Join Tomaí Rua on a journey beneath the surface of everyday life as he offers a window into something more subtle, otherworldly, unseen: our search for tranquillity, the inner world, spirituality.

‘Idir Chroí agus Anam’ was produced with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, and with the assistance of the team at NÓS magazine.

Throughout the series, Tomaí shares open and honest conversations with exceptional guests about different wisdom traditions, their perspectives on the mystery of existence, and spiritual practices from every corner of the planet.

Their wise words provide both food for reflection and inspiration for every traveller on life’s journey.

Those featured on ‘Idir Chroí agus Anam’ are acclaimed author Michael Harding, yoga teacher Jenny Ní Ruiséil, parish priest Fr Brian Ó Fearraigh, poet Siobhán de Paor, writer Antain Mac Lochlainn, and singer Pádraigín Ní Uallacháin.

The series is available now on Spotify and Apple Podcasts and will also be broadcast on Raidió Fáilte in early 2026.

Idir Chroí agus Anam: podchraoladh nua faoin spioradáltacht le Tomaí Rua

Téigh ar aistear le Tomaí Rua agus é ag dul faoi dhromchla an tsaoil laethúil le léargas a thabhairt duit ar ábhar caolchúiseach, neamhshaolta, dofheicthe: is é sin tóraíocht uilíoch an tsuaimhnis, an domhan inmheánach, an spioradáltacht.

Rinneadh ‘Idir Chroí agus Anam’ le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann, agus le cuidiú fhoireann na hirise NÓS.

Le linn na sraithe bíonn comhráite oscailte ionraice ag Tomaí le haíonna den scoth faoi thraidisiúin éagsúla ghaoise, faoin dearcadh atá acu ar mhistéir na beatha, agus faoi chleachtaí spioradálta ó cheann ceann na Cruinne.

Tá lón machnaimh le fáil ina gcuid focal feasa, sin agus ábhar misnigh do gach taistealaí ar thuras an tsaoil.

Is iad na daoine atá le cluinstin ar ‘Idir Chroí agus Anam’ ná an t-údar aitheanta Michael Harding, an múinteoir ióga Jenny Ní Ruiséil, an sagart paróiste an tAthair Brian Ó Fearraigh, an file Siobhán de Paor, an scríbhneoir Antain Mac Lochlainn, agus an t-amhránaí Pádraigín Ní Uallacháin.

Is féidir éisteacht leis an tsraith anois ar Spotify agus Apple Podcasts, agus craolfar í ar Raidió Fáilte ag tús 2026.

Read More

All News