Tagann Crá, dráma Gaeilge a bhfuil duaiseanna buaite aici, ar ais go TG4 & BBC iPlayer

Tagann Crá, dráma Gaeilge a bhfuil duaiseanna buaite aici, ar ais go TG4 De Máirt, 3ú Samhain 2026, ag 9.30 in., leis na sé clár den tsraith úr ar fáil le sruthú ar TG4+ agus BBC iPlayer ar an oíche chéanna.

Fíbín Media agus Fíbín Films NI a léirigh an dara sraith de CRÁ do TG4 agus BBC Gaeilge le tacaíocht ó Fhís Éireann, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, Coimisiún na Meán agus na dáileoirí About Premium Content (APC).

D’éirigh thar barr ar fad leis an gcéad sraith, a díoladh le 68 tír ar fud an domhain faoin teideal idirnáisiúnta ‘Boglands’, agus fillfidh an tsraith nua ar Ghaoth Dobhair arís le haghaidh cás níos gruama, níos uaillmhianaí atá dírithe ar an nGarda Conall Ó Súilleabháin, a bhfuil Dónall Ó Héalaí sa bpáirt.

Bleachtaire faoi oiliúint anois é Conall agus beidh air aghaidh a thabhairt ar chásanna nua, a dhílseacht a cheistiú agus dul i ngleic le hiarmhairtí mar gheall ar an am atá caite. Fiosrófar saol pearsanta agus gairmiúil na ndaoine a chuireann an dlí i bhfeidhm i gceantar na teorann, áit nach dtugtar aon aird ar an dlí. Fuair an Garda Conall Ó Súilleabháin amach ag deireadh na chéad sraithe céard a tharla dá mháthair Sabine a bhfuarthas a corp curtha go mistéireach sa bportach.

Is sraith faoi iarmhairtí í seo, atá múnlaithe ag áit, atá cráite ag an am atá thart agus atá faoi threallús ag daoine a chaitheann an saol idir an mhaith agus an t-olc. Leanann CRÁ, ina bhfuil greann dubh, atá lán le castaí agus ar fiú féachaint air ó thús go deireadh, Conall i sraith a dó, atá ina bhleachtaire faoi oiliúint anois agus a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar a shaol san am atá caite ar mhaithe leis an todhchaí a dhaingniú.

Dúirt Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe i TG4: “Thaitin an chéad sraith de CRÁ go mór leis an lucht féachana agus is cúis ríméid dúinn é an tsraith a bheith ar ais arís. Cuirtear scéal nua fíorspéisiúil os ár gcomhair i sraith a dó, ina bhfuil foireann aisteoirí den scoth agus atá suite arís i gceantar álainn Ghaoth Dobhair, a mheall an lucht féachana sa chéad sraith. ”

Is é Philip Doherty stiúrthóir na sraithe agus tá sé i mbun stiúrtha ar gach ceann de na sé chlár (Redemption of Rogue, sraith 1 CRÁ).

Is iad Ciarán Charles agus Darach Ó Tuairisg thar ceann Fíbín Media agus Méabh Nic Alastair thar ceann Fíbín Films NI na léiritheoirí.
I mbun scríbhneoireachta ar an tsraith nua bhí Richie Conroy (CRÁ sraith a haon, Leonard & Hungry Paul), Sarah Gordon agus Damian McCann (Aontas), Noel McCann (Blue Lights) agus Philip Doherty (Stiúrthóir CRÁ sraith a haon), agus bhí Aoife Nic Ardghail, duine de na haisteoirí nua, ar an bhfoireann scríbhneoireachta chomh maith.

Craolfar an dara sraith de CRÁ den chéad uair ar TG4 Dé Máirt an 3 Samhain 2026.
Beidh an tsraith iomlán sé chuid ar fáil ar TG4+ , agus beidh rogha ag an lucht féachana an tsraith a leanúint ar bhonn seachtainiúil ar TG4 nó féachaint ar an tsraith iomlán ón gcéad lá.
Féach ar CRÁ (Sr 1)

An Léiritheoir Feidhmiúcháin Darach Ó Tuairisg, Fíbín Media: “Tá Fíbín Media thar a bheith sásta ‘CRÁ’ a thabhairt ar ais don dara sraith ag cur leis an spéis a cruthaíodh sa gcéad séasúr. Tá an-ríméad orainn a bheith ag obair arís le cliar iontach aisteoirí agus le criú na chéad sraithe, chomh maith le fáiltiú roimh dhaoine nua cumasacha ar an bhfoireann. Chuaigh an saol dorcha faoi leith a cruthaíodh i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana agus tá muid buíoch dár gcuid páirtnéirí uilig as an gcúnamh leanúnach ionas gur féidir an dráma sainiúil Gaeilge seo a léiriú. Tá i ndán gur mó arís an t-ábhar iontais a bhainfidh leis an dara sraith.”

Eddie Doyle, Ceannaire Ábhair Coimisiúnaithe, BBC Thuaisceart Éireann: “Táimid ar bís faoin dara sraith den choirscéinséir Gaeilge seo ó BBC Thuaisceart Éireann agus ó TG4 agus a bhfuil duaiseanna bainte aige a chur ar fáil don lucht féachana. Bhí an-tóir ag daoine ar an gcéad sraith agus tá súil agam go mbeidh fonn ar an lucht féachana féachaint ar gach aon chlár den tsraith gan srian nuair a bheidh an dara sraith de CRÁ le fáil ar an iPlayer.”

Fís Éireann: Kate McColgan – Ceannasaí Teilifíse: Táimid ríméadach go bhfuil CRÁ ag filleadh ar TG4 mí na Samhna seo. Cuireadh an lucht féachana ar fud an domhain mhóir faoi gheasa leis an gcéad sraith, lena léiriú cumhachtach agus a scéal fíorspéisiúil, agus bhain duaiseanna amach ar fud na cruinne agus díoladh an tsraith go hidirnáisiúnta le 68 tír. Táimid ar bís go bhfaigheadh an lucht féachana in Éirinn amach faoina bheidh ag tarlú i sraith 2, agus atá i ndán don tsraith seo agus tús á cur aici lena turas ar fud na cruinne. Tá Fís Éireann thar a bheith mórtasach tacú le saothar Fíbín Media agus Fíbín Films NI chun an coirdhráma Gaeilge uathúil seo a dhéanamh níos mealltaí.”

Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga agus Cultúir agus Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) le Scáileán Thuaisceart Éireann: “Cuireann filleadh CRÁ i mí na Samhna le fuinneamh an chéad shéasúir, a chuir an lucht féachana anseo ag baile agus ar fud na cruinne faoi dhraíocht. Léiríonn sé an dúil atá ag an lucht féachana i ndrámaíocht uaillmhianach, ardchaighdeáin na Gaeilge, dúil atá ag dul i méid chomh maith le teacht aniar earnáil drámaíochta na Gaeilge. Táimid mórtasach tacú le comhlachtaí áitiúla ar nós Fíbín Films NI agus Fíbín Media le beocht a chur sna scéalta seo. Tá léiriúcháin ar nós CRÁ thar a bheith tábhachtach le haghaidh fás earnála, chun deiseanna a chruthú do thallann, chun comhoibriú uile-oileáin a neartú, agus chun saibhreas na teanga, an chultúir agus an tírdhreacha a thaispeáint don lucht féachana ag baile agus ar fud na cruinne.”

Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán i gCoimisiún na Meán: “Tá mórtas ar Choimisiún na Meán tacú le CRÁ tríd an Scéim Fís & Fuaim. Is sampla atá sa tsraith de chaighdeán, cruthaitheacht agus uaillmhian léiriúcháin na Gaeilge, rud a thaispeánann an bealach inar féidir le maoiniú poiblí cabhrú le hábhar sainiúil a chur os comhair an lucht féachana ag baile agus ar fud na cruinne. Tá ról tábhachtach ag léiriúcháin ar nós CRÁ i gcur chun cinn na Gaeilge, i neartú earnáil na léiriúchán dúchasach agus i dtallann na hÉireann a chur chun cinn ar an stáitse idirnáisiúnta”.

Maidir le Premium Content (APC). – Laurent Boissel – Comh-POF agus Bunaitheoir: “Tá ríméad orainn go bhfuil CRÁ ag filleadh do Shraith 2, sraith a bhfuiltear ag tnúth go mór léi i bhfianaise chomh maith is a d’éirigh le Sraith 1 in Éirinn agus go hidirnáisiúnta araon. Is pribhléid atá ann an coirdhráma thar a bheith spéisiúil seo a chur ar ais ar an margadh idirnáisiúnta agus leanúint de cheiliúradh a dhéanamh ar shaibhreas na scéalaíochta, i gcomhpháirt le foireann chumasach Fíbín.

Award-Winning Irish-Language Crime Drama CRÁ Returns to TG4 & BBC iPlayer

CRÁ series two is produced by Fíbín Media and Fíbín Films NI for TG4 and BBC Gaeilge with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, Screen Ireland, Coimisiún na Meán and distributors About Premium Content (APC).

Following the breakout success of series one, which sold to 68 territories worldwide under the international title ‘Boglands’, the new series returns to Gaoth Dobhair with a darker, more ambitious story centred on Garda Conall Ó Súilleabháin, played by Dónall Ó Héalaí.

Now a trainee detective, Conall must navigate new cases, divided loyalties and the consequences of his past as the series explores the personal and professional lives of law enforcers operating in a lawless borderland.

Series one concluded with Garda Conall Ó Súilleabháin, discovering the truth about what happened to his mother, Sabine, whose body was found mysteriously buried in a bog.

This is a series about consequences, shaped by place, haunted by the past and driven by the people who inhabit the razor’s edge between good and evil. Darkly funny, twist laden and binge worthy, CRÁ series two follows Conall, who must confront his past in order to secure a future.

Máire Ní Chonláin, TG4 Commissioning Editor, said: “CRÁmade a strong impact with audiences in its first series and we are delighted to welcome it back. Series two brings a gripping new story, a brilliant cast and the distinctive Gaoth Dobhair setting that audiences connected with so strongly. ”

The series director is Philip Doherty who helms all six episodes (Redemption of Rogue, CRÁ series 1).

The producers are Ciarán Charles and Darach Ó Tuairisg for Fíbín Media and Méabh Nic Alastair for Fíbín Films NI.
Writers on the new series are Richie Conroy (CRÁ series one, Leonard and Hungry Paul), Sarah Gordon and Damian McCann (Aontas), Noel McCann (Blue Lights) and Philip Doherty (CRÁ series one Director), with new cast member Aoife Nic Ardghail also joining the writing team.

Executive Producer Darach Ó Tuairisg, Fíbín Media: ”Fíbín Media is delighted be bring ’CRÁ’ back for a second series, building on the incredible response to our first season. We’re thrilled to reunite with the exceptional cast and crew from series one, while also welcoming exciting new talent to the team. The dark, distinctive world we created resonated deeply with audiences, and we’re grateful for the continued support from all our partners to make this unique Irish-language drama possible. Series two promises to push boundaries even further.”

Eddie Doyle, Head of Content Commissioning, BBC Northern Ireland: “We’re excited to bring viewers the second instalment of this award-winning Irish-language crime thriller from BBC Northern Ireland and TG4. There was a great response to the first series and I hope audiences will want to binge the full boxset when CRÁ series two lands on iPlayer.”

Screen Ireland: Kate McColgan – Head of Television: ”We are delighted to see CRÁ return to TG4 this November. The first season, with its powerful performances and intriguing storyline, captivated audiences worldwide, winning awards around the world and selling to 68 territories internationally. We can’t wait for Irish audiences to find out what happens next in season 2, and to see where this series goes as it begins its journey around the world. Screen Ireland is very proud to support the work of Fíbín Media and Fíbín Films NI in making this unique Irish-language crime drama come to life.”

Áine Walsh, Chief Language & Cultural Officer and Head of the Irish Language Broadcast Fund at Northern Ireland Screen: “The return of CRÁ this November builds on the momentum of its first season, which captivated audiences at home and around the world. It reflects the growing audience appetite for ambitious, high-quality Irish language drama and the strength of the Irish language screen sector. We are proud to support local companies such as Fíbín Films NI and Fíbín Media in bringing these stories to life. Productions like CRÁ are an important driver of sector growth, creating opportunities for talent, strengthening all island collaboration, and showcasing the richness of our language, culture and landscapes to audiences locally and globally.”

Rónán Ó Domhnaill, Media Development Commissioner at Coimisiún na Meán: “Coimisiún na Meán is proud to have supported CRÁ through the Sound & Vision Scheme. The series exemplifies the quality, creativity and ambition of Irish-language production, demonstrating how public funding can help bring distinctive content to audiences at home and around the world. Productions such as CRÁ play an important role in promoting the Irish language, strengthening the indigenous production sector, and showcasing Irish talent on an international stage”.

About Premium Content (APC). – Laurent Boissel – Joint CEO & Founder: “We’re absolutely delighted that CRÁ is returning for a highly anticipated Season 2 following the success of Season 1 both locally and internationally. It’s a privilege to bring this compelling crime drama back to the international market and continue celebrating the richness of its storytelling, in partnership with the talented team at Fíbín.”

Read More

All News