‘Breith, Beatha, Bás’, a new four-part observational documentary series for RTÉ, follows an extraordinary community of celebrants as they help ordinary people all over the country celebrate and mark the most emotionally charged moments in their lives. 

Filmed over many months, ‘Breith, Beatha, Bás’ delves into this evolving trend by following celebrants as they navigate both the joyful and sorrowful moments in people’s lives. Whether it’s a ‘naming ceremony’, a wedding, or a ‘celebration of life ceremony’, celebrants are at the very heart of the biggest moments at every stage of Irish life. Through their stories, we explore the essence of the Irish spirit of celebration. 

‘Breith, Beatha, Bás’ is a Below the Radar production for RTÉ supported by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund and will be broadcast on RTÉ One and RTÉ Player on the 16th of July at 20:30. 

For centuries, the Church was at the centre of Irish life for many key life milestones, from birth to death. However, in a modern, diverse country filled with cultures and religions from across the world, many are seeking new ways to keep the Irish spirit of celebration alive. In 2024, civil ceremonies outnumbered Catholic ceremonies for the first time ever, reflecting a significant shift in how Irish people choose to mark the defining moments of their lives. 

Director Seán Ó Baoill said: “At its heart, this series is about people. The kind of storytelling that has always interested me is storytelling that helps us better understand one another. Through the celebrants, we were given access to some of the most significant moments in people’s lives and a unique window into a changing Ireland. It was a privilege to witness stories of love, loss, family, identity and belonging, and a reminder that while the ways we mark these moments may be evolving, our need for connection remains the same.”

–

Breathnaíonn an tsraith faisnéise de chuid RTÉ, Breith, Beatha agus Bás, ar cheiliúradh nua-aimseartha in Éirinn 

‘Breith, Beatha, Bás’, sraith faisnéise bhreathnóireachta nua ceithre pháirt do RTÉ ina leantar pobal iontach ceiliúraithe agus iad ag cuidiú le gnáthdhaoine ar fud na hÉireann ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh ar na hócáidí is mothúchánaí ina saol. 

Taifeadadh ‘Breith, Beatha, Bás’ in imeacht roinnt mhaith míonna agus fiosraítear ann an treocht seo atá ag teacht chun cinn; leantar ceiliúraithe ó gach cearn den tír agus iad ag cuidiú le daoine plé leis na hócáidí is suáilcí agus is tochtmhaire ina saol. Cibé acu ‘searmanas ainmniúcháin’, bainis, nó ‘searmanas ceiliúrtha saoil’ a bhíonn i gceist, bíonn na ceiliúraithe i gcroílár na n-ócáidí is tábhachtaí i ngach céim de shaol na hÉireann. Fiosraímid spiorad ceiliúrtha na hÉireann in Éirinn nua-aimseartha an lae inniu.  

Is léiriúchán de chuid Below the Radar é ‘Breith, Beatha, Bás’, clár a rinneadh le haghaidh RTÉ agus a fuair tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann; craolfar é ar RTÉ One agus RTÉ player ar an 16ú Iúil ag 20:30. 

Leis na céadta bliain bhí an Eaglais ag croílár ócáidí saoil mhuintir na hÉireann, agus sin ó bhreith go bás. Má bhí féin, ar na saolta nua-aimseartha seo in Éirinn, tír atá lán éagsúlachta, cultúr agus reiligiún ó gach cearn den domhan, tá go leor daoine ag lorg bealaí nua chun spiorad ceiliúrtha na hÉireann a choinneáil beo. I 2024, bhí bainiseacha sibhialta níos coitianta ná bainiseacha Caitliceacha den chéad uair riamh, rud a léiríonn an t-athrú suntasach atá tagtha ar an dóigh a bhféachann muintir na hÉireann le hócáidí cinniúnacha an tsaoil a chomóradh. 

Seo mar a labhair an stiúrthóir Seán Ó Baoill: “Is iad na daoine dlúth agus inneach na sraithe seo. An cineál scéalaíochta a raibh spéis agam féin ann riamh anall an cineál sin scéalaíochta a chuidíonn linn tuiscint níos fearr a fháil ar a chéile. A bhuí leis na ceiliúraithe, bhí muid i láthair ag cuid de na hócáidí is tábhachtaí i saol daoine agus fuair muid spléachadh ar leith ar an mbealach a bhfuil Éire ag athrú. Ba phribhléid é scéalta grá, caillteanais, teaghlaigh, féiniúlachta agus muintearais a fheiceáil, agus chuir sé i gcuimhne dom go mbímid go fóill ag santú an mhuintearais sin bíodh is go bhfuil athrú ag teacht ar na bealaí a ndéanaimid comóradh ar ócáidí móra an tsaoil.” 

Read More

All News