Sraith nua Gaeilge M’Ainm Mo Scéal ag ceiliúradh cumhacht na n-ainmneacha ar Cúla 4
Is sraith teilifíse do pháistí í M’Ainm Mo Scéal a bhain Gradaim na hOireachtaise anuraidh. Sa tsraith seo déanann páistí fiosrúchán ar na scéalta a bhaineann lena gcuid ainmneacha.
Rinne Ronin Films an tsraith seo a léiriú, le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann agus Cúla 4.
Tá idir fhaisnéis agus ghreann ann agus na páistí ag fáil amach faoin chiall agus na scéalta a bhaineann lena gcuid ainmneacha pearsanta agus na ceangail éagsúla lena gcuid scéalta pearsanta féin.
Rinneadh scannáin le glúin úr Gaeilgeoirí fud fad na tíre agus iad ag fáil amach faoi réimse leathan ainmneacha agus scéalta, idir ainmneacha Gaelacha agus ainmneacha eile as gach cairn den domhan. Tá réimse fairsing téamaí le sonrú sna scéalta chomh maith, ó laochas go grástúlacht.
Mar shampla i mBaile Átha Cliath leanaimid Thormod atá 9, a fhaigheann amach go bhfuil baint ag a ainm leis na Lochlannaigh agus a théann siar in am go ham na Lochlannach le feiceáil cad é mar a mhair siad. Agus i nGort an Choirce, leanaimid Aoife atá 9 fosta agus í mar a bheadh iriseoir iniúchta ann. Téann sí ar cuairt ar chomórtas áilleachta agus í ag iarraidh a fháil amach cad é go díreach an rud is áilleacht ann.
Tá dlúthbhaint ag ainmneacha pearsanta páistí lena bhféiniúlacht féin agus mothaíonn siad úinéireacht áirithe ar a gcuid ainmneacha ina theannta sin. Is í an chéad rud a fhiafraíonn páistí dá chéile ná ‘cén t-ainm atá ort?’
Déanann an tsraith seo éagsúlacht na féiniúlachta a cheiliúradh agus a chur in iúl don lucht féachana. Tugann an tsraith aghaidh ar réimse téamaí: cairdeas; dílseacht; cineáltas; misneach; buanseasmhacht; comhoibriú; éiceolaíocht; caomhantas; an teaghlach; comhbhá agus caoinfhulaingt.
Cothaíonn M’Ainm Mo Scéal an nasc atá ag páistí le miotas agus cultúr na tíre seo agus le cultúr agus miotas an domhain mhóir thart orthu. Is bronntanais iad ainmneacha a chaomhnaíonn gach cineál scéil, scéalta a spreagann páistí lena luach féin a aithint.
Tá gach páiste éagsúil óna chéile agus tá barúil dhifriúil ag gach páiste faoina ainm. Ar an ábhar sin, tá na 26 scannán iomlán éagsúil óna chéile. Baineann gach ceann go dlúth leis an pháiste féin; ainm s’acu agus scéal s’acu.
Craolfaidh an cainéal Gaeilge do pháistí, Cúla 4, na 13 eipeasóid den tsraith. Maireann gach clár 11 bomaite, tá dhá scannán 5 bhomaite i ngach eipeasóid. Beidh na cláir a chraoladh gach Máirt ar 11:47, gach Céadaoin ar 17:45 agus Domhnach ar 10:00 ag tosnú ar 30/09/25.
________
New Irish-Language Series M’Ainm Mo Scéal Celebrates the Power of Names on Cúla 4
M’Ainm Mo Scéal is an Oireachtas Award winning children’s television series in which children explore the stories connected to their first names.
Produced i nGaeilge by Ronin Films, with funding from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund and Cúla 4.
The series mixes documentary and comedy to help children explore their given names and how the meaning of their names and the stories associated with them relates to their own personal stories.
This series has been filmed all over Ireland and features the next generation of Gaeilgeoirí. The series features names from Ireland as well as cultures from around the world. It include themes ranging from grace to heroism.
For example in Dublin we follow 9 year old Thormod, as he discovers how his name connects to Vikings and travels back in time to see how they lived. While in Gortahork 9 year old invesitigative journalist, Aoife visits a beauty competition in search of the true meaning of beauty.
Children’s names are closely tied with their sense of identity and there is a strong sense of ownership over one’s own name from a very young age. The first question children ask each other is ‘what is your name?’
This series celebrates diversity and fosters a sense of identity within the audience. It addresses themes such as friendship, loyalty, kindness, courage, perseverance, co-operation, ecology, conservation, family, acceptance, empathy and tolerance.
M’Ainm Mo Scéal connects children to the cultural heritage of this island and the wider world. Names are like gifts which provide an unbroken link to all sorts of ancient stories and characters, inspiring children and connecting them to the greatness that resides within them.
Every child is unique and so too is their relationship with their name. M’Ainm Mo Scéal features 26 films, each of which is unique and built around each individual child, their name and their story.
The 13 part series is being broadcast on the Irish language children’s channel, Cúla 4. Each episode is 11 minutes long and features two five-minute films. The episodes will be broadcast every Tuesday at 11:47, Wednesday at 17:45 and Sunday at 10:00 starting on 30/09/25.