Monday, 26 October 2026 – 6.30pm RTÉ One
Europe’s biggest Hallowe’en festival is much more than masks, fireworks and vibrant parades – it’s the story of a city that has redefined itself. To mark the 40th anniversary of Derry~Londonderry Hallowe’en, ‘Samhain Dhoire – Scéal na Cathrach’ traces the city’s transformation through the iconic celebrations that helped reshape the city and its identity.
Over 40 years, Halloween in Derry~Londonderry has grown from a small community celebration to the largest Halloween festivals in Europe. But behind the costumes, fireworks and spectacle is a much bigger story about the city itself.
Samhain Dhoire – Scéal na Cathrach, a new one-hour documentary for RTÉ, produced by Below the Radar with the support of Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, looks back at four decades of Halloween and at the people, creativity and community spirit that have shaped it along the way.
Beginning in the mid-1980s, at a time when the city was still living through some of the darkest years of the Troubles, the programme explores how Halloween offered people a chance to take over the streets in a very different way.
Through archive and personal stories, Samhain Dhoire – Scéal na Cathrach looks at the city people remember from their childhood, the impact of the Troubles, Bloody Sunday and the years that followed, but also at the humour, imagination and resilience that continued throughout it all.
The documentary brings together people who helped build the festival from its earliest days alongside artists, musicians, community workers and different generations of families.
The programme also follows preparations for Halloween in its 40th year, from workshops and costume-making to rehearsals, public art and the work happening across the city as the celebrations draw closer.
Director Seán Ó Baoill said:
“I never wanted this to be just a programme about Halloween. My granny is a Derry woman and, in a lot of ways, I see Derry in her, the humour, the warmth and the resilience. So I’ve always felt a personal connection to the city. The Halloween festival gives us a way into the story of Derry itself, everything it has lived through, how much it has changed, and the creativity that has always been there. There’s something really powerful about seeing people reclaim the streets through celebration, colour and imagination.”
Samhain Dhoire – Scéal na Cathrach airs on RTÉ One on Monday, 26 October at 6.30pm
Breathnaíonn Samhain Dhoire – Scéal na Cathrach ar an bhféile Oíche Shamhna is mó san Eoraip
Tá i bhfad níos mó i gceist leis an fhéile Oíche Shamhna is mó san Eoraip ná maisc, tinte ealaíne agus paráidí bríomhara – tá scéal na cathrach a chuir cló úr uirthi féin fite fuaite inti chomh maith. Le comóradh a dhéanamh ar an fhéile agus ar 40 bliain a bunaithe rianaíonn ‘Samhain Dhoire – Scéal na Cathrach’ an claochlú a tháinig ar Dhoire tríd an cheiliúradh chlúiteach a chuidigh le bonn úr a chur faoin chathair agus faoi fhéiniúlacht na cathrach féin.
In imeacht 40 bliain, tháinig fás as cuimse ar Oíche Shamhna i gcathair Dhoire: ó cheiliúradh beag pobail go dtí an fhéile Oíche Shamhna is mó san Eoraip. Ach taobh thiar den fheisteas, na tinte ealaíne agus an chóisireacht ar fad, tá scéal i bhfad níos mó ann faoin chathair féin.
Is clár faisnéise nua uair an chloig é Samhain Dhoire – Scéal na Cathrach a chraolfar ar RTÉ agus a léirigh Below the Radar le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann. Caitear súil siar ar an bhealach ar caitheadh Oíche Shamhna i gcathair Dhoire le daichead bliain anuas agus ar na daoine, ar an chruthaitheacht agus ar an spiorad pobail a chuidigh leis an fhéile a mhúnlú in imeacht na mblianta sin.
Is é lár na 1980í, na blianta is coscraí ar fad de na Trioblóidí, túsphointe an chláir, agus fiosraíonn sé an bealach ar chuidigh Oíche Shamhna le muintir na cathrach seilbh an-éagsúil a ghlacadh ar na sráideanna.
A bhuí le hábhar ón chartlann agus le scéalta pearsanta, caitheann Samhain Dhoire – Scéal na Cathrach súil ar an chathair mar ba chuimhin le muintir na cathrach féin é, fiosraíonn sé an tionchar a bhí ag na Trioblóidí, ag Domhnach an Fola agus ag na blianta ina dhiaidh, ach tugann sé léargas chomh maith ar an ghreann, ar an chruthaitheacht agus ar an bhuanseasmhacht a bhí go smior sa chathair i rith na tréimhse sin ar fad.
Le linn an chláir cluinimid scéal na ndaoine a chuidigh leis an fhéile a fhorbairt ó na laethanta tosaigh sin, mar aon le healaíontóirí, ceoltóirí, oibrithe pobail agus teaghlaigh Dhoire ó ghlúnta éagsúla.
Faightear spléachadh ar an ullmhúchán ar fad a bhíonn ar bun d’Fhéile Oíche Shamhna i nDoire agus í 40 bliain ar an fhód – idir cheardlanna, déanamh feistis agus chleachtaí mar aon leis an ealaín phoiblí agus an obair mhór a bhíonn ar siúl ar fud na cathrach de réir mar a bhíonn an lá mór ag druidim linn.
Seo mar a labhair an stiúrthóir Seán Ó Baoill:
“Ní clár faoi Oíche Shamhna amháin a bhí uaim. Is as Doire do mo mháthair mhór agus ar bhealaí go leor tá an chathair féin, mar aon le greann, cineáltas agus seasmhacht Dhoire go smior inti agus d’fhág sin go raibh dáimh agam riamh leis an chathair. A bhuí le féile Oíche Shamhna tá muid ábalta súil a chaitheamh ar scéal Dhoire féin, ar an mhéid a tharla ann, ar an athrú as cuimse atá tagtha air agus ar an chruthaitheacht a bhí ann riamh anall. Tá sé millteanach cumhachtach daoine a fheiceáil agus iad ag glacadh seilbh in athuair ar na sráideanna le dath, ceiliúradh agus cruthaitheacht.”
Craolfar Samhain Dhoire – Scéal na Cathrach ar RTÉ One Dé Luain, 26 Deireadh Fómhair ar 6.30 i.n.
