‘Rud le Rá – Foghlaim TG4’s new Drama Series casts a spotlight on the lives of young people and oral exam topics.
New Foghlaim TG4 drama made with young Irish speakers from Monaghan and Armagh, rooted in the GCSE and Junior Cycle curricula, gives teenagers the language to talk about their own lives.
Produced by Macha Media and funded by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF), Rud le Rá is a contemporary ten-part Irish-language drama for Foghlaim TG4. The first five episodes will be released in October, with a further five following from January 2027.
The series follows a group of classmates at the fictional ‘Gaelscoil na hEamhna’ as they navigate conflict, friendship, family problems and the challenges of growing up. Their stories explore changing relationships, peer pressure, and the realities that can lie behind first impressions.
The cast of around 20 teenagers from Armagh and Monaghan includes Annie Rice as Aisling, Lára Corrigan as Aoife, Paige McKee as Méabh, Katie Nic Uilinn as Sinéad and Nathan Mac Cionna as Dáithí. The adult cast also features Blaithin McCann and Tessa Fleming.
Seven-year-old Rose Rice plays Aisling’s younger sister, a character with Down syndrome who lives very much in the moment and has a knack for reminding her big sister of what really matters. Rose and Annie are sisters in real life, which brought great fun to the set and added authenticity to their relationship on screen.
Annie Rice, who plays Aisling, said: “It was brilliant getting to play Aisling and to work with such a great cast from Armagh and Monaghan. We all go to all-Irish schools, so Irish is just part of how we talk to each other, and it’s really nice to see that reflected on screen in a way that just feels normal.”
The title Rud le Rá – “something to say” – captures the ambition behind the series: to present Irish not simply as a language learned in the classroom, but as a living language young people can use to talk about their own world.
Each episode is built around the vocabulary, grammar and themes students encounter in the CCEA GCSE Irish specification and at Junior Cycle/Junior Certificate level, woven naturally into the scripts and storylines. Students hear Irish being used to express opinions, emotions, friendships, disagreements and everyday experiences – giving them the words and confidence to speak about their own lives.
Dr Niall Comer of Ulster University praised the series for its portrayal of Irish and its potential as a classroom resource: “Tugtar sa tsraith iontach seo, Rud le Rá, léiriú ar an Ghaeilge mar ba chóir – í ina teanga bheo, teanga ina mbíonn daoine óga ag plé le cairdeas, caidreamh agus leis na dúshláin a bhaineann le saol an déagóra. Mholfainn go láidir do mhúinteoirí an tsraith a úsáid sa tseomra ranga, agus gabhaim comhghairdeas leis an fhoireann ar fad as an acmhainn luachmhar seo a chur ar fáil.”
Translation : “This excellent series, Rud le Rá, portrays the Irish language as it should be portrayed — as a living language, one through which young people discuss friendship, relationships and the challenges of teenage life. I would strongly recommend that teachers use the series in the classroom, and I congratulate the entire team on making this valuable resource available.”
The first five episodes – Éisteachtaí, An Bhréag, An Post Úr, Míshásta and An Dán – will be available on Foghlaim TG4 from October, with five further episodes to follow from January 2027.
Rud le Rá: Sraith dhráma Gaeilge nua Foghlaim TG4
‘Rud le Rá’ – Sraith Nua Drámaíochta a léiríonn saol daoine óga agus topaicí don scrúdú béil ar Foghlaim TG4.
Tugann dráma nua de chuid Foghlaim TG4, a scannánaíodh le Gaeilgeoirí óga as Contae Mhuineacháin agus Ard Mhacha, agus atá fréamhaithe sna curaclaim don GCSE agus don tSraith Shóisearach, deis do dhéagóirí labhairt faoina saol féin.
Léirithe ag Macha Media le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann (Irish Language Broadcast Fund – ILBF), is dráma comhaimseartha Gaeilge é Rud le Rá ina bhfuil deich gclár ar an iomlán. Eiseofar na chéad chúig chlár ar shuíomh agus ar chainéal YouTube Foghlaim TG4 go seachtainiúil i mí Dheireadh Fómhair, agus cuirfear na cúig chlár eile ar fáil ó mhí Eanáir 2027 ar aghaidh.
Leanann an tsraith grúpa daltaí i nGaelscoil na hEamhna, scoil fhicseanúil, agus iad ag dul i ngleic le coimhlintí, cairdeas, fadhbanna teaghlaigh agus na dúshláin a bhaineann le bheith ag fás aníos. Déantar iniúchadh ina gcuid scéalta ar chaidrimh a bhíonn ag athrú, ar bhrú ó phiaraí agus ar an fhírinne a d’fhéadfadh a bheith i bhfolach taobh thiar den chéad imprisean.
Tá thart ar 20 déagóir as Ard Mhacha agus Muineachán mar chuid den fhoireann aisteoirí, Annie Rice mar Aisling, Lára Corrigan mar Aoife, Paige McKee mar Mhéabh, Katie Nic Uilinn mar Shinéad agus Nathan Mac Cionna mar Dháithí ina measc. Tá Blaithin McCann agus Tessa Fleming i measc na n-aisteoirí fásta sa tsraith freisin.
Tá páirt ag Rose Rice, atá seacht mbliana d’aois, sa tsraith mar dheirfiúr níos óige Aisling. Is carachtar í a bhfuil siondróm Down uirthi, a mhaireann go hiomlán san am i láthair agus a chuireann i gcuimhne dá deirfiúr níos sine go minic cad iad na rudaí is tábhachtaí sa saol. Is deirfiúracha iad Rose agus Annie san fhíorshaol, rud a chuir go mór leis an spraoi ar an seit agus a thug fíreannacht bhreise dá gcaidreamh ar an scáileán.
Dúirt Annie Rice, a bhfuil ról ‘Aisling’ aici: “Bhí sé ar fheabhas an deis a fháil a bheith ag aisteoireacht mar ‘Aisling’ sa tsraith agus a bheith ag obair le foireann chomh hiontach seo as Ard Mhacha agus Muineachán. Téimid go léir chuig scoileanna lán-Ghaeilge, mar sin bíonn muid ag labhairt lena chéile i nGhaeilge de ghnáth. Is deas an rud é sin a fheiceáil léirithe ar an scáileán ar bhealach a mothaíonn go hiomlán nádúrtha.”
Léiríonn teideal na sraithe, Rud le Rá, an aidhm atá taobh thiar di: an Ghaeilge a chur i láthair ní hamháin mar theanga a fhoghlaimítear sa seomra ranga, ach mar theanga bheo ar féidir le daoine óga í a úsáid chun labhairt faoina saol féin agus faoin saol mórthimpeall orthu.
Tá gach clár bunaithe ar an stór focal, ar an ghramadach agus ar na téamaí a bhíonn ag daltaí i sonraíocht GCSE Gaeilge de chuid CCEA agus ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí / an Teastais Shóisearaigh. Tá na gnéithe sin leabaithe go nádúrtha sna scripteanna agus sna scéalta. Cloiseann daltaí an Ghaeilge á húsáid chun tuairimí, mothúcháin, cairdeas, easaontais agus gnáth-eispéiris an tsaoil a chur in iúl, rud a thugann na focail agus an mhuinín dóibh labhairt faoina saol féin.
Mhol an Dr Niall Comer ó Ollscoil Uladh an tsraith as an léiriú a thugann sí ar an nGaeilge agus as an acmhainneacht atá inti mar áis don seomra ranga: “Tugtar sa tsraith iontach seo, Rud le Rá, léiriú ar an Ghaeilge mar ba chóir – í ina teanga bheo, teanga ina mbíonn daoine óga ag plé le cairdeas, caidreamh agus leis na dúshláin a bhaineann le saol an déagóra. Mholfainn go láidir do mhúinteoirí an tsraith a úsáid sa tseomra ranga, agus gabhaim comhghairdeas leis an fhoireann ar fad as an acmhainn luachmhar seo a chur ar fáil.”
Beidh na chéad chúig chlár – Éisteachtaí, An Bhréag, An Post Úr, Míshásta agus An Dán – ar fáil ar Foghlaim TG4 ó mhí Dheireadh Fómhair, agus cuirfear cúig chlár eile ar fáil ó mhí Eanáir 2027.