Cúis áthais do Raw Nerve Productions agus Dearcán Media a fhógairt go seolfar Táin Bó Cuailnge ag Féile Scannán an Fheabhail Dé Céadaoin 25 Samhain.

As cumas agus tuiscint an dúchais a d’eascair an scannán seo a chuireann móreipic na hÉireann os comhair lucht féachana ár linne; é scríofa ag Darach Ó Scolaí, stiúrtha agus beochanaithe ag John McCloskey, agus guthaithe ag Bríd Ní Neachtáin (an bhanríon Méabh), Macdara Ó Fátharta (an rí Ailill), Eoghan Mac Giolla Bhríde (Cú Chulainn), Eoin Ó Dubhghaill (Feardia), Dónall Mac Giolla Chóill (Fearghas) agus Brídín Ní Mhaoldomhnaigh (Macha). 

Léiriú de chuid Raw Nerve Productions & Dearcán Media do TG4 agus BBC Gaeilge, le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Northern Ireland Screen agus Coimisiún na Meán. 

Le mallacht Mhacha ar ghaiscígh na nUltach a thosaíonn an scannán, mallacht a fhágann buailte ag tinneas iad in am na práinne. 

Is i leaba ríoga rí agus bhanríon Chonnacht a thagann an phráinn sin chun cinn nuair a théann Méabh agus Ailill in iomaíocht le chéile faoina a gcuid maoine. Tá an bheirt ar comhchéim i ngach aon ní seachas aon ní amháin, tarbh bán Ailealla. 

Mórchúis Ailealla a spreagann Méabh chun tarbh a dhiongbhála a fhuadach ó na hUltaigh, an Donn Cuailnge, agus fios aici go mbeidh na hUltaigh gan chosaint mar gheall ar mhallacht Mhacha. 

Níl saor ón mhallacht sin ach aon laoch Ultach amháin, Cú Chulainn, agus is seisean a sheasann an fód in aghaidh na gConnachtach. I gcomhraic aonair, troideann sé le gaiscíoch i ndiaidh gaiscígh fad is atá arm na gConnachtach ag breith an tairbh leo thar Sionainn siar go Connachta. 

Is sa dún ríoga i Ráth Cruachan a throidtear an comhrac cinniúnach deiridh nuair a thugann tarbh Ailealla aghaidh ar Dhonn Cuailnge Mhéibhe. 

A deir an scríbhneoir Darach Ó Scolaí, “Tá mé an-bhródúil as an mbeochanú breá seo a chuireann Táin Bó Cuailnge faoi bhráid sean is óg araon, in Éirinn agus thar lear. Saothar ealaíne é scannán John McCloskey a dhéanann athnuachan ar mhóreipic na hÉireann, dúinn féin agus don domhan mór, agus a chuireann lúb nua i slabhra na Tána.”  

Táin Bó Cuailnge ag Féile Scannán an Fheabhail Dé Céadaoin 25 Samhain, 6pm.

Raw Nerve Productions and Dearcán Media are delighted to announce the launch of Táin Bó Cuailnge at the Foyle Film Festival on Wednesday 25th November.

Based on a script by Darach Ó Scolaí, directed and animated by John McCloskey, and featuring the voices of Bríd Ní Neachtáin as Queen Méabh, Macdara Ó Fátharta as King Ailill, Eoghan Mac Giolla Bhríde as Cú Chulainn, Eoin Ó Dubhghaill as Feardia, Dónall Mac Giolla Chóill as Fearghas and Brídín Ní Mhaoldomhnaigh as Macha, Táin Bó Cuailnge draws on exceptional indigenous talent and understanding to bring Ireland’s foremost epic tale to a modern audience.

Táin Bó Cuailnge is a Raw Nerve Productions & Dearcán Media production for TG4 and BBC Gaeilge, with support from the Irish Language Broadcast Fund, Northern Ireland Screen and Coimisiún na Meán.  

In a short prologue, Táin Bó Cuailnge depicts how Macha came to curse the fighting men of Ulster – that they would be laid low with sickness when under attack. 

Many years later Méabh and Ailill, the Queen and King of Connacht, quarrel over the value of their possessions. It transpires that they are equal in all things bar one – Ailil’s ownership of a magnificent white bull. 

His foolish boasting prompts Méabh to seize its only equivalent – the famed brown bull of Cooley in south east Ulster, safe in the knowledge that Macha’s ancient curse means the warriors of Ulster are unable to defend themselves. 

Only the boy warrior Cú Chulainn is exempt, and acting as Ulster’s sole defender, he takes on champion after champion in single combat, as the army of Connacht enters Ulster and drives the brown bull back across the Shannon. 

At the royal enclosure at Ráth Cruachan, the two great bulls of Connacht and Ulster are forced to face off, with Méabh’s queenly honour at stake. 

Writer Darach Ó Scolaí comments, “I’m very proud of how this wonderful animation presents Táin Bó Cuailnge to a new audience of all ages both in Ireland and abroad.  John McCloskey’s exceptional artistic talent generates a new take on an Irish epic, on a local and global scale, and adds greatly to a new appreciation and interpretation of this ancient tale.”

See Táin Bó Cuailnge at the Foyle Film Festival on Wednesday 25th November, 6pm,

Image curtesy of Dearcán Media.

Read More

All News