Naíonra airs Mondays on TG4 from 26th October at 9pm.
Welcome to the wonderful world of the Naíonra, where we get a fly-on-the-wall insight into a small world where big things happen.
In this heartwarming three-part series, cameras follow all the action in two Naíonraí in two different communities- one in West Belfast and the other in Ráth Chairn, Co. Meath. The series is funded by Coimisiúin na Meán and Northern Ireland Screen’s Irish-Language Broadcast Fund (ILBF).
Eileen Ní Lúpáin is the director of Naíonra Ráth Chairn in Meath, and she relishes the sense of joy the children bring to the Naíonra every day. In West Belfast, Dolores Barnes is the Director of Naíscoil Bhreandáin and is proud that the Naíscoil is part of Northern Ireland’s first Gaelscoil.
Rooted in two very different Irish-speaking communities – one a grassroots urban Gaeltacht in Belfast, the other founded by families who migrated from Connemara to Ráth Chairn – these naíonraí share a common mission: passing the Irish language & culture on to a new generation.
As we observe the children, experts enrich our understanding of their early experiences. Education expert Dr. Jacqueline de Brún explains how we acquire language and gives some background on how language shaped two communities.
However, these young learners are doing more than simply acquiring a second language. This stage of childhood is marked by remarkable brain development, with rapid growth and activity, as Clinical Psychologist Dr. Cáit Verling explains.
Education expert An tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir provides insight into the experiences of the children and their teachers as we follow them through one of the most significant years of their lives, when many of the skills they will rely on throughout life are first developed – from fun and communication to conflict and friendship.
Ep 01: For many families, the first days at the Naíonra bring a mix of emotions, with excitement, uncertainty and a few tears too. Before long, the children begin to settle in, growing in confidence, learning through Gaeilge, making friends and embracing the daily routines of Naíonra life. From dressing up as spooky Halloween characters to performing at their Christmas concert, every experience is infused with play, song, and fun.
Ep 02: As a new term begins, the children return to the Naíonra happy and settled. Their confidence is blossoming as they listen, ask questions, and communicate with ease, using more Gaeilge naturally while their imaginative play continues to develop. Fun, play and song continue to be at the heart of what happens in the busy life of the naíonra – whether dancing at the St Patrick’s Day céilí, visiting the farm or discovering the traditions of St Brigid’s Day with a special visitor, the children are experiencing Irish culture and having fun alongside learning the language.
Ep 03: The final term sees the children thriving as confident, independent learners. Their language skills continue to grow; they can make each other laugh and their imaginative play has become more creative than ever. As talk turns to uniforms, homework and big school, these two communities prepare to take their next exciting step.
Osclaíonn sraith úr TG4 Naíonra an doras chuig saol na Naíscoile.
Naíonra – Ag tosú ar an Luain an 26 Deireadh Fómhair ag 9pm ar TG4
Fáilte go domhan iontach an Naíonra, ina bhfaigheann muid léargas uile-oileáin ar dhomhan beag ina dtarlaíonn rudaí móra.
Fáilte go domhan iontach an Naíonra, ina bhfaigheann muid léargas uile-oileáin ar dhomhan beag ina dtarlaíonn rudaí móra. Sa tsraith trí pháirt chroíúil seo, atá maoinithe ag Coimisiúin na Meán agus ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, leanann ceamaraí an t-aicsean ar fad in dhá Naíonra i bpobail éagsúla – ceann in Iarthar Bhéal Feirste agus an ceann eile i Ráth Chairn, Co. na Mí. Sraith trí chlár 50 nóiméad an ceann léirithe ag Tyrone Productions.
Is í Eileen Ní Lúpáin stiúrthóir an Naíonra i Ráth Chairn, agus is breá léi teacht isteach ar maidin chuig an atmaisféar sona agus dóchasach a chruthaíonn na páistí. I mBéal Feirste, is í Dolores Barnes stiúrthóir Naíscoil Bhreandáin agus tá sí bródúil go bhfuil an Naíscoil mar chuid den chéad Ghaelscoil sa Tuaisceart. D’fhás agus d’fhorbair an dhá naíonra seo as pobail éagsúla – Ráth Chairn as grúpa teaghlach Gaeltachta a bhog anoir as Chonamara agus Béal Feirste as grúpa teaghlach a chruthaigh pobal Gaeilge dóibh fhéin ar Bhóthar Seoighe – ach roinneann an dhá phobal an cuspóir agus paisean céanna: an Ghaeilge agus cultúr na nGael a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.
Le linn na sraithe agus muid ag breathnú ar na páistí, cuirfidh saineolaithe leis an tuiscint atá againn ar eispéiris luathbhlianta na bpáistí. Míníonn an Saineolaí Oideachais An Dr Jacqueline de Brún an bealach a shealbhaítear teanga agus an bealach ar mhúnlaigh paisean don Ghaeilge an dhá phobal uathúla seo.
Ach ní hí an dara teanga amháin atá á foghlaim ag na luathfhoghlaimeoirí seo; is tréimhse í seo i bhforbairt an pháiste a bhfuil an inchinn ag pléascadh le gníomhaíocht, mar a mhíníonn an Síceolaí Cliniciúil An Dr Cáit Verling.
Tugann an saineolaí oideachais An tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir comhthéacs dúinn ar eispéireas na bpáistí agus a gcuid múinteoirí agus muid ag gabháil leo ar an aistear seo i gceann de na blianta is tábhachtaí i saol an duine – an bhliain a bhfoghlaimíonn muid an iliomad scileanna saoil – tuiscint, cumarsáid agus cairdeas.
Clár 01: Bíonn tús na bliana lán le mothúcháin, ní hamháin do na leanaí, ach do na tuistí chomh maith. Ach sara bhfad, feicfimid muinín na leanaí ag fás, scileanna nua á bhforbairt acu, stór focal nua Gaeilge agus cairde nua. Tá na gnáthaimh luachmhara ar fad bunaithe anois idir na cótaí a chur orthu fhéin agus lón a ithe. Cóisir rince i gcomhair Oíche Shamhna agus seó mór na Nollag… tarlaíonn sé go léir le súgradh, amhráin agus spraoi.
Clár 02: Mí Eanáir – tús le bliain nua agus le téarma nua sa Naíonra. Tá na leanaí socair agus sásta agus tá an éisteacht, an chaint agus an ceistiúchán ag teacht chun cinn sa téarma seo. Tá na leanaí ag tosú ar an nGaeilge a úsáid go nádúrtha sa saol laethúil agus feicimid cairdeas níos doimhne agus scileanna cumarsáide níos sofaisticiúla. Tá an spraoi agus an chraic fós i gcroílár gach rud a thárlaíonn sa Naíonra. Idir ghléasadh suas do chéilí do Lá Fhéile Pádraig agus cheiliúradh a dhéanamh ar Lá le Bríde, tá an cultúr á shú isteach ag na leanaí chomh maith leis an teanga.
Clár 03: Feicimid dul chun cinn iontach na leanaí sa téarma deireanach sa Naíonra. Tagann fear grinn ar cuairt agus baineann siad taitneamh as Lá Spóirt. Faoin tráth seo den bhliain, bíonn na leanaí láidir agus neamhspleách; tá siad in ann gáire a bhaint as a chéile; fadhbanna a réiteach; agus cuidiú lena chéile. Tá siad ag cur go mór lena gcuid scileanna teanga freisin. Tá sé in am don phobal beag seo, atá ag fás agus ag forbairt le chéile, ag súgradh le chéile agus ag foghlaim le chéile, slán a rá leis an Naíonra agus bogadh ar aghaidh go dtí an scoil mhór!