Pics: Seán McNally & his wife Emer
TG4 Wednesday 4th February 9.30pm
Néaltrú – An Scriosadh Mall, a moving new documentary on TG4 introduces viewers to the McNally family, united in facing dad Seán’s diagnosis of PCA Alzheimer’s head-on.
Produced by Beloved Media Productions for TG4, with support from the Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, Northern Ireland Screen, and TG4.
Néaltrú captures the strength of the McNallys, who rely on affection, humour, and resilience as they adapt to Seán’s changing needs. Through the eyes of Emer, Seán’s wife and a busy Vice-Principal, we witness the family navigating this difficult new phase of life.
Seán, once known as “the king of the one-liners,” continues to hold court at the family’s Friday night club, even as Alzheimer’s gradually takes his speech — and with it, Irish, one of the great loves of his life. The film highlights both joyful and painful moments, showing how the family celebrates life while confronting the grief of what the illness will eventually take away.
At its heart, Néaltrú is a love story: a portrait of family’s strength and devotion, and the perseverance to adapt to ever-changing circumstances. Daughter Niamh reflects, “Seán still loves all the same things… he is still loved… he is still Seán, it’s just a new version of Seán.”
_
Déanann an clár faisnéise nua seo de chuid TG4, Néaltrú – An Scriosadh Mall, scrúdú ar an saol le galar Alzheimer.
TG4 Dé Céadaoin an 4 Feabhra ag 9.30pm
Clár faisnéise tochtmhar nua ar TG4 ina gcuirfear aithne ar mhuintir McNally, atá chun aghaidh a thabhairt le chéile ar an diagnóis sa ghalar Alzheimer PCA atá faighte a n-athar Seán.
Léireofar neart mhuintir McNally sa gclár Néaltrú, atá ag brath ar chion, greann, agus teacht aniar agus iad anois ag dul in oiriúint do riachtanais Sheáin, riachtanais atá ag athrú an t-am ar fad. Trí shúile Emer, bean chéile Sheáin ar Leas-Phríomhoide gnóthach í, feiceann muid teaghlach atá ag iarraidh a mbealach a dhéanamh trí thréimhse nua chasta ina saol.
Léirithe ag Beloved Media Productions do TG4, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) Scáileán Thuaisceart Éireann agus TG4.
Bíonn aird an chomhluadair i gcónaí ar Sheán, a bhfuil cáil air as a chuid tráthúlachta, ag club an teaghlaigh gach oíche Aoine, fiú agus Alzheimer ag goid a chuid cainte – agus ina theannta sin, a chuid Gaeilge, teanga a raibh an-chion go deo aige uirthi le linn a shaoil. Leagtar béim sa scannán seo ar na tréimhsí lúcháireacha agus pianmhara, agus ar an mbealach a ndéanann teaghlach ceiliúradh ar an mbeatha agus iad ag tabhairt aghaidh ag an am céanna ar an gcumha a bheidh orthu i ndiaidh Sheáin nuair a bhainfidh an galar a chuid féin amach. Scéal grá atá i gcroílár Néaltrú: Pictiúr de láidreacht agus dúthracht teaghlaigh, agus a mbuanseasmhacht agus iad ag dul in oiriúint do chúinsí a bhíonn ag athrú síoraí. “Tá grá ag Seán do na rudaí ceannann céanna go fóill… Tá grá air go fóill… Seán atá ann go fóill, ach is leagan nua é de Sheán.”