Watch the series: Cúla4 from 24 October 2025 at 2pm 

Cúla4 and Ronin Films proudly launched the television series ‘Mo Scéal Féin’ at Taibhdhearc na Gaillimhe on Friday, 17th October at 4pm, as part of Galway’s Baboró International Arts Festival for Children. Young audiences, families, and guests gathered to celebrate the creativity, curiosity, and compassion of young people across Ireland, ahead of the series’ television premiere on Cúla4, Thursday 24th October.  

‘Mo Scéal Féin’ is a new Irish language children’s television series that puts the voices and passions of young people centre stage. Funded by the Irish Language Broadcast Fund (ILBF) and produced by Ronin Films for Cúla4, the five part series invites viewers to follow young people from across Ireland as they explore the worlds that fascinate them most from wildlife and fashion to technology and teamwork. 

Each 13-minute episode follows a different young person or group of friends on a personal journey of exploration, insight, and fun. Designed for viewers aged 8–13, the series combines engaging storytelling with strong Irish-language content, encouraging creativity, community spirit, and a love of Gaeilge. Perfect for families and schools, ‘Mo Scéal Féin’ inspires children to follow their passions and explore the world around them in their own words and in their own language. 

Seoirse from Gort an Choirce uncovers the wild history of bears in Ireland, from Wild Ireland in Donegal to the National Museum of Ireland, where he examines bear bones with archaeologist Marion Dowd.

Saorla and Leela from Belfast take on a bold digital detox, giving up screens for 48 hours filled with ziplining, pumpkin carving, baking, and puppy play rediscovering the joy of friendship and the simple things in life.

Lughaidh from Lurgan, a budding ornithologist, explores his love of birds at the RSPB’s Window on Wildlife and Lough Neagh, learning how to protect local habitats.

Ríonach and Emer in Belfast, young fashion fans with a conscience, embark on a sustainable style mission, upcycling clothes, attending swap events, and hosting their own with friends.

Daniel from Fána Bhuí trains his sheepdog Nan, inspired by his uncle’s success at local trials, proving that teamwork and patience truly pay off.

Siobhán Ní Bhrádaigh, Commissioning Editor and Acquisitions Executive for Children’s Content at TG4 and Cúla4, said:  

“Mo Scéal Féin is a beautiful celebration of individuality, creativity, and community and it reflects everything we value at Cúla4. We are so proud to bring young people’s voices and stories to the screen in a way that feels authentic, fun, and deeply rooted in Gaeilge. The enthusiasm and imagination shown by everyone involved is truly inspiring, and we hope this series encourages even more children to tell their own stories, in their own words.” 

Áine Walsh, Chief Language & Cultural Officer & Head of ILBF at Northern Ireland Screen said: 

“We’re delighted to support this lovely series that offers viewers a window into what young Gaeilgeoirí get up to in their free time. Reflecting their passions and views, from sustainable fashion to sheepdog training, bears to birdwatching and even a digital detox, Mo Scéal Féin is bound to inspire other young people to be curious and adventurous.” 

Ronan McCloskey  from Ronin Films: “We’re delighted to have been involved in producing Mo Scéal Féin which were made in collaboration with the young people themselves.  This is a key demographic for the Irish language and the young people we featured are part of an amazing generation themselves keen to tell their stories through their native language.  We hope to make many more of these programmes in the future.” 

Sraith Nua Cúla4 do Leanaí ‘Mo Scéal Féin’,  Seolta ag Féile Baboró na Gaillimhe. 

Féach ar an tsraith: Cúla4 ón 24 Deireadh Fómhair 2025 ag 2pm 
 

Is cúis bhróid do TG4 agus do Ronin Films an tsraith teilifíse ‘Mo Scéal Féin’ a sheoladh i dTaibhdhearc na Gaillimhe Dé hAoine, an 17 Deireadh Fómhair ag 4pm, mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon Baboró do Leanaí na Gaillimhe. Bhailigh lucht spéise óg, teaghlaigh agus aíonna le chéile chun cruthaitheacht, fiosracht agus comhbhá daoine óga ar fud na hÉireann a cheiliúradh sula dtaispeánfar an tsraith den chéad uair ar Cúla4, Déardaoin, an 24 Deireadh Fómhair.  

Is sraith teilifíse nua Gaeilge do pháistí í ‘Mo Scéal Féin’ ina bhfuil guthanna agus paisin na ndaoine óga i lár stáitse. Tá an tsraith cúig chlár á maoiniú ag an gCiste Craoltóireachta Gaeilge agus á léiriú ag Ronin Films do Cúla4, agus tugtar cuireadh don lucht féachana daoine óga ar fud na hÉireann a leanúint agus iad ag fiosrú na rudaí is mó a bhfuil spéis acu iontu ó fhiadhúlra, faisean, teicneolaíocht agus obair foirne. 

Beidh duine nó grúpa daoine óga difriúla i ngach clár a bheidh 13 nóiméad ar fhad agus rachaidh siad ar thuras pearsanta taiscéalaíochta, tuisceana agus spraoi. Tá an clár dírithe ar an lucht féachana idir 8-13 bliana d’aois agus tá meascán de scéalaíocht tharraingteach agus ábhar láidir Gaeilge sa tsraith, rud a spreagfaidh an chruthaitheacht, spiorad pobail agus grá don Ghaeilge. Tá ‘Mo Scéal Féin’ foirfe do theaghlaigh agus do scoileanna toisc go spreagtar páistí a n-aislingí a leanúint agus an domhan mórthimpeall orthu a fhiosrú ina bhfocail féin agus ina dteanga féin. 

Nochtfaidh Seoirse as Gort an Choirce stair fhiáin na mbéar in Éirinn, ó Wild Ireland i nDún na nGall go hArd-Mhúsaem na hÉireann, áit a ndéanfaidh sé scrúdú ar chnámha béar leis an seandálaí Marion Dowd.

Leagfaidh Saorla agus Leela as Béal Feirste uathu na deiseanna digiteacha agus múchfaidh siad na scáileáin ar feadh 48 uaire. Rachaidh siad ar ziplíne, ag gearradh puimcíní, ag bácáil, agus ag spraoi le coileáin agus iad ag cur eolas ar an sonas a bhaineann le cairdeas agus leis na rudaí simplí sa saol an athuair.

Fiosróidh Lughaidh, ábhar éaneolaí as Lurgan, a ghrá d’éin ag Window on Wildlife an RSPB agus ar Loch nEathach, áit a bhfoghlaimeoidh sé le haire a thabhairt do ghnáthóga áitiúla.

Tabharfaidh Ríonach agus Emer, daoine óga a bhfuil dúil acu i bhfaisean, faoi mhisean stíle inbhuanaitheach i mBéal Feirste trí éadaí a uaschúrsáil, freastal ar imeachtaí malartaithe, agus a n-imeacht féin a óstáil lena gcuid cairde.

Féachfaidh Daniel as an bhFána Bhuí lena mhadra caorach Nan a thraenáil, é spreagtha ag a uncail ar éirigh go maith leis sna trialacha áitiúla, rud a chruthóidh gur fiú go mór obair foirne agus foighne.

Dúirt Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe agus Feidhmeannach Ceannachán d’Ábhar do Leanaí TG4 agus Cúla4:  

“Is ceiliúradh iontach é Mo Scéal Féin ar an indibhidiúlacht, ar an gcruthaitheacht agus ar an bpobal, agus léiríonn sé na luachanna ar fad atá againn in Cúla4. Tá fíorbhród orainn guthanna agus scéalta daoine óga a thaispeáint ar an scáileán ar bhealach atá fíor, spraíúil, agus fréamhaithe go láidir sa nGaeilge. B’ábhar inspioráide ar fad an díograis agus an tsamhlaíocht a thaispeáin gach duine a raibh baint acu leis an tsraith seo, agus tá súil againn go spreagfaidh sí tuilleadh páistí chun a gcuid scéalta féin a insint ina bhfocail féin.” 

Dúirt Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga agus Cultúir agus Ceann an ILBF i Scáileán Thuaisceart Éireann: 

“Tá ríméad orainn tacú leis an tsraith álainn seo a thugann léargas don lucht féachana ar na rudaí a bhíonn ar bun ag Gaeilgeoirí ina gcuid ama saor. Léirítear a bpaisean agus a ndearcthaí, ó fhaisean inbhuanaithe, traenáil madra caorach, béir, éanbhreathnú agus staonadh ó na gairis dhigiteacha fiú, agus is cinnte go spreagfaidh Mo Scéal Féin daoine óga eile chun bheith fiosrach agus chun dul sa seans.”

Read More

All News