfuil a mhacalla le cluinstin le breis agus dhá chéad bliain agus a leanann de bheith ina ábhar inspioráide inniu.
Tá an tsraith Ceol 1798 an-suaithinseach ó tharla go bhfuiltear sásta an dá thaobh den traidisiún sin a fhiosrú inti. Cé gur sa traidisiún béil is mó a mhaireann amhráin cailliúintí, tá cnuasach fíorshuimiúil d’amhráin Aontachtaithe agus Ghíománacha ann atá ionann agus i ndearmad ar fad agus ina n-insítear scéal iontach difriúil. Insítear leis na hamhráin sin — ar annamh a scrúdaítear ar an scáileán iad — faoi fhir a mheas iad féin a bheith ina nÉireannaigh bhródúla a bhí ag cosaint a ndúchais ar thionchair ón choigríoch. Ach an traidisiún seo, ar tugadh neamhaird air, a fhiosrú taobh leis na hamhráin is mó a bhfuil cur amach againn orthu, tugtar léargas suaithinseach dúinn sa tsraith ar an oidhreacht chasta atá againn i bpáirt.
Na Taibheoirí
Tugtar grúpa iontach ealaíontóirí le chéile sa tsraith, agus a nguth uathúil agus a n-ealaín féin á dtabhairt ag gach duine acu don chnuasach suntasach saothar seo. I measc na dtaibheoirí tá:
• Stephen Rea agus Neil Martin
• Ríoghnach Connolly agus Steve Cooney
• The Rapparees
• John Spillane
• Onóir
• Reevah
• Manukahunney
• Willie Drennan
• Barry Kerr
• Seán Keane
• Shankill Road Defenders Flute Band
Treoir na gClár
Tá fócas tíreolaíoch agus téamach ar leith ag gach ceann de na ceithre chlár:
Clár a hAon: Cúige Uladh agus an tOirthuaisceart, tionchar radacach na bPreispitéireach
Clár a Dó: Baile Átha Cliath, Loch Garman agus scéal níos leithne Chúige Laighean
Clár a Trí: Amhráin cailliúintí thraidisiúin na nAontachtaithe
Clár a Ceathair: Cúige Mumhan, Cúige Chonnacht agus fórsaí na Fraince ag teacht i dtír
Curtha i láthair i nGaeilge agus i mBéarla, gealltar go mbeidh Ceol 1798 saibhir ó thaobh na staire de agus sothuigthe ag cách, agus go mbeidh an ceol go smior ann. Déarfar amhráin mhóréilimh a bhfuil teist na haimsire orthu, leithéidí Boolavogue, The Boys of Wexford agus Rody McCorley, taobh le píosaí nuascríofa amhail The Boul Lint Pullers agus The Ballad of Willie Nelson. Fiú agus beagnach 230 bliain caite, leanann imeachtaí 1798 de shuim agus d’inspioráid a mhúscailt i measc ceoltóirí agus ealaíontóirí. Is sraith í seo a rachaidh i bhfeidhm ar lucht féachana in Éirinn agus i bhfad i gcéin, agus a thabharfaidh léargas úr an-daonna dúinn le tuiscint níos fearr a fháil ar bhomaite cinniúnach inár stair chomhroinnte.