Two Songs. Two Artists. Two days to put their own spin on it.
TG4 from Sunday 8th March 8pm.
A bold new Irish-language music series is set to shake up the music scene with fresh collaborations, daring reinventions and unforgettable live performances.
Casadh sa Cheol is a six-part television series for TG4 that challenges artists from dramatically different musical worlds to swap and reinterpret each other’s most cherished tracks, culminating in a powerful, one-off performance filmed live at The Belfast Barge, an intimate floating venue in the heart of Belfast.
At the start of each episode, the artists hear each other’s song for the first time before spending just two days rehearsing and reinterpreting the sound to suit their own style. From sean-nós to electropop, punk to folk, Casadh sa Cheol sees two artists dive into each other’s creative space, pushing their sound, identity and comfort zones.
They don’t meet until the day of the performance, moments before they step on stage, in front of a live audience and each other.
The series showcases some of the most exciting and genre-defying emerging talent from across the island of Ireland:
1. Emma Ní Fhíoruisce (Donegal – traditional) & Grooveline (Leitrim – funk/hip hop)
2. UshMush (Clare – rap / hip hop) & LARAbel (Donegal/Wicklow – indie)
3. Aoife Welby (Galway – sean-nós / folk) & The Shan Vans (Belfast – punk rock)
4. Caoimhín (Dublin – electronic/traditional) & Lisa Murray (Meath – pop)
5. Jack Warnock (Derry / Belfast – traditional / folk) & Anna Mullarkey (Galway / Dublin – neoclassical / electro-acoustic)
6. Na Tonnta (Dublin – light rock) & Eve Belle (Donegal / Belfast – electropop)
Produced and directed by Caoimhe Ní Chathail and Aideen Hand, Casadh sa Cheol aims to bring a fresh Irish-language perspective to music television, combining deep-rooted tradition with contemporary creativity.
Casadh sa Cheol was produced by a disabled-led production company, Triplevision Productions and supported by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund for TG4.
–
Tugann an tsraith úr cheoil, Casadh sa Cheol, léirithe dána agus comhoibrithe ceolmhara úra chuig The Belfast Barge.
Dhá amhrán. Dhá ealaíontóir. Dhá lá lena leagan féin a chruthú.
Ag tosú an 8 Márta ag 8pm ar TG4.
Cuirfidh an tsraith úr cheoil seo i nGaeilge saol an cheoil bun os cionn le comhpháirtíochtaí úra ceolmhara, athchruthuithe dána agus léirithe beo nach ndéanfar dearmad orthu go deo.
Is sraith theilifíse sé chuid í Casadh sa Cheol do TG4 a thugann dúshlán ealaíontóirí ó réimsí éagsúla ceoil amhráin a mhalartú agus a athléiriú, ag críochnú le léiriú cumhachtach aonuaire agus é taifeadta beo ag The Belfast Barge, ionad cluthar ar bharr an uisce i gcroílár Bhéal Feirste.
Ag tús an chláir a chloiseann na healaíontóirí na hamhráin den chéad uair, agus ní bhíonn ach dhá lá acu lena gcleachtadh agus a chur in oiriúint dá stíl féin. Ó shean-nós go leictreaphop, ó phunc go ceol tíre, rachaidh an bheirt ealaíontóirí i ngleic lena chéile go cruthaitheach, ag brú teorainneacha a bhfuaime, a bhféiniúlachta agus a gcompoird.
Ní bhuaileann siad le chéile go dtí lá an léirithe, cúpla nóiméad sula mbeidh siad ag dul ar an stáitse, os comhair lucht féachana beo agus a chéile.
Tugtar léargas sa tsraith ar chuid de na ceoltóirí is spreagúla agus is neamhghnách atá ag teacht chun cinn ar fud oileán na hÉireann:
- Emma Ní Fhíoruisce (Dún na nGall – traidisiúnta) & Grooveline (Liatroim – func / hip hop)
- UshMush (An Clár – rap / hip hop) & Larabel (Dún na nGall / Cill Mhantáin – indie)
- Aoife Welby (Gaillimh – sean-nós / ceol tíre) & The Shan Vans (Béal Feirste – punc rac)
- Caoimhín (Baile Átha Cliath – leictreonach / traidisiúnta) & Lisa Murray (An Mhí – pop)
- Jack Warnock (Doire / Béal Feirste – traidisiúnta / ceol tíre) & Anna Mullarkey (Gaillimh / Baile Átha Cliath – neochlasaiceach / leictreacústach)
- Na Tonnta (Baile Átha Cliath – rac éadrom) & Eve Belle (Dún na nGall / Béal Feirste – leictreaphop)
Tá sé mar aidhm ag Casadh sa Cheol, a léirigh agus a stiúir Caoimhe Ní Chathail agus Aideen Hand, léargas úr Gaelach a thabhairt ar an teilifís cheoil, áit a dtagann an traidisiún domhain agus an chruthaitheacht chomhaimseartha le chéile.
Triplevision Productions, comhlacht léiriúcháin faoi stiúir daoine faoi mhíchumas, a léirigh Casadh sa Cheol, agus fuair sé tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann do TG4.