TG4 Wednesday 17th of September at 9.30pm. 

YouTube: Éire agus na Chéad Náisiúin 

TG4 is proud to present Éire agus Na Chéad Naisiúin, a landmark documentary which uncovers the untold story of Irish interaction with the First Nations of North America. Filmed as a road movie across the U.S., this compelling film offers a dual perspective—examining the Irish immigrant experience through both our own lens and that of the Indigenous peoples impacted by our arrival. This film was produced by Ronin Films with funding from the ILBF and Coimisiún na Meáin.  

From trade and war to alliances and betrayal, this film explores the complex and often contradictory roles Irish settlers played in shaping Native American history. Featuring contributions from leading Irish historians and prominent First Nations voices, the documentary sheds light on how Irish emigrants were both the oppressed and the oppressors. 

Key stories include that of Sir William Johnson, an 18th-century Irish trader and landowner who forged deep ties with the Mohawk Nation and whose legacy lives on in upstate New York. Viewers will also meet Mohawk elders Kay Olan and Tom Porter, who reflect on Johnson’s role and his lasting impact on their native lands. 

The film then journeys from Fort Niagara to the Blackfeet lands of Montana, revealing darker chapters of history—such as the Baker Massacre and the legacy of Irish-American generals like Philip Sheridan and Thomas Francis Meagher, who played central roles in Indigenous displacement. 

The film also highlights voices of empathy and understanding. Choctaw artist Waylon Gary White Deer, explores the spiritual and historical connections between the Choctaw Nation and the Irish people, rooted in the shared trauma of dispossession and the famed Choctaw donation during the Great Famine. 

Indeed, not all Irish emigrants or their descendants viewed the First Nations as enemies. Some, like Donegal-born Micí MacGabhann, saw striking parallels between Indigenous struggles and the hardships faced in Ireland. Others, such as James Mooney—an American anthropologist born to Irish parents—lived among tribes like the Lakota and recorded their cultural traditions, deeply respecting their efforts to preserve their identity in the face of colonial oppression. 

Indigenous resistance, however, brought grave consequences and when gold was discovered in the sacred Black Hills, tensions gave rise to the Great Sioux War of 1876. Many Irish, having emigrated during the Great Famine, struggled to find work in America and enlisted in the US Army. They would then be tasked with clearing the Indigenous population from their lands. Many fought and died for the U.S. Army at the infamous Battle of Little Bighorn, including Captain Myles Keogh, and many Irish soldiers would again be present at the Wounded Knee Massacre. The last remaining survivor, Hugh McGinnis, would later confess that he was haunted by the horrors that he had witnessed that day.  

Éire agus Na Chéad Naisiúin concludes with a poignant reflection by Lakota historian Dakota Wind Goodhouse, drawing parallels between ancient Irish and Lakota traditions and offering a powerful call for reconciliation and remembrance. This is a groundbreaking film that confronts a deep division within the Irish psyche. We were both friends and foes of the Native Americans. Having been exiled from our own land, we settled in theirs. 

Dakota Goodhouse ag teach Micí Mac Gabhann

Craolfar Clár Faisnéise Nua Tacaithe ag an CCG ‘Éire agus na Chéad Náisiúin’ ar TG4

9.30pm ar an 17 Meán Fómhair ar TG4. 

YouTube: Éire agus na Chéad Náisiúin 

Is cúis bhróid ag TG4 Éire agus Na Chéad Naisiúin a chur i láthair, léiriúchán de chuid Ronin Films arna mhaoiniú ag an ILBF agus Coimisiún na Meán. Is clár faisnéise ceannródaíoch é seo ina nochtar scéal nár insíodh fós faoin phlé a bhí ag Éireannaigh leis na Chéad Náisiúin i Meiriceá Thuaidh. Mar scannán bóthair trasna na Stát Aontaithe a cruthaíodh an scannán mealltach seo ina bhfuil dhá pheirspictíocht – scrúdaítear taithí inimircigh na hÉireann trínár lionsa féin agus trí lionsa na ndaoine Dúchasacha a raibh tionchar ag ár dteacht ann orthu. 

Ó thrádáil agus cogadh go comhghuaillíochtaí agus feall, déantar iniúchadh sa scannán seo ar na róil chasta, agus contrártha go minic, a bhí ag lonnaitheoirí Éireannacha i múnlú stair Dhúchasaigh Mheiriceá. Cluintear staraithe ceannródaíocha Éireannacha agus guthanna suntasacha ó na Chéad Náisiúin ag caitheamh solais ar an dóigh a raibh eisimircigh Éireannacha faoi chois agus ar chuir siad féin go deimhin daoine eile faoi chois san am chéanna. 

I measc phríomhscéalta an chláir tá scéal Sir William Johnson, trádálaí agus úinéir talaimh Éireannach ón 18ú haois a chruthaigh naisc dhoimhne leis an Náisiún Mohawk agus a bhfuil a oidhreacht go fóill beo i dtuaisceart Stát Nua-Eabhrac. Cuirfidh an lucht féachana eolas fosta ar sheanóirí Mohawk, Kay Olan agus Tom Porter, beirt a thabharfaidh a léargas féin dúinn ar ról Johnson agus an tionchar buan a d’fhág sé ar a dtailte dúchais. 

Ansin, bogann an scannán ó Dhún Niagara go tailte Blackfeet in Montana, ag nochtadh caibidlí níos dorcha sa stair—amhail Sléacht Baker agus oidhreacht ghinearáil Éireannach-Mheiriceánacha ar nós Philip Sheridan agus Thomas Francis Meagher, a raibh baint mhór acu le heasáitiú na nDúchasach. 

Leagtar béim sa chlár faisnéise fosta ar ghuthanna comhbhá agus tuisceana. Scrúdaíonn an t-ealaíontóir Choctaw, Waylon Gary White Deer, na naisc spioradálta agus stairiúla idir Náisiún Choctaw agus muintir na hÉireann, naisc atá fréamhaithe i dtráma an easáitithe a d’fhulaing siad beirt agus i síntiús cáiliúil Choctaw le linn an Ghorta Mhóir. 

Ar ndóigh, níor cheap gach imirceach Éireannach ná a sliocht gur naimhde iad na Chéad Náisiúin. Chonaic leithéidí Mhicí Mhic Gabhann, a rugadh i nDún na nGall, cosúlachtaí suntasacha idir streachailt na nDúchasach agus an cruatan a bhí sa bhaile in Éirinn. Bhí daoine eile ann, ar nós James Mooney—antraipeolaí Meiriceánach arbh as Éirinn dá thuismitheoirí—a chuaigh a chónaí i measc treibheanna cosúil leis na Lakota agus a thaifead a dtraidisiúin chultúir, meas mór á léiriú aige dá réir ar a n-iarrachtaí ar an fhéiniúlacht a chaomhnú ainneoin an fhoréigin choilínigh. 

Mar sin féin, bhí iarmhairtí tromchúiseacha ag friotaíocht na nDúchasach agus nuair a thángthas ar ór sna Black Hills naofa, méadaíodh ar an teannas nó gur troideadh Cogadh Mór na Sioux in 1876. Go leor de na hÉireannaigh a d’imigh ar imirce le linn an Ghorta Mhóir, chuaigh sé crua orthu obair a fháil i Meiriceá agus liostáil cuid acu in Arm na Stát Aontaithe. Ba dá ndualgais é, dá réir, an daonra Dúchasach a ghlanadh óna dtailte. Throid siad agus fuair go leor acu bás ar son Arm na Stát Aontaithe ag Cath Little Bighorn, ina measc an Captaen Myles Keogh, agus bhí go leor saighdiúirí Éireannacha i láthair arís ag Sléacht Wounded Knee. Ba é a d’admhaigh an marthanóir deireanach, Hugh McGinnis, níos faide anonn, go raibh sé cráite ag na huafáis a chonaic sé an lá sin.  

Críochnaíonn Éire agus Na Chéad Náisiúin le machnamh corraitheach ón staraí Lakota Dakota Wind Goodhouse, ina gceanglaítear traidisiúin ársa na hÉireann le traidisiún seanda Lakota agus ina dtugann sé gairm chumhachtach chun athmhuintearais agus cuimhneacháin. Is scannán ceannródaíoch é seo a thugann aghaidh ar dheighilt dhomhain laistigh de shícé na hÉireann. Bhí muid inár gcairde agus inár naimhde ag na Meiriceánaigh Dhúchasacha. I ndiaidh dúinn a bheith díbeartha ónár dtír féin, chuir muid fúinn ina dtír siúd. 

Lillis OÌ Laoire EÌire agus na CheÌ ad NaÌ

Read More

All News