Skip to content

Irish Language Broadcast Fund Development Funding

Development funding for Northern Ireland production companies creating Irish language television content for audiences in Northern Ireland and beyond.

Faoi Mhaoiniú Forbartha an CCG

Is féidir leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG) cuidiú le comhlachtaí léiriúcháin i dTuaisceart Éireann tionscadail teilifíse Gaeilge a fhorbairt i réimse leathan seánraí, lena n-áirítear ábhar atá le craoladh ar BBC Thuaisceart Éireann, TG4 agus RTÉ.

Is féidir tionscadail a mheas fosta gan craoltóir a bheith ag gabháil leo. Sna cásanna seo, beidh ar iarratasóirí a léiriú go bhféadfadh an t-ábhar lucht féachana leathan a shroicheadh.

Ní thacaíonn an CCG ach le líon beag tionscadail forbartha, agus féadann sé suas le 50% de bhuiséad iomlán na forbartha a mhaoiniú. Is gnách go gcuireann craoltóir an 50% eile ar fáil.

Cé atá in ann iarratas a chur isteach?

Tá maoiniú an CCG ar fáil do chomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann. Is féidir comhléiriúcháin a mheas fosta sa chás go bhfuil ar a laghad ceann amháin de na comhlachtaí léiriúcháin lonnaithe i dTuaisceart Éireann.

Ba cheart d’iarratasóirí iarracht a dhéanamh an oiread agus is féidir d’aisteoirí agus de chriú as Tuaisceart Éireann a bhfuil Gaeilge acu a fhostú.

Sula gcuireann siad iarratas isteach, ba cheart do chomhlachtaí critéir mhaoinithe an CCG a léamh agus teagmháil a dhéanamh le foireann an CCG chun an tionscadal s’acu a phlé. Ní ghlacann Scáileán Thuaisceart Éireann le scripteanna ná moltaí nár iarradh.

An dóigh le hiarratas a chur isteach

Sula gcuirfidh tú iarratas isteach ar Mhaoiniú Forbartha an CCG, tá dornán céimeanna tábhachtacha atá le déanamh.

  1. Léigh na treoirlínte agus na tosaíochtaí coimisiúnaithe: Léigh Treoirlínte an CCG, Tosaíochtaí an CCG agus na hachoimrí coimisiúnaithe ábhartha ó chraoltóirí chun riachtanais an chiste agus na tosaíochtaí coimisiúnaithe reatha a thuiscint.
  2. Déan teagmháil le foireann CCG le do thionscadal a phlé sula gcuireann tú iarratas isteach.

Déan teagmháil le hÁine Walsh, Príomhoifigeach Teanga agus Cultúir & Ceannaire an CCG; James Jamison Mac Lochlainn, Oifigeach an CCG; nó Doireann Nic Dhomhnaill, Bainisteoir an CCG, le cruinniú a eagrú le do thionscadal a phlé. Ní ghlacann Scáileán Thuaisceart Éireann le scripteanna ná moltaí nár iarradh.

Íoslódálacha Úsáideacha

Gabh i dteagmháil

About ILBF Development Funding

The Irish Language Broadcast Fund (ILBF) can help Northern Ireland production companies develop Irish language television projects across a wide range of genres, including content intended for broadcast on BBC Northern Ireland, TG4 and RTÉ.

Projects can also be considered without a broadcaster attached. In these cases, applicants will need to demonstrate the potential for the content to reach a wide audience. The ILBF supports a small number of development projects and can fund a maximum of 50% of the overall development budget, with a broadcaster generally providing the remaining 50%

WHo Can apply?

ILBF funding is open to Northern Ireland-based independent production companies. Co-productions may also be considered where at least one of the production companies is based in Northern Ireland.

Applicants should place an emphasis on maximising the use of Irish-speaking Northern Ireland cast and crew.

Before applying, companies should review the ILBF funding criteria and contact the ILBF team to discuss their project. Northern Ireland Screen does not accept unsolicited scripts or proposals.

How to apply

Before applying for ILBF Development Funding, there are a few important steps to take before submitting your application.

  1. Review the guidance and commissioning priorities: Read the ILBF Guidelines, ILBF Priorities and relevant broadcaster commissioning briefs to understand the fund requirements and current commissioning priorities.
  2. Contact the ILBF team to discuss your project before submitting

Get in touch with Áine Walsh, Chief Language and Cultural Officer & Head of the ILBF; James Jamison Mac Lochlainn, ILBF Officer; or Doireann Nic Dhomhnaill, ILBF Manager to arrange a meeting to discuss your project. Northern Ireland Screen does not accept unsolicited scripts or proposals.

Useful Downloads & Links

BBC Gaeilge Commissioning Brief September 2025

Download

Get IN TOUCH

Áine Walsh

Chief Language & Cultural Officer and Head of the Irish Language Broadcast Fund

Doireann Nic Dhomhnaill

ILBF Manager

James Jamison Mac Lochlainn

ILBF Officer

Eve Ní Thuama

ILBF Officer (Temporary cover)